Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuireadh.

Title
Cuireadh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1892
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CUIREADH.



Tá'n ghealach ag scapadh a glóire
Air fhairrge, sliabh agus slighe,
'S a Mháire, a Mháire, an cóir é
Bheith dúnta mar táir annsa tigh?
O, éirigh, a Mháire Ní Chuirnín,
Tá'n sean-chlog ag fuagairt an
naoi;
O, éirigh ód' thúrna, a mhuirnín,
'Gus tar liom, a stóirín mo chroidhe.



Tá na reulta i m-bógha mór neimhe
Ag smigeadh síos orrainn anocht,
's má táim-se faoi ghruaim no faoi dhuibhe,
Ní liom-sa acht leat-sa an locht.
O, éirigh, a Mháire Ní Chuirnín,
A's feuch air ghlan-reuntaibh na h-
oidhch',
O, éirigh ód' thúrna, a Mhuirnín,
'Gus tar liom a stóirín mo chroidhe.



Mar sheódaibh tá'n drúchd air an talamh,
Is fliuch atá feur agus blath;
Acht is tirm, is tinn, 'gus is folamh
Tá m' chroidhe-se gan fliuchadh do ghrádh.
O, éirigh, a Mháire Ní Chuirnín,
Ní'l seód air an talamh ná faoi
Chomh dealrach led' shúilibh, a mhuirnín, —
O, tar liom, a stóirín mo chroidhe.



Tá aoibhneas air nadúr go h-uile,
Tá gáirdeas a's greann air gach taoibh,
Tá bronntanais neimhe 'ga sileadh,
'Gus tusa mar sclábhuidhe ag sníomh.
O, éirigh, a Máire Ní Chuirnín,
Ní órduigheann Dia no'n dlighe
Síor-shaothar do Chríosduighe, a
mhuirnín, —
O, tar liom, a stóirín mo chroidhe.



Tá óige an bhaile i g-cruinniughadh,
tá'n fidléir ag seinm go binn;
Tá deireadh le foighide gach duine,
'S iad fad-uair ag fanamuint linn.


L. 116


O, éirigh, a Mhaire Ní Chuirnín,
Ní rabhais ag rince le mí;
Och! fág do shean-thúrna, a mhuirnín,
'Gus tar liom, a stóirín mo chroidhe.



Mo mhallacht gach lá a's gach oidhche
Dó'n fhear rinn an cheud túrna mór,
Go raibh sé gan suaimhneas a choidhche,
'S gach deamhan 'san domhan air a thóir.
O, éirigh, a Mháire Ní Chuirnín,
Ní'l dreach do chaomh-chrotha mar bhí;
O, éirigh od' thúrna, a mhuirnín,
'Gus tar liom, a stóirín mo chroidhe.



Tá'n ghealach ag soillsiughadh go lonnrach,
Tá reulta na h-oidhche soilléir,
A's seólfad thú slán thar an g-connlach,
Má's trom leat an drúcd air an bh-feur.
O, éirigh, a Mháire Ní Chuirnín,
Bí trócaireach; éisd le mo ghuidhe,
Och! fág do shean-thúrna, a mhuirnín,
'Gus tar liom, a stóirín mo chroidhe!



“Pádraic“.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services