Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar d-teanga mar a labharthar í. I.
Title
Ar d-teanga mar a labharthar í. I.
Author(s)
Ó Laoghaire, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AR D-TEANGA MAR A LABHARTHAR Í. Lé Pádraig O'Laoghaire. I. Annsan uibhir seo de'n Irisleabhar is mian liom beagán de'n teanga mar atá sí la- bhartha fós i mBéara do chur síos. Chun san (chum sin) a dhéanamh, creidim ná fuil slighe níos feárr ná blas beag de chaint sgeuluidhe shuairc do chur os bhúr gcómhair, díreach mar a leig sé as a bheul bhinn é. Mícheál Thaidhg Óig (O'Murchadha) b'ainm do'n fear air a bhfuil mé ag labhairt: fear ísiol ba é, acht shaoil sé féin már mhair riamh duine níos tréine ná é; deimhnighim dhíbh, a léightheoiridhe, nár labhair sé poinn de'n fhírinne go lá a bháis, rud a thaisbeán fhad go follus annsan sgeul so. Bhí comhnuidhe Mhíchíl le h-ais Mhiosgais, agus do reub se cuid de bhun an chnuic air chuma go raibh feur bó nú a dhó aige. Do dhearbhuigh sé féin go minic gur dhéin sé na páirceanna chomh méith go bhfásfhach prátuidhe ionnta gan iad a chur in ao' chor. D'fhiar- fhuigh duine éinig dhe, uair, cionnus bhí na prátuidhe nuadha. “'Neosad san duit,” ars e-san, “bhíos am' shuidhe anns an tsiar ande lé h-ais ceann (cinn) de sna h-iomairidhibh, agus chualadh (chualas) an ceol is binne do chas abhránuidhe riamh. Lé teas na gréine, is amhla bhí na cnapáin a' troid, 's a' caint 's a' gleo mar seo:— “Druid amach orú! mo chás, mo chumha! Druid amach a's ná bí am' bhrughadh!” Soir liom go dtí an tig aig iarraidh ráine agus sgiathóg. Ní raibh an rán sa' dtalamh i g-ceart agam, nuair seo aníos gach aon chnastaire chomh mór le do cheann. Chuadhas a bhaile go seigiléartha, in high spirits- ní bhrisfheach ubh dhreoilín fé mo chosa — do nigheas mo phrá- tuidhe, agus do chuireas air an dteine iad. Do shuidheas air an suidhistín agus do dhear- gas mo phíopa. Ní raibh seach go leith tairgthe agam nuair seo na prátuidhe ag fiuchadh. Thógas iad air mo phógrás, agus i g-cionn tamaill do cuireag air an mbórd iad! Moladh go deo le Dia chuir chugham iad; b'iad an biadh breágh; níor itheas-sa a leithéididhe riamh, pé in Eirinn é agus ní íosfad go lá na leac, leis. Ní h-e sin féin, ach bhíodar ag gáiridhe liom, gan fios aca go rabhas aír tí na cúilfhiacla do luighe orra.” Uair eile d'éis teacht ó Shasana dhó, d'fhiarfuigh fear suarach dhe a bhfaghfhach sé féin aon nidh le déanamh ann. D'fheuch Mícheál air ó mullach talamh. Bhí an fear eile fé'n am ceudna le h-ais na teine dhá theigheadh féin, cia go raibh an ghrian ag golladh na g-crann le teas. Do phrioc cuil sa' tsróin é, ach tugadh bas dhó a chuir deire le n-a phriocadh. “An diabhal,” arsa Mícheál, da mbeidheach lais agat, creidim go g-coimeádfá na cuileanna ó sna hamanna bagúin a bhíonn air crochadh i dtigthtibh na Sasanach.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services