Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dán do Naomh Pádraig.

Title
Dán do Naomh Pádraig.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DÁN DO NAOMH PÁDRAIG.



I.



Ceud slán do Naomh Pádraig, árd-apstol na Fodhla!
'Sé thug d'ár d-tír dhúthchuis an sláin-chreideamh fíor;
Ceud moladh do'n Treuduidhe do mhúin dhúinn an seoladh
A dhéanas dínn daoine go fírinneach saor.
Lé cruinn-cheudthaibh bliadhain, i smigth' 's i ndeor-
bhraoin,
Do bhí sé 'nár bhfarradh, 'na ursain go mbrigh,
Cuaidh cách eile air fán, acht Pádraig amháin —
Do bhí againn a lóchrainn i n-anró 'gus ceo;
I ngeal-ghlóiribh ar g-creidimh — ní thig leo dul faoi —
Tá ar nglóir is feárr againn, indiu mar fad ó,
Agus coingeóchmuid creideamh 's lá Pádraig a choidhch.'



II.



Ní'l naomh air bith eile, 'gcúirt lonnraigh na bhFlaitheas,
Is dílse ná é do thír áluinn a ghrádh',
Gus an t-oileán d'ar cuireadh ó Dia 'n A mhaitheas,
Tig leis a lá chaitheamh go mbród 's go mbláth.
Air Neamh shuas i nglóir, go fíor d'a stór,
Coingeóchaidh sé 'n t-éigcreideamh 'bhfad, 'bhfad ó n-a
chró,
Eigcreideamh na mbreug, is measa ná 'n t-Eug,
O! sé dhíbreas é 'bhfad ó thráigh ghil ár g-cuan,
Mar na nathracha nimhe do ruaig sé fad ó;
'Gus nuair nach mbéidh caithréim na bréige beo
buan,
Béidh Eire fós 'congbháil lae Pádraig go deo.



III.



Mar sin, maiseadh, ceurd is cóir dhúinn a dhéanadh
Lé cruthughadh ar ndílse dhó, 's cumann ar g-cliabh?
Do b'fheárr linn an mhairtíreacht féin go n-ilphlanadh,
Ná tharraing ort náire, ar n-Athair 's ar Naoimh!
Acht glacfaidh sé 'n geall, do bheirmid gan feall,
Go bhfoillseóch'muid soiléir in ar mbeathaidh gan
sgith
An grian-sholus fíor thug sé dhúinn do shíor;
Seadh! Pádraig na m-bachull, do d' chuid-se ní'l ann
Aon leanbh nach lóchrann do ghrás in a shligh';
Oir is iad na fír-Eireannaigh — is iad-san amháin,
'M-bíonn a g-croidhe san áit cheart i lá Padraig a
choidhch'.



S. M. O'R.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services