Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iomramh Curaigh Mhaele Dhúin annso.
Title
Iomramh Curaigh Mhaele Dhúin annso.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IOMRAMH CURAIGH MHAELE DHUIN ANNSO. 1. Trí bliadhna agus seacht míosa is eadh do bhí sé ar seachrán ar an muir mhóir. 2. Do bhí fear mór-cludhamhail do Eoghan- acht Nionussa .i. Eoghanacht na n-Arann - Ailioll Faobhar Catha a ainm. Tréin-fhear é agus laoch-thighearna a theibhe agus a mhuintire féin ... Do chuaidh rí Eoghanachta ar creich i gcrích agus i g-cúigeadh eile, agus Ailioll Faobhar Catha i n-aontaidh leis ... Do chuaidh an rí d'a thír féin arís, tar éis creach do dhéanamh dhó agus gialla do bhreith leis; agus Ailioll 'na fhochair. 3. Goirid tar éis teacht d'a thír féin d'Ailioll, do mharbhadar creachadóiridhe Laighise é. Looiscid Dubh-chluain ós a chionn. 4. Rug bean Ailiolla mac d'a éis sin, agus thug sí ainm air. Mael Dhúin é. Rugadh an mac 'na dhiaidh sin ós ísiol dá ban-charaid, do bhainrioghain an righ, agus do hoileadh léithe-si é, agus adubhairt sí go m-ba h-í féin a mháthair. Mar sin, d'oil an aon bhanaltra eisean agus triur mac an righ in aen chliabhán, agus ar aenn chích, agus ar aon ghlúin. 5. Alainn, go deimhin, a dhealbh-san; agus atá amhrus air má bhí i g-colainn riamh aen-neach chomh h-álainn leis. D'fhás sé annsin go raibh 'na óg-laoch, go raibh sé oireamhnach d'armaibh gaisceadh. Ba mhór, an tráth sin, a shúbhachas, a mhacnas agus a chleasuidheacht. Do sháruigh sé gach aen-neach ins gach cluithche do ghnídís, idir caitheadh liathróideadh, agus rith agus léimnigh, agus cóimh-rith each. Ba leis, go dearbhtha, buaidh gach cluithche dhíobh-san. 6. Lá amháin, do ghabh formad amhas éigin do ghaiscidheach leis, gur 'ubhairt sé, “nach feasach d'aen-neach cía ar díobh thú, nach feasach d'aen-neach d'athair nó do mháthair, do bheith ag sárughadh orrain ins gach aon chluithche, má's ar ír, má's ar muir, má's ar fithchill bhidhmid ag comórtus leat!” 7. Do bhí Mael Dhúin 'na shost, óir do shaoil sé go d-í sin go m-ba mhac do'n righ é, agus do'n bhainrioghain, d'a mhuime. Adubhairt sé annsin lé n-a mhuime:- “Ní íosfad agus ní ólfad go n-innsi dam m'athair agus mo mháthair,” ar sé. “Acht,” ar sí, “cad
fá bhfuilir ag fiafruighe faoi sin? Ná leig do bhriathraibh na n-óglaoch n-díomu- sacg goilleamhain ort. Meise do mháthair,” ar sí, “ní mó searc a (g-coda) mac lé daoinibh na talmhan ioná do shearc-sa liom- sa.” “Do b'éidir sin,” ar seisean, acht tabhair dham fios m'athar agus mo mháthair féin.” 8. Do chuaidh a mhuime leis, 'na dhiaidh sin, gur fhág i láimh a mháthar é; gur agair sé air a mháthair annsin a athair d'innsint dhó. “Baoth,” ar sí, “an nidh athair aig iarraidh, óir, da m-b-eol duit d'athair, níorbh fheárr dhuit, agus níorbh fheárr leat é, óir is fada ó d'eug sé.” “Is feárr líom fios bheith agam air, ar chaoi ar bith,” ar sé. 9. Adubhairt sí a athair leis annsin go fírinneach. “Ailioll Faobhar Catha d'athair,” ar sí, “d'Eoghanacht Nionussa.” Do chuaidh sé 'na dhiaidh sin d'a athardha agus d'a thír féin, agus a chomhaltaidhe leis (agus ba h-óglaoich ionmhuine iad súd). Agus do bhí fáilte ag a mhuintir