Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dán do Naomh Pádraig.
Title
Dán do Naomh Pádraig.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DÁN DO NAOMH PÁDRAIG. I. Ceud slán do Naomh Pádraig, árd-apstol na Fodhla! 'Sé thug d'ár d-tír dhúthchuis an sláin-chreideamh fíor; Ceud moladh do'n Treuduidhe do mhúin dhúinn an seoladh A dhéanas dínn daoine go fírinneach saor. Lé cruinn-cheudthaibh bliadhain, i smigth' 's i ndeor- bhraoin, Do bhí sé 'nár bhfarradh, 'na ursain go mbrigh, Cuaidh cách eile air fán, acht Pádraig amháin — Do bhí againn a lóchrainn i n-anró 'gus ceo; I ngeal-ghlóiribh ar g-creidimh — ní thig leo dul faoi — Tá ar nglóir is feárr againn, indiu mar fad ó, Agus coingeóchmuid creideamh 's lá Pádraig a choidhch.' II. Ní'l naomh air bith eile, 'gcúirt lonnraigh na bhFlaitheas, Is dílse ná é do thír áluinn a ghrádh', Gus an t-oileán d'ar cuireadh ó Dia 'n A mhaitheas, Tig leis a lá chaitheamh go mbród 's go mbláth. Air Neamh shuas i nglóir, go fíor d'a stór, Coingeóchaidh sé 'n t-éigcreideamh 'bhfad, 'bhfad ó n-a chró, Eigcreideamh na mbreug, is measa ná 'n t-Eug, O! sé dhíbreas é 'bhfad ó thráigh ghil ár g-cuan, Mar na nathracha nimhe do ruaig sé fad ó; 'Gus nuair nach mbéidh caithréim na bréige beo buan, Béidh Eire fós 'congbháil lae Pádraig go deo. III. Mar sin, maiseadh, ceurd is cóir dhúinn a dhéanadh Lé cruthughadh ar ndílse dhó, 's cumann ar g-cliabh? Do b'fheárr linn an mhairtíreacht féin go n-ilphlanadh, Ná tharraing ort náire, ar n-Athair 's ar Naoimh! Acht glacfaidh sé 'n geall, do bheirmid gan feall, Go bhfoillseóch'muid soiléir in ar mbeathaidh gan sgith An grian-sholus fíor thug sé dhúinn do shíor; Seadh! Pádraig na m-bachull, do d' chuid-se ní'l ann Aon leanbh nach lóchrann do ghrás in a shligh'; Oir is iad na fír-Eireannaigh — is iad-san amháin, 'M-bíonn a g-croidhe san áit cheart i lá Padraig a choidhch'. S. M. O'R.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services