DONEGAL IRISH.
J.C. WARD.
IASGAIRE BHEAG BHEUL-ATH-SEANNAIGH.
Continued.
D'íarr sí air Dhomhnall a bheith aig siubhal thart go
m-beidheadh am stada ann agus go d-tiocfadh an
maighistir é féin anuas roimhe sin go bh-feicfeadh sé cad
é mar chuaidh an obair ann (= chum) tosuigh. Bhearfaidh
sé buidheachas mór duit nuair a chidhfidh sé go bh-fuil
d'obair laé críoch-nuighthe agad acht na tabhair áird air
óir cuirfidh sé cruaidh go leór ort go fóíl. Tharla
mar dubhairt an bhean óg. Thainic an maighistir i
d-tráth luidhe na gréine agus d'fhiafraigh de Dhomhnall
rabh an boítheach cartuighthe agus an leithphíghin air fághail.
“Tá” arsa Domhnal agus shín sé chuige an leithphíghin.
“Maith thú” ars an maighistir “is tú an buachaill is
feárr a fuair me le fada agus is dóighche liom go n-
deanfaidh tú cúis.”
Lá air n-a bhárach bhí Domhnall 'nna shuidhe go luath, acht
budh luaithe 'ná sin d'eirigh an maighistir. “Cad é
m'obair i ndiu“? arsa Domhnall. “Tá maise” ars
an maighistir “crann gloineach glass a tá shíos in sin
a bh-fuil nead air a bhárr agus ceithre ubh inntí;
caithfidh tú dhul suas go bárr an chrainn agus na h-
uibheacha thabhairt anuas gan aon cheann aca bhriseadh.
Ma mhilleann tú no ma sgoilteann tú an crann agus
muna rabh (bh-fuil) na h-uibheacha agad damh báinfidh me
an ceann díot anocht.”
D'imthigh Domhnal ansoir to an áit ann a rabh an
crann acht nuair a thug sé iarraidh a dhul dá chómhair
(near) thoisigh an crann aig briseadh agus aig sgoilteadh.
Is ioma iarraidh a thug sé dreapaireacht a dheanadh suas
air an chrann acht ni rabh gar do ann; bhriseadh cuid de
na geugaibh leis an g-cómhnuidhe agus b'eigin do stad fa
dheireadh agus suidhe sios cráidhte go leór. Nuair a
righne sé sgíthisde rest d'feuch sé leis an nead a
chreachadh arís acht nior eirigh leis, agus bhí sé aig siubhal
thart fá an chrann, nuair a thainic an bhean óg le na
dhínnear.
D'iarr sí air suidhe síos agus go bh-feuchfadh seise an
d-tiocfadh léithe na h-uibheacha a fhaghail. Indiaigh a
dhínnear thug sí tuadh do Dhomhnall agus dubhairt leis
go g-caithfeadh sé ceithre ceathramhnacha a dheanadh dhí
agus a g-cur thart fa an chrann agus go n-eireóchadh
leis na h-uibheacha a thabhairt anuas. “B'fheárr liom
an ceann a chailleadh 'ná sin a dheanadh” ars eisean.
“Chó n'il gar á g-caint” ars eise, “caithfidh tú an rud
a deirim leat a dheanadh nó muna n-deanair ní thig
liom-sa ná leat-sa na h-uibheacha a fhághail agus bainfear
an ceann díot-sa anocht agus ni thug mise ó'n bhaile thú
le do bhás a tharraingt ort; mar sin de, dean
mar iarraim ort. So buideal íoc-shláinte agus
cuimil damh é nuair a thiocfas tú anuas agus beidh
mise có slán, fallain agus bhidheas aríam”. Gidh gur
mór a chuaidh sé anághaidh thóla Dhomhnaill a leithid sin
de dhroch-bhuile ill-usage a thabhairt uirrí, ghlac sé a
cómhairle agus d'eirigh leis a dhul suas air an chrann.
Nuair a tháinic sé anuas chuimil sé an íoc-shláinte do'n
mnaoi óig agus sheas sí suas có maith agus bhí aríamh.
Chur sí cuntas air na h-uibheacha agus ní bh-fuair sí ann
acht triúr agus d'fhiosruigh sí de Dhomhnall cad é d'eirigh
do'n cheann eile nó ar bhris sé é. Dubhairt sé gur bhrís.
Rug sí air an tuadh agus gheárr sí an ladhar bheag dí
féin agus righne sí ubh dhe. “Bí aig siubhal thart go d-
tí an tráthnóna” ar si “agus tiocfaidh m'athair chugad
agus nuair a chidhfidh sé go bh-fuil na h-uibheacha agad
dó, bhearfaidh sé buidheachas mór duit acht bí air d'fhaichil
(= faicil) roimhe nó cuirfidh sé geur ort go fóil.”
Thainic an maighistir agus thug Domhnall na h-uibheacha
dho. “Is tú an buachaill is feárr a bhí agam ariamh”
ar sé.
An tríomhadh lá bhí an maighistir 'nna shuidhe roimh
Dhomhnall, mar budh ghnáthach, agus nuair a d'fhiafruigh
sé, “cad é tá le deanadh agam indiu”? thaisbean an
maighistir árdan bán dó agus dubhairt leis go g-
caithfeadh sé caislean agus cúirt a dheanadh ann, le
bealaighe móra agus ballaidhe, abhuill (úbhall-ghort)
agus gárrdha a m-beidheadh an uile chineal crann agus
luibh annta d'ar fhás aríamh i n-garrdha duine uasail
agus muna m-beidh sin deanta agad roimh an oidhche
bainfidh mise an ceann díot,” ár sé.
Thug Domhnal leis a chuid óirneis agus thoisigh air an
árdan bán agus d'oibrigh chó cruaidh agus thainic leis,
acht is mó bheidheadh sgríobhtha aig cearc i d-taobh claoidhe
lá gréine 'ná bhí glanta amach aige nuair a thainic
inghean a mhaighistir lé n-a dhínnear chuige. D'iarr sí
air suidhe síos agus a dhínnear a dheanadh agus go bh-
feuchfadh seise cad é thiocfadh leithe a dheanadh. Tharraing
sí ceirtlin de shnádh shíoda as a póca agus thómhas sí
thart fad agus leathad an chaisleain leithe agus ní
luaithe bhí sin deanta 'ná d'eirigh suas caislean bréagh
áluinn a bhí maith go leór aig righ Eireann. Mar a g-
ceadna leis an abhuill agus leis an uile rud d'ar iarr
a h-athair a bheith deanta, leag sí an snáidhe síoda thart
air agus d'eirigh sé suas réidh, críoch-nuighthe, air dhóigh
nach rabh locht no spíd fault le faghail orrtha aig
aon neach faoi an domhain.
(Lé bheith leanta).