dhó, agus do chuireadar meisneach mhór ann. 10. Aimsir éigin 'na dhiaidh sin, do bhí roinn óglaoch i reilic chille Dhubh-chluana, ag caitheamh cloch (nirt). Do bhí cos Mhaele Dhúin 'na seasamh ar fhothrach na h-eag- laise, agus is thairsti do bhí sé ag caitheamh na cloiche. Fear nimh-theangthach éigin do mhuintir na cille, Bricne a ainm — adu- bhairt seisean lé Mael Dhúin:— “Ba fheárr dhuit díoghaltas do dhéanamh do'n fhear do loisceadh sonn (annso) ioná bheith ag caitheamh cloch thar a chnámhaibh loma loiscthe!” “Cia sin?” ar Mael Dhúin. “Ailioll,” ar sé, “d'athair féin.” “Ciad do mharbh é?” ar Mhael Dhúin. Adubhairt Bricne — “creach- adóiridhe do Laighis,” ar sé, “agus do mhillea- dar ar an m-ball so é.” Do léig sé an chloch uaidh annsin agus do chuir a bhrat uime agus do chuir a chulaith ghaisceadh air, agus ba bró- nach do bhí sé dhe. 11. Agus do lorg sé an t-eolas go Laighis, agus adubhradar an lucht eoluis leis, nach bh-fhuighbheadh sé dul acht ar muir. Do chuaidh sé annsin go Corcamruadh aig iarraidh ortha agus beannachta ar dhraoidh do bhí ann, go d-tosuigheadh sé lag déanadh báid. (Nuca ainm an Druadh, agus is uaidh ainmnighthear Boireann Nuca .i. Carraig Nuca.) Adu- bhairt seisean leis an lá a d-tosóchadh sé an bád, agus meud na foirne do rachadh innti, .i. seacht bh-fir deug; agus adubhairt leis gan duine ní ba mhó nó ní ba lugha ioná sin do dhul innti; agus adubhairt leis an lá a rachadh sé ar muir. 12. Annsin do righne Mael Dhúin bád trí-chroicneach, agus do bhí an dream, do bhí lé dul 'na fhochair réidh. Do bhí Gearmán, agus Diurán file, orra. 13. Do chuaidh sé ar muir annsin, an lá ar 'ubhairt an draoi leis imtheacht. 14. Mar do chuadar beagán ó thír, tar éis an t-seoil do thógbháil dóibh, is annsin thángadar a thriur comhalta .i. triur mac a oide agus a mhuime, do'n chuan 'n a ndiaidh, agus d'fhógradar air teacht chuca ar g-cúl arís 'n a g-coinne, go d-téidhdís leo. “Fillidh a bhaile; óir dá d-téidhmis ar g-cúl féin,” ar Mael Dhúin, “ní raghaidh liom-sacht a bh-fuil againn annso.” “Raghmuid-ne ad'dhiaidh ins an muir, go m-báidhfear sinn, muna d-tagair-se chugainn.” Do chuireadar iad féin a d-triur ins an muir, agus snámhuid i bh-fad ó thír. O do chonnairc Mael Dhúin an nidh sin, d'iompuigh sé chuca, 'n a g-coinne, chum nach m-báidhí iad, agus thug isteach ins an g-curach iad. 15. Do bhíodar an lá sin, go tráthnóna, aig iomramh, agus an oidhche 'n a dhiaidh sin go meadhon-oidhche, go bh-fuaradar dhá inis bheaga mhaola, agus dhá dhún ionnta; go g-cualadar amach as na dúbaibh fuaim agus foghar na meisce, agus na mileadhag maoidheamh [a
ngníomh]. Agus ba h-é so adubhairt fear aca lé fear eile:— “Congbhuigh uaim,” ar sé, “is tréine meise ioná thussa, óir is meise do mharbh Ailioll Faobhar Catha, agus do loisc Dubh-chluain air; agus ní righneadh olc dam d'a dhruim, go d-í so, lé n-a mhuintir; agus ní dheárnais-se a shamhail sin do ghníomh.” “Buaidh i lámhaibh an nidh so!” ar Gearmán, agus ar Diurán file; “is díreach thug Dia sinn agus do ghabh [stiur] ar m-báidín rómhainn. Téidhmis agus creachamuis an dá dhún so, ó d'fhoilldigh Dia ar náimhde ionnta.” 