Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Donegal Irish.
Title
Donegal Irish.
Author(s)
Ward, John.C,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DONEGAL IRISH. J.C. WARD. IASGAIRE BHEAG BHEUL-ATH-SEANNAIGH. Continued. D'íarr sí air Dhomhnall a bheith aig siubhal thart go m-beidheadh am stada ann agus go d-tiocfadh an maighistir é féin anuas roimhe sin go bh-feicfeadh sé cad é mar chuaidh an obair ann (= chum) tosuigh. Bhearfaidh sé buidheachas mór duit nuair a chidhfidh sé go bh-fuil d'obair laé críoch-nuighthe agad acht na tabhair áird air óir cuirfidh sé cruaidh go leór ort go fóíl. Tharla mar dubhairt an bhean óg. Thainic an maighistir i d-tráth luidhe na gréine agus d'fhiafraigh de Dhomhnall rabh an boítheach cartuighthe agus an leithphíghin air fághail. “Tá” arsa Domhnal agus shín sé chuige an leithphíghin. “Maith thú” ars an maighistir “is tú an buachaill is feárr a fuair me le fada agus is dóighche liom go n- deanfaidh tú cúis.” Lá air n-a bhárach bhí Domhnall 'nna shuidhe go luath, acht budh luaithe 'ná sin d'eirigh an maighistir. “Cad é m'obair i ndiu“? arsa Domhnall. “Tá maise” ars an maighistir “crann gloineach glass a tá shíos in sin a bh-fuil nead air a bhárr agus ceithre ubh inntí; caithfidh tú dhul suas go bárr an chrainn agus na h- uibheacha thabhairt anuas gan aon cheann aca bhriseadh. Ma mhilleann tú no ma sgoilteann tú an crann agus muna rabh (bh-fuil) na h-uibheacha agad damh báinfidh me an ceann díot anocht.” D'imthigh Domhnal ansoir to an áit ann a rabh an crann acht nuair a thug sé iarraidh a dhul dá chómhair (near) thoisigh an crann aig briseadh agus aig sgoilteadh. Is ioma iarraidh a thug sé dreapaireacht a dheanadh suas air an chrann acht ni rabh gar do ann; bhriseadh cuid de na geugaibh leis an g-cómhnuidhe agus b'eigin do stad fa dheireadh agus suidhe sios cráidhte go leór. Nuair a righne sé sgíthisde rest d'feuch sé leis an nead a chreachadh arís acht nior eirigh leis, agus bhí sé aig siubhal thart fá an chrann, nuair a thainic an bhean óg le na dhínnear. D'iarr sí air suidhe síos agus go bh-feuchfadh seise an d-tiocfadh léithe na h-uibheacha a fhaghail. Indiaigh a dhínnear thug sí tuadh do Dhomhnall agus dubhairt leis go g-caithfeadh sé ceithre ceathramhnacha a dheanadh dhí agus a g-cur thart fa an chrann agus go n-eireóchadh leis na h-uibheacha a thabhairt anuas. “B'fheárr liom an ceann a chailleadh 'ná sin a dheanadh” ars eisean. “Chó n'il gar á g-caint” ars eise, “caithfidh tú an rud a deirim leat a dheanadh nó muna n-deanair ní thig liom-sa ná leat-sa na h-uibheacha a fhághail agus bainfear an ceann díot-sa anocht agus ni thug mise ó'n bhaile thú le do bhás a tharraingt ort; mar sin de, dean mar iarraim ort. So buideal íoc-shláinte agus cuimil damh é nuair a thiocfas tú anuas agus beidh mise có slán, fallain agus bhidheas aríam”. Gidh gur mór a chuaidh sé anághaidh thóla Dhomhnaill a leithid sin de dhroch-bhuile ill-usage a thabhairt uirrí, ghlac sé a cómhairle agus d'eirigh leis a dhul suas air an chrann. Nuair a tháinic sé anuas chuimil sé an íoc-shláinte do'n mnaoi óig agus sheas sí suas có maith agus bhí aríamh. Chur sí cuntas air na h-uibheacha agus ní bh-fuair sí ann acht triúr agus d'fhiosruigh sí de Dhomhnall cad é d'eirigh do'n cheann eile nó ar bhris sé é. Dubhairt sé gur bhrís. Rug sí air an tuadh agus gheárr sí an ladhar bheag dí féin agus righne sí ubh dhe. “Bí aig siubhal thart go d- tí an tráthnóna” ar si “agus tiocfaidh m'athair chugad agus nuair a chidhfidh sé go bh-fuil na h-uibheacha agad dó, bhearfaidh sé buidheachas mór duit acht bí air d'fhaichil (= faicil) roimhe nó cuirfidh sé geur ort go fóil.” Thainic an maighistir agus thug Domhnall na h-uibheacha dho. “Is tú an buachaill is feárr a bhí agam ariamh” ar sé. An tríomhadh lá bhí an maighistir 'nna shuidhe roimh Dhomhnall, mar budh ghnáthach, agus nuair a d'fhiafruigh sé, “cad é tá le deanadh agam indiu”? thaisbean an maighistir árdan bán dó agus dubhairt leis go g-
caithfeadh sé caislean agus cúirt a dheanadh ann, le bealaighe móra agus ballaidhe, abhuill (úbhall-ghort) agus gárrdha a m-beidheadh an uile chineal crann agus luibh annta d'ar fhás aríamh i n-garrdha duine uasail agus muna m-beidh sin deanta agad roimh an oidhche bainfidh mise an ceann díot,” ár sé. Thug Domhnal leis a chuid óirneis agus thoisigh air an árdan bán agus d'oibrigh chó cruaidh agus thainic leis, acht is mó bheidheadh sgríobhtha aig cearc i d-taobh claoidhe lá gréine 'ná bhí glanta amach aige nuair a thainic inghean a mhaighistir lé n-a dhínnear chuige. D'iarr sí air suidhe síos agus a dhínnear a dheanadh agus go bh- feuchfadh seise cad é thiocfadh leithe a dheanadh. Tharraing sí ceirtlin de shnádh shíoda as a póca agus thómhas sí thart fad agus leathad an chaisleain leithe agus ní luaithe bhí sin deanta 'ná d'eirigh suas caislean bréagh áluinn a bhí maith go leór aig righ Eireann. Mar a g- ceadna leis an abhuill agus leis an uile rud d'ar iarr a h-athair a bheith deanta, leag sí an snáidhe síoda thart air agus d'eirigh sé suas réidh, críoch-nuighthe, air dhóigh nach rabh locht no spíd fault le faghail orrtha aig aon neach faoi an domhain. (Lé bheith leanta).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services