Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Donegal Irish.

Title
Donegal Irish.
Author(s)
Ward, John.C,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 128


IASGAIRE BHEAG BHEUL-ATH-SEANNAIGH.



Continued.



“Anois” ars eise “nuair a thiocfas m-athair chugat
tráthnona taitneachaidh an uile rud leis a g-ceart agus
bheurfaidh sé buidheachas mór duit acht na tabhair aird
air, tá dúil aige do chur ann báis go foil agus bí air
d'fhaithchil. Dearfaidh sé leat go bh-fuil triúr ingeanacha
aige agus go d-tabhairfídh sé bean aca duit le pósadh
agus a m-barach bhearfaidh sé síos ann a h-abhna thú agus
dheanfaidh sé trí breic-gheala dhinn agus iarrfaidh sé
ort do rógha a thoghadh. Fanachaidh mise shíos air thóin
an phoill agus mas ail leat mé feudann tú breith
orm. 'Na dhiaigh sin dheanfaidh sé trí mhadaidh uisge
otters agus trí gheadhacha dhinn agus fanachaidh mise
nios faide air siúbhal uait 'ná mo chuid deirbhsiúracha
agus feudair breith orm ma's é do thoil é.” Thainic
an maighistir anuas fa thuitim na h-oidhche, mar budh
gnáthach leis agus nuair a chonnaic sé nach rabh locht
le fághail aige air aon nídh thug sé buidheachas mór do
Dhomhnall. “Ní do shearbhfhóghantach is cóir duitse a
bheith” ars é “agus mar sin de bhearfaidh mise
duine de mo thriúr ingheanacha duit le pósadh agus air
maidin a m-barach caithfidh tú feuchail cia aca a
bheidheas agat.”



I ndiaigh an bhris-throsgaidh lá air na bharach thug
an maighistir a thriúr ingheanacha síos go d-tí an
abhainn agus righne 'na m-breic-gheala iad agus d' iarr
air Dhomhnall a rógha a ghlacadh. Mar thug an bhean budh
h-oige comhartha dho roimhe sin bhí a fhios aige go maith
cia aca budh chóir do thogbhail. Mar a g-ceadna leis na
geadhacha agus na madaidh uisge d'eirigh leis an bhean a
b'oige a bheith leis a g-comhnuidhe, agus dubhairt an t-
athair go g-caithfidh a b-pósadh an oidhche sin. Righneadh
bainfheis agus cuireadh fa choinne sagairt meisi agus
cleireach uisge agus pósadh an lánamhuin. Leig an bhean
uirrí nach rabh móran spéis aicí ins an cheile a thoghadh a
h-athair dí mar bhí a fhios aicí go n-deanfadh sé feall air
Dhomhnall sul a m-beidheadh a bh-fad ann, agus nuair a
fuair sí faill air d'iarr sí air a bheith air a chóimhead
nuair a chuirfidh suas a luidhe é agus gan a dhul thar leic
an dorais no gur urlar breugach a bhí ins an t-seómra
agus go rachfadh sé síos leis co luath agus chuirfeadh sé
cos air.



Bugh ghoirid 'ndiaigh an mheadhon oidhche bhí sé
nuair a h-iarradh air Dhomhnall a dhul a
luidhe agus thaisbean an fear uasal é féin an
t-seomra dho. Ghlac sé comhairle a mhná agus ní dhea-
chaidh sé asteach thar leic an dorais. Níor bh'fada bhí sé ann
sin agus greim aige air an ursa gur thuit an tóin as an
leaba bhí gleusta dhó. Nuair a bhí iomlan an teaglach
(teaghlach) faoi shuaimhneas, thainic a bhean chuige agus
d'iarr air a leanamhaint co luath gasta agus thiocfadh
leis. Chuaidh an bhean óg amach agus ghleus sí brom-
aistín maol a bhí ins an stabla, le diallaid, pillín
agus srian agus chuaidh siad araon a mharcaidheacdh air.
Cho luath agus mhothaigh na gearrain eile an bromaistín
air siúbhal thosaidh siad aig sitreach no gur mhusgail
siad an uile dhuine fa'n chaislean, agus anuair a cuir-
eadh cuartughadh fuaras amach go rabh Dhomhnall agus a
bean imithighthe leis an bromaistin agus nior bh'fada
go deacaidh tóir 'na ndiaigh agus an duine uasal agus
a bhean aig n-a g-ceann.



(Le bheith leanta.)





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services