16. Mar do bhíodar ar na briathraibh sin, tháinic gaoth mhór orra, go rabhadar 'ga n-iomchur thar muir an oidhche sin go maidin. Agus ar maidin féin, ní fhacadar ír ioná talamhh, agus níorbh eol dóibh cá rachaidís. Is annsin adubhairt Mael Dhúin:— “Leigidh do'n bhád bheith 'n a chomhnuidhe, agus an taobh is áil lé Dia a thabhairt, tugaidh libh é.” Do thrialladar annsin amach ins an muir mhóir neamh-fhóircheannaigh, agus adubhairt Mael Dhúin lé n-a chomhaltaibh:— “Is sibh-se thug so orrain, ag bhur d-teilgean féin ins an g-curach, thar bhréithir an orthadóra agus an druadh adubhairt linn gan d'fhuirinn do dhul ins an g-curach acht a raibh again innti romhaibh-se.” Ní raibh freagra aca-san, acht bheith 'n a sost lé seal. 17. Trí lá agus trí h-oidhche dhóibh, agus ní fhuaradar ír ioná talamh. Annsin, maidin an treas lae, do chualadar foghar uatha i n-oirthuaidh. “Gáir thuinne lé ír í so!” ar Gearmán. An tan tháinic an solas dóibh annsin, do righneadar ar an ír. Mar do bhíodar ag caitheamh crann ag feuchain cia aca do rachadh i dír, is annsin tháinic sgata mór do sheangánaibh, agus gach seangán díobh chomh mór lé searrach, ar an d-tráigh chuca ar an muir. Ba mhian leo iad féin agus a soitheach d'ithe, agus teichid mar sin. Trí lá eile agus trí h-oidhche dhóibh agus ní fhacadar ír ioná talamh. 18. Maidin an treas lae do chualadar foghar tuinne lé tráigh, agus do chonacadar, lé solas an lae, inis mhór árd, agus forscamna 'n a timcheall 'magcuairt. Ba h-ísle gach forscaman díobh ioná an ceann ba ghoire dhó. Agus líne do chrannaibh 'n a timcheall, agus mórán d'eunaibh móra ar na crannaibh sin. Agus do chomhairligheadar lé chéile ag feuchain cia dhíobh do rachadh ag cuartughadh na h-inse, agus ag feuchain an rabhadar na na h-éin ceannsa. “Is meise rachas,” ar Mael Dhúin. Do chuaidh Mael Dhúin annsin, agus do chuartaigh an inis, agus ní fhuair aen-nidh d'olc innti; agus d'itheadar a sáith do na h-eunaibh, agus thugadar éin eile dhíobh isteach in a g-curach leo. 19. Trí lá agus trí oidhche dhóibh ar muir 'n a dhiaidh sin. Maidin an treas lae d'airigheadar inis mhór eile. Gainmheach a talamh. Mar thángadar go tráigh na h-inse, do chonnacadar ainmhidhe ins an inis mar (bheidheadh) each. Cosa con air, agus ingne geárra garbha, agus ba mhór an fháilte do bhí aige dhóibh; do bhí sé ag léimnigh'n bhfiadh- nuise, óir ba mhian leis iad féin agus a soitheach d'ithe. “Ní brónach atá sé romhainn,” ar Mael Dhúin, “triallamuis ar g-cúl ó'n inis.” Do ghnidhid an nidh sin; agus mar d'airigh an t-ainmhidhe iad ag teicheadh, do chuaidh sé ar an tráigh, agus do ghabh ag tochailt na trágha lé n-a ingnibh geura agus ag caitheamh urchur leo, agus níor shaoileadar-san go n- eulóchaidís uaidh. 20. D'iomradar i bhfad annsin, agus do chidhid inis mhór réidh uatha. Do chaitheadar croinn, agus do chuir droch-chrann ar Ghearmán dul ag feuchain ar an inis. “Rachamuid araon,” ar Diurán file, “ionnusgo dtagair-se liom-sa, uair eile, in inis ar bith chuirfeas an crann orm.” Do chuadar araon ar an inis. Mhór a meud agus a leithead, agus do chonnacadar faithche mhór fhada, agus lorga áidhbhéil-mhóra each uirri; meud seoil luinge i lorg crudha cach eich. Agus chonnacadar annsin, fós, blaosga cnódh mór, agus cnuic mhóra d'fhuighleach (na n-eudáil) d'fhág
