DUTHCHAIDH BHREÁGH AN PAORAIGH.
I.
Cois na Leamhainne mar a ghnáthuígheann ba,
caoirigh, agus gamhna,
Caisídhe boga uachtair agus mór cuid de
leamhnacht;
Ó's trom 'na slaoda, agus feur glas go
glúinibh,
Agus céol binn breágh ag éanaibh gach aon mhaidin
drúchta.
II.
Ní'l caora maidin drúchta gan cúpla 'c
a'léimnigh;
Ní'l bó maidin samhraidh gan gamhain le n-a
taobh deas;
Ní'l neach óg ná seanda gan foghluim agus
beusa air;
Ní'l abhall-ghort gan úbhlaibh, ná cárthan
gan caora.
III.
Bídheann an nóinín deas, órdha ann, agus an
meadar chum daithte,
Niceóiris go h-árd ann, ag fás air na
crannaibh
Bídheann na braígh ann dhá g-cur i n-órd a
d-tómas an pheacaidh,
As dá n-abran na leómhain úd thug an glóir
ós na flaithis.
IV.
Bídheann na laoigh breágh biadhta ann, a
g-cion bliadhna ag na gamhnaibh,
Agus na siorraigh 'na dhiaigh soin ag na fiadh-
capaill gallda;
Tarrai(n)g na h-Iarlain as na fhiaguídhe
o'n lon(g)dun,
Agus ceol binn, breágh spiaca thug dia dúin
gan canntal.
V.
Bídheann gealach agus grian ann, bídheann
Dia ann 'sa mháthair
A's na dá absdol deug ann ag deanamh na
cásga,
Bidheann na h-aingil n-a n-diaigh ann 's is
bhreagh iad a ngrasa,
Agus trocaire ó Dhia chum an té thriallann
chum a fhaghail ann.
VI.
'Sh iomdha nídh breágh aerach air an d-tao-
bheile dhrom-thana.
An coinín mear éadtrom, ag léimnigh 'sa
n-gaineamh.
Úbhla cúmhartha a n-gáirdíníbh, mar a ghnáthuí-
ghean siad meacain,
Agus tighearnaídhe na d-tuatha ag siúbhal ann
gach maidean.
VII.
Is iomdha crann breágh draíghean, dair do
chídhmíd air an d-taobh úd,
Fuinseóga fada díreach ag fás taoibh le
n-a céile
An chuach air bhárr craoibh' ann, ceól faoilin
agus naosgaigh;
Agus sin é mo chúntas air dhúthchaigh breágh
an Paoraigh.
PADRUIG O LAOGHAIRÉ
Bidheann Mithceal n-a n-diaigh ann agus is
dun-bhreagh é a gharda,
Bideann trocaire o dhia ann do'n té
thriallfadh chum a fhaghalta.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11