Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuireadh.
Title
Cuireadh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CUIREADH. Tá'n ghealach ag scapadh a glóire Air fhairrge, sliabh agus slighe, 'S a Mháire, a Mháire, an cóir é Bheith dúnta mar táir annsa tigh? O, éirigh, a Mháire Ní Chuirnín, Tá'n sean-chlog ag fuagairt an naoi; O, éirigh ód' thúrna, a mhuirnín, 'Gus tar liom, a stóirín mo chroidhe. Tá na reulta i m-bógha mór neimhe Ag smigeadh síos orrainn anocht, 's má táim-se faoi ghruaim no faoi dhuibhe, Ní liom-sa acht leat-sa an locht. O, éirigh, a Mháire Ní Chuirnín, A's feuch air ghlan-reuntaibh na h- oidhch', O, éirigh ód' thúrna, a Mhuirnín, 'Gus tar liom a stóirín mo chroidhe. Mar sheódaibh tá'n drúchd air an talamh, Is fliuch atá feur agus blath; Acht is tirm, is tinn, 'gus is folamh Tá m' chroidhe-se gan fliuchadh do ghrádh. O, éirigh, a Mháire Ní Chuirnín, Ní'l seód air an talamh ná faoi Chomh dealrach led' shúilibh, a mhuirnín, — O, tar liom, a stóirín mo chroidhe. Tá aoibhneas air nadúr go h-uile, Tá gáirdeas a's greann air gach taoibh, Tá bronntanais neimhe 'ga sileadh, 'Gus tusa mar sclábhuidhe ag sníomh. O, éirigh, a Máire Ní Chuirnín, Ní órduigheann Dia no'n dlighe Síor-shaothar do Chríosduighe, a mhuirnín, — O, tar liom, a stóirín mo chroidhe. Tá óige an bhaile i g-cruinniughadh, tá'n fidléir ag seinm go binn; Tá deireadh le foighide gach duine, 'S iad fad-uair ag fanamuint linn.
O, éirigh, a Mhaire Ní Chuirnín, Ní rabhais ag rince le mí; Och! fág do shean-thúrna, a mhuirnín, 'Gus tar liom, a stóirín mo chroidhe. Mo mhallacht gach lá a's gach oidhche Dó'n fhear rinn an cheud túrna mór, Go raibh sé gan suaimhneas a choidhche, 'S gach deamhan 'san domhan air a thóir. O, éirigh, a Mháire Ní Chuirnín, Ní'l dreach do chaomh-chrotha mar bhí; O, éirigh od' thúrna, a mhuirnín, 'Gus tar liom, a stóirín mo chroidhe. Tá'n ghealach ag soillsiughadh go lonnrach, Tá reulta na h-oidhche soilléir, A's seólfad thú slán thar an g-connlach, Má's trom leat an drúcd air an bh-feur. O, éirigh, a Mháire Ní Chuirnín, Bí trócaireach; éisd le mo ghuidhe, Och! fág do shean-thúrna, a mhuirnín, 'Gus tar liom, a stóirín mo chroidhe! “Pádraic“.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services