daoine imdha 'n a ndiaidh. Ba heagal leo an nidh do chonnacadar; agus do ghlaodha- dar a muintir chuca d'fhicsin na neitheadh do channacadar, agus do chuadar uile go dian, dieithbhireach, (isteach) in a g-curach. Do thrialladar beagán ó thír, go bh-facadar sluagh mór ar an muir ag dul do'n inis, agus do chuireadar-san a n-eich ag rith le chéile tar éis teacht go faithche na h-inse dhóibh. Luaithe ioná an ghaoth gach each, agus ba mhór a ngleo agus a ngáir agus a bhfoghar, go g-cuala Mael Dhúin béimeanna na n-each-lasg aca agus gach a ndeireadh gach duine dhíobh:- “Tabhair leat an t-each glas!” “Tiomáin leat an capall donn thall!” “Tabhair leat an capall bán!” “Sé m'each-sa is luaithe!” “M'each-sa is feárr léim!” Mar do chualadar na briathra sin, d'imigheadar leo ar a ndícheall, óir ba dearbh leo go mba sluagh do dheamhnaibh do chonnacadar. 21. Seachtmhain iomlán dóibh, 'n a dhiaidh sin, aig iomramh in ocras agus i d-tart,go bhfuaradar inis mhór árd, agus teach mór innti ar thráigh na mara, agus doras as an tigh(ag dul amach) i machaire na h-inse, agus doras eile(ag dul isteach) ins an muir, agus comhla chloiche ar an doras sin. Do bhí poll tríd an doras sin, tríd a d-teilgidís tonnta na mara na bradáin isteach i lár an tighe sin. Do chuadar asteach ins an teach sin, agus ní fhuaradar aen-neach ann. Do chonnacadar annsin leabaidh cumhdachta do cheannfart (fhear) an tighe fein, agus leabaidh do ghach triur d'a mhuintir, agus biadh do ghach triur ar aghaidh gach leaptha, agus soitheach gloine agus deigh- leann ann, ar aghaidh gach leaptha, agus copán gloine ar gach soitheach. Do chaitheadar an biadh agus an leann annsin, agus thugadar buidheachas agus altughadh do Dhia, d'fhóir orra in a ngorta. 22. Nuair chuadar ó'n inis sin, do bhíodar seal mór (tamall fada) aig iomramh gan biadh, go h-ocrach, go bhfuaradar inis agus aill mhór 'n a timcheall ar gach taobh, agus coill chaol fhada innti, agus ba mhór a faide agus a caoile. Do ghlac Mael Dhúin slat 'n a láimh, 'nuair tháinic sé do'n choill sin, ag gabhail thairsti dhó. Trí lá agus trí oidhche do bhí an t-slat 'n a láimh agus an curach fá sheol lé taobh na h-aille, agus ar an treas ló fuair Mael dúin trí h-ubhla 'n a g-cnap ar rinn na slaite. Dhá fhichid oidhche dho chothuigh gach ubhall dhíobh iad. 23. Fuaradar inis eile annsin, agus sconnsa do chlochaibh 'n a timcheall. Mar do chuadar 'n a goire, d'eirigh ainmhidhe mór agus rithid sé thart timcheall na h-inse. Dar lé Mael Dhúin, ba luaithe ioná an ghaoth é, agus do chuaidh sé ar árd na h-inse 'n a dhiaidh sin, agus do “dhírigh sé corp” annsin, iodhon, a cheann shíos agus a chosa shuas, agus is amhlaidh do bhí sé — ag dul timcheall 'n a chroiceann, .i., an fheoil agus na cnámha aig iompóghadh, acht an croiceann ar an taobh amuigh gan cor- ruidhe. Nó, am eile, an croiceann ar an taobh amuigh aig iompóghadh air nós muilinn, agus na cnámha agus an fheoil 'n a g-comhnuidhe. Nuair do bhí se mar sin lé fada, d'eirigh 'n a sheasamh arís, agus rithidh timcheall na h-inse 'magcuairt, mar do righne sé ar d-tús. Do chuaidh do'n ionad ceudna arís, agus an uair