Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Druimín.

Title
Druimín.
Author(s)
O'Donohoe, Geoffry,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DRUIMÍN.



Do bhí ag Seafra Caol Ua Donnchadha
spáinnéirín speirgeach spórtamhail dár
ba chomhainm Druimín, agus thárla cruach
arbhar dá h-aithdhéanamh aige 'san iothlainn.
Le linn na cruaiche do leagadh, do bhí an
spáinnéirín ag spaid-fhiadhach air na luchaibh.
Do léim ceann de na luchaibh air teitheadh
ó'n g-cat a bhí dá d-tafan, isteach i m-beul
Druimín, agus do thuit an spáinnéirín marbh
ar an láthair. Annsoin adubhairt an duine
uasal suairc síorghreannmhar a chuithche
chaointe mar leanas:-



I.
Is brónach mo thocht
Go tuirseach am' shlad,
Is cró-lag mo chorp,
Is deorach mo dhearc.



II.
Ní'l fuinniomh am' chois
Mo spiorad is lag;
Dá n-ithinn-se torc
Ní mhuirfinn(mhaireobhainn) cearc.



III.
Is nimhneach mo ghol,
Is coímhtheach mo chnead,
Ag caoineadh mo chon
Is cíochrach mo sgread.



IV.
Is sgeolaibh na sgol,
I seodaibh na sean


L. 104


I g-ceolthaibh na g-crot,
Is ró-bheag mo ghean.



V.
Mo choileán gan bhaois,
Mo ghreadán a bhás!
Mé 'm dhonán da éis
Ag gearán mo cháis.



VI.
A bhrúchtach níor bhorb,
A ghnúsacht níor gharbh,
Níor thuatach a thorann
Ba ghiungach(gheanncach) a dhealbh.



VII.
Níor chúthal a cholg
I súgradh na sealg;
Ba lúthmhar a lorg
I lúbaibh na learg.



VIII.
Mo choileán níor bhog,
Is diombádhach a chríoch;
Gé'r ghibanta a ghlór,
Níor dhíoghbháil a ghníomh.



IX.
Is fuadrach go moch
Do ghluaiseadh amach,
Go suathadh a chorp
Ní fhuaradh a chab.



X.
Do uallach a chor
Ag sguabadh na sgart,
Ag ruagadh na lon
A bruachaibh a nead.



XI.
A thuitim lé luich
Is misede mo rath;
Dob' fhusaide 'dhul
Dá d-tuiteadh lé cat.



XII.
Le buile, go moch
Do ritheas amach,
Gur lingeas 'san loch
Míor fhilleas isteach.



XIII.
I n-doiribh an Rois,
Ná i g-Cuimín na g-cros,
Ní ithighinn am' chois
Gan Druimín lé m'ais.



XIV.
I g-Cathair na g-cloch,
Ós leacán na leacht,
I bh-farradh mo chon
Do chaithinn mo sheal.



XV.
'Tan luighinn air mo leis,
Do shíneadh lé m'ais,
A dhlaoighthe do m' dheis
Do chíorainn lé m'bhois.



XVI.
Ba theasuidhe a throid,
Gé'r thanaidhe a neart;
Ba neamh-chlaoidhte a chruth
Ag casaoid lé cat.



XVII.
Ní thaobhadh an torc,
Do chiapadh an chearc,
Ní phianadh an broc
Do chéasadh an t-arc



XVIII.
Ní chluithcheadh an míol,
Do chlipeadh an t-uan;
Ní lingeadh tar linn.
Do thuiteadh 'san luaith.



XIX.
Do shleamhnuigh an luch
'Na dhrandal isteach,
Ba gheangach(gheancach) a smut
I d-teannta ag an g-cat.



XX.
Is ciach liom a chruth,
A chliabh agus 'ailt,
Aig fiachaibh an chnuic
Dá stialladh lé h-airc.


L. 105


NOTES.



Coímhtheach = Comhaightheach, strange.
gnúsacht = gnúis.
X. 4 = as bruachaibh.
Cluithchim = hunt.
Clip, attach, injure.
Aric now means the lizard; airc sléibhe in Donegal.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services