Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Druimín.
Title
Druimín.
Author(s)
O'Donohoe, Geoffry,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DRUIMÍN. Do bhí ag Seafra Caol Ua Donnchadha spáinnéirín speirgeach spórtamhail dár ba chomhainm Druimín, agus thárla cruach arbhar dá h-aithdhéanamh aige 'san iothlainn. Le linn na cruaiche do leagadh, do bhí an spáinnéirín ag spaid-fhiadhach air na luchaibh. Do léim ceann de na luchaibh air teitheadh ó'n g-cat a bhí dá d-tafan, isteach i m-beul Druimín, agus do thuit an spáinnéirín marbh ar an láthair. Annsoin adubhairt an duine uasal suairc síorghreannmhar a chuithche chaointe mar leanas:- I. Is brónach mo thocht Go tuirseach am' shlad, Is cró-lag mo chorp, Is deorach mo dhearc. II. Ní'l fuinniomh am' chois Mo spiorad is lag; Dá n-ithinn-se torc Ní mhuirfinn(mhaireobhainn) cearc. III. Is nimhneach mo ghol, Is coímhtheach mo chnead, Ag caoineadh mo chon Is cíochrach mo sgread. IV. Is sgeolaibh na sgol, I seodaibh na sean
I g-ceolthaibh na g-crot, Is ró-bheag mo ghean. V. Mo choileán gan bhaois, Mo ghreadán a bhás! Mé 'm dhonán da éis Ag gearán mo cháis. VI. A bhrúchtach níor bhorb, A ghnúsacht níor gharbh, Níor thuatach a thorann Ba ghiungach(gheanncach) a dhealbh. VII. Níor chúthal a cholg I súgradh na sealg; Ba lúthmhar a lorg I lúbaibh na learg. VIII. Mo choileán níor bhog, Is diombádhach a chríoch; Gé'r ghibanta a ghlór, Níor dhíoghbháil a ghníomh. IX. Is fuadrach go moch Do ghluaiseadh amach, Go suathadh a chorp Ní fhuaradh a chab. X. Do uallach a chor Ag sguabadh na sgart, Ag ruagadh na lon A bruachaibh a nead. XI. A thuitim lé luich Is misede mo rath; Dob' fhusaide 'dhul Dá d-tuiteadh lé cat. XII. Le buile, go moch Do ritheas amach, Gur lingeas 'san loch Míor fhilleas isteach. XIII. I n-doiribh an Rois, Ná i g-Cuimín na g-cros, Ní ithighinn am' chois Gan Druimín lé m'ais. XIV. I g-Cathair na g-cloch, Ós leacán na leacht, I bh-farradh mo chon Do chaithinn mo sheal. XV. 'Tan luighinn air mo leis, Do shíneadh lé m'ais, A dhlaoighthe do m' dheis Do chíorainn lé m'bhois. XVI. Ba theasuidhe a throid, Gé'r thanaidhe a neart; Ba neamh-chlaoidhte a chruth Ag casaoid lé cat. XVII. Ní thaobhadh an torc, Do chiapadh an chearc, Ní phianadh an broc Do chéasadh an t-arc XVIII. Ní chluithcheadh an míol, Do chlipeadh an t-uan; Ní lingeadh tar linn. Do thuiteadh 'san luaith. XIX. Do shleamhnuigh an luch 'Na dhrandal isteach, Ba gheangach(gheancach) a smut I d-teannta ag an g-cat. XX. Is ciach liom a chruth, A chliabh agus 'ailt, Aig fiachaibh an chnuic Dá stialladh lé h-airc.
NOTES. Coímhtheach = Comhaightheach, strange. gnúsacht = gnúis. X. 4 = as bruachaibh. Cluithchim = hunt. Clip, attach, injure. Aric now means the lizard; airc sléibhe in Donegal.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services