so an leath d'á chroiceann do bhí shíos, is eadh do bhí gan corruidhe, agus an leath eile do bhí shuas aig im-rith 'magcuiart ar nós cloiche mhuilinn. Ba h-é sin do chleacht sé ag dul timcheall na h-inse. Do theich Mael Dhúin agus a mhuintir ar a láin-dícheall, agus d'airigh an t-ainmhidhe ag teicheadh iad, agus do chuaidh ar an tráigh go m-beireadh orra, agus do ghabh 'g a g-crútstadh, agus caithidh agus teilgidh clocha an chuain 'n a ndiaidh. Do chuaidh cloch dhíobh isteach ins an g-curach gur tholl sí sgiath Mhael Dhúin agus go ndeachaidh i ndruim-lorg (cíle) an churaigh. 24. Níor chian dóibh annsin go bhfuara- dar inis eile, agus í aoibhinn, agus mórán d'inmhidhthibh móra innti cosamhail lé h-eachaibh. Do bhainidis greim as taobhaibh a chéile, agus thugaidís leo an croiceann agus an
fheoil, go mbrisidís srutha fola foir-dhearga as a dtaobhaibh ionnus go raibh an talamh lán dí. Annsin d'fhágbhadar an inis sin go dian, deithbhireach. Do bhíodar brónach, gearánach, lag; agus níorbh eol dóibh cá thaobh ar domhan i rachaidís, nó cá h-áit i bhfuighbhidís cobhair, nó ír, nó talamh. 25. Rángadar annsin inis mhór eile, tar éis dóibh tuirse mhór, ocras, agus tart, do bheith orra; agus iad cortha, casaoideach, gan súil aca lé cobhair feasta. Mórán do chrannaibh ins an inis sin agus iad lán-torthach; ubhla móra órdha orra. Geárr-ainmhidhthe dearga mar mhucaibh fá na crannaibh sin; do théidhdís lé bun na g-crann, agus do bhuailidís na h-ubhla dhíobh, go n-ithidís iad. Ó mhaidin go luighe na gréine do ghnidhdís an nidh sin; ó luighe na gréine go maidin ní eirighdís ar aon chor, acht do bhídís in uamhaibh na talmhan. Mórán d'eunaibh ar snámh timcheall na h-inse sin 'magcuairt, ar an taobh amuigh. Ó mhaidin go nóin do shnámhaidís ní ba sia agus ní ba sia amach ó'n inis. Ó nóin go feas- car dó thigidís ní ghoire agus ní ba ghoire do'n inis, go dtéidhdís, tar éis luighe na gréine, ins an inis. Do lomaidís na hubhla annsin agus d'ithidís iad. “Téidhmis,” ar Mael Dhúin, “ins an inis i bhfuilid na h-éin; ní deacaire dhúinne ioná do na h-eunaibh.” Do chuaidh fear díobh annsin d'feicsin na h-inse, agus do ghlaodh seisean na fir eile chuige. Téith an talamh fá n-a g-cosaibh, agus níor feudadar áitiughadh innti ag a teas, óir ba tír teintridhe í, agus do theitheadh na h-ainmhidhthe an talamh ós a gcionn. Thugadar beagán do na h-ubhlaibh leo, agus téidhid in a g-curach cidh ba leasg (deacair) leo, óir níor dhíon é tar éis a d-tuirse, tar éis ocruis mhóir agus tar éis saothair ó thuinn go tuinn. An tan do bhí solas na maidne ann, do chuadar na h-éin ó'n inis ar snámh ar an muir. Leis sin, do thógbhaidís na h-ainmhidhthe teintidhe a g-cinn as a n-uamhaibh, agus d'ithidís na h-ubhla go luighe na gréine. An tan do cuirtí 'na n-uamhaibh iad do théidhdís na h-éin tar a n-éis d'ithe na n-ubhall. Do chuaidh Mael Dhúin agus a mhuintir annsin, agus do bhailigheadar a raibh do na h-ubhlaibh ann an oidhche sin. Do chonbhaidís na h-ubhla ocras agus tart uaidh chomh maith ceudna. Is annsin do líonadar a g-curach do na h-ubhlaibh mar ba mhaith leo, agus do thrialladar ar muir arís.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services