Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Donegal Irish.
Title
Donegal Irish.
Author(s)
Ward, John.C,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IASGAIRE BHEAG BHEUL-ATH-SEANNAIGH. Continued. “Anois” ars eise “nuair a thiocfas m-athair chugat tráthnona taitneachaidh an uile rud leis a g-ceart agus bheurfaidh sé buidheachas mór duit acht na tabhair aird air, tá dúil aige do chur ann báis go foil agus bí air d'fhaithchil. Dearfaidh sé leat go bh-fuil triúr ingeanacha aige agus go d-tabhairfídh sé bean aca duit le pósadh agus a m-barach bhearfaidh sé síos ann a h-abhna thú agus dheanfaidh sé trí breic-gheala dhinn agus iarrfaidh sé ort do rógha a thoghadh. Fanachaidh mise shíos air thóin an phoill agus mas ail leat mé feudann tú breith orm. 'Na dhiaigh sin dheanfaidh sé trí mhadaidh uisge otters agus trí gheadhacha dhinn agus fanachaidh mise nios faide air siúbhal uait 'ná mo chuid deirbhsiúracha agus feudair breith orm ma's é do thoil é.” Thainic an maighistir anuas fa thuitim na h-oidhche, mar budh gnáthach leis agus nuair a chonnaic sé nach rabh locht le fághail aige air aon nídh thug sé buidheachas mór do Dhomhnall. “Ní do shearbhfhóghantach is cóir duitse a bheith” ars é “agus mar sin de bhearfaidh mise duine de mo thriúr ingheanacha duit le pósadh agus air maidin a m-barach caithfidh tú feuchail cia aca a bheidheas agat.” I ndiaigh an bhris-throsgaidh lá air na bharach thug an maighistir a thriúr ingheanacha síos go d-tí an abhainn agus righne 'na m-breic-gheala iad agus d' iarr air Dhomhnall a rógha a ghlacadh. Mar thug an bhean budh h-oige comhartha dho roimhe sin bhí a fhios aige go maith cia aca budh chóir do thogbhail. Mar a g-ceadna leis na geadhacha agus na madaidh uisge d'eirigh leis an bhean a b'oige a bheith leis a g-comhnuidhe, agus dubhairt an t- athair go g-caithfidh a b-pósadh an oidhche sin. Righneadh bainfheis agus cuireadh fa choinne sagairt meisi agus cleireach uisge agus pósadh an lánamhuin. Leig an bhean uirrí nach rabh móran spéis aicí ins an cheile a thoghadh a h-athair dí mar bhí a fhios aicí go n-deanfadh sé feall air Dhomhnall sul a m-beidheadh a bh-fad ann, agus nuair a fuair sí faill air d'iarr sí air a bheith air a chóimhead nuair a chuirfidh suas a luidhe é agus gan a dhul thar leic an dorais no gur urlar breugach a bhí ins an t-seómra agus go rachfadh sé síos leis co luath agus chuirfeadh sé cos air. Bugh ghoirid 'ndiaigh an mheadhon oidhche bhí sé nuair a h-iarradh air Dhomhnall a dhul a luidhe agus thaisbean an fear uasal é féin an t-seomra dho. Ghlac sé comhairle a mhná agus ní dhea- chaidh sé asteach thar leic an dorais. Níor bh'fada bhí sé ann sin agus greim aige air an ursa gur thuit an tóin as an leaba bhí gleusta dhó. Nuair a bhí iomlan an teaglach (teaghlach) faoi shuaimhneas, thainic a bhean chuige agus d'iarr air a leanamhaint co luath gasta agus thiocfadh leis. Chuaidh an bhean óg amach agus ghleus sí brom- aistín maol a bhí ins an stabla, le diallaid, pillín agus srian agus chuaidh siad araon a mharcaidheacdh air. Cho luath agus mhothaigh na gearrain eile an bromaistín air siúbhal thosaidh siad aig sitreach no gur mhusgail siad an uile dhuine fa'n chaislean, agus anuair a cuir- eadh cuartughadh fuaras amach go rabh Dhomhnall agus a bean imithighthe leis an bromaistin agus nior bh'fada go deacaidh tóir 'na ndiaigh agus an duine uasal agus a bhean aig n-a g-ceann. (Le bheith leanta.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services