Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar d-teanga mar a labharthar í. I.

Title
Ar d-teanga mar a labharthar í. I.
Author(s)
Ó Laoghaire, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AR D-TEANGA MAR A LABHARTHAR Í.



Lé Pádraig O'Laoghaire.



I.



Annsan uibhir seo de'n Irisleabhar is mian
liom beagán de'n teanga mar atá sí la-
bhartha fós i mBéara do chur síos. Chun
san (chum sin) a dhéanamh, creidim ná fuil
slighe níos feárr ná blas beag de chaint
sgeuluidhe shuairc do chur os bhúr gcómhair,
díreach mar a leig sé as a bheul bhinn é.



Mícheál Thaidhg Óig (O'Murchadha) b'ainm
do'n fear air a bhfuil mé ag labhairt: fear
ísiol ba é, acht shaoil sé féin már mhair
riamh duine níos tréine ná é; deimhnighim
dhíbh, a léightheoiridhe, nár labhair sé poinn
de'n fhírinne go lá a bháis, rud a thaisbeán
fhad go follus annsan sgeul so.



Bhí comhnuidhe Mhíchíl le h-ais Mhiosgais,
agus do reub se cuid de bhun an chnuic air
chuma go raibh feur bó nú a dhó aige. Do
dhearbhuigh sé féin go minic gur dhéin sé na
páirceanna chomh méith go bhfásfhach prátuidhe
ionnta gan iad a chur in ao' chor. D'fhiar-
fhuigh duine éinig dhe, uair, cionnus bhí na
prátuidhe nuadha. “'Neosad san duit,” ars
e-san, “bhíos am' shuidhe anns an tsiar ande
lé h-ais ceann (cinn) de sna h-iomairidhibh, agus
chualadh (chualas) an ceol is binne do
chas abhránuidhe riamh. Lé teas na gréine,
is amhla bhí na cnapáin a' troid, 's a' caint
's a' gleo mar seo:—



“Druid amach orú! mo chás, mo chumha!
Druid amach a's ná bí am' bhrughadh!”



Soir liom go dtí an tig aig iarraidh ráine
agus sgiathóg. Ní raibh an rán sa' dtalamh
i g-ceart agam, nuair seo aníos gach aon
chnastaire chomh mór le do cheann. Chuadhas
a bhaile go seigiléartha, in high spirits- ní bhrisfheach ubh
dhreoilín fé mo chosa — do nigheas mo phrá-
tuidhe, agus do chuireas air an dteine iad.
Do shuidheas air an suidhistín agus do dhear-
gas mo phíopa. Ní raibh seach go leith
tairgthe agam nuair seo na prátuidhe ag
fiuchadh. Thógas iad air mo phógrás, agus
i g-cionn tamaill do cuireag air an mbórd
iad! Moladh go deo le Dia chuir chugham
iad; b'iad an biadh breágh; níor itheas-sa a
leithéididhe riamh, pé in Eirinn é agus ní
íosfad go lá na leac, leis. Ní h-e sin
féin, ach bhíodar ag gáiridhe liom, gan fios
aca go rabhas aír tí na cúilfhiacla do luighe
orra.”



Uair eile d'éis teacht ó Shasana dhó,
d'fhiarfuigh fear suarach dhe a bhfaghfhach sé
féin aon nidh le déanamh ann. D'fheuch
Mícheál air ó mullach talamh. Bhí an fear
eile fé'n am ceudna le h-ais na teine dhá
theigheadh féin, cia go raibh an ghrian ag
golladh na g-crann le teas. Do phrioc
cuil sa' tsróin é, ach tugadh bas dhó a chuir
deire le n-a phriocadh. “An diabhal,” arsa
Mícheál, da mbeidheach lais agat, creidim go
g-coimeádfá na cuileanna ó sna hamanna
bagúin a bhíonn air crochadh i dtigthtibh na
Sasanach.”



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services