Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duthchaidh Bhreágh an Paoraigh.
Title
Duthchaidh Bhreágh an Paoraigh.
Author(s)
O'Laoghaire, Padruig,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DUTHCHAIDH BHREÁGH AN PAORAIGH. I. Cois na Leamhainne mar a ghnáthuígheann ba, caoirigh, agus gamhna, Caisídhe boga uachtair agus mór cuid de leamhnacht; Ó's trom 'na slaoda, agus feur glas go glúinibh, Agus céol binn breágh ag éanaibh gach aon mhaidin drúchta. II. Ní'l caora maidin drúchta gan cúpla 'c a'léimnigh; Ní'l bó maidin samhraidh gan gamhain le n-a taobh deas; Ní'l neach óg ná seanda gan foghluim agus beusa air; Ní'l abhall-ghort gan úbhlaibh, ná cárthan gan caora. III. Bídheann an nóinín deas, órdha ann, agus an meadar chum daithte, Niceóiris go h-árd ann, ag fás air na crannaibh Bídheann na braígh ann dhá g-cur i n-órd a d-tómas an pheacaidh, As dá n-abran na leómhain úd thug an glóir ós na flaithis. IV. Bídheann na laoigh breágh biadhta ann, a g-cion bliadhna ag na gamhnaibh, Agus na siorraigh 'na dhiaigh soin ag na fiadh- capaill gallda; Tarrai(n)g na h-Iarlain as na fhiaguídhe o'n lon(g)dun, Agus ceol binn, breágh spiaca thug dia dúin gan canntal. V. Bídheann gealach agus grian ann, bídheann Dia ann 'sa mháthair A's na dá absdol deug ann ag deanamh na cásga, Bidheann na h-aingil n-a n-diaigh ann 's is bhreagh iad a ngrasa, Agus trocaire ó Dhia chum an té thriallann chum a fhaghail ann. VI. 'Sh iomdha nídh breágh aerach air an d-tao- bheile dhrom-thana. An coinín mear éadtrom, ag léimnigh 'sa n-gaineamh. Úbhla cúmhartha a n-gáirdíníbh, mar a ghnáthuí- ghean siad meacain, Agus tighearnaídhe na d-tuatha ag siúbhal ann gach maidean. VII. Is iomdha crann breágh draíghean, dair do chídhmíd air an d-taobh úd, Fuinseóga fada díreach ag fás taoibh le n-a céile An chuach air bhárr craoibh' ann, ceól faoilin agus naosgaigh; Agus sin é mo chúntas air dhúthchaigh breágh an Paoraigh. PADRUIG O LAOGHAIRÉ Bidheann Mithceal n-a n-diaigh ann agus is dun-bhreagh é a gharda, Bideann trocaire o dhia ann do'n té thriallfadh chum a fhaghalta.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services