Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iomramh Curaigh Mhaele Dhúin annso.

Title
Iomramh Curaigh Mhaele Dhúin annso.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Gramhnaigh, Eoghan
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IOMRAMH CURAIGH MHAELE DHUIN
ANNSO.



1. Trí bliadhna agus seacht míosa is eadh do
bhí sé ar seachrán ar an muir mhóir.



2. Do bhí fear mór-cludhamhail do Eoghan-
acht Nionussa .i. Eoghanacht na n-Arann -
Ailioll Faobhar Catha a ainm. Tréin-fhear
é agus laoch-thighearna a theibhe agus a mhuintire
féin ... Do chuaidh rí Eoghanachta ar
creich i gcrích agus i g-cúigeadh eile, agus Ailioll
Faobhar Catha i n-aontaidh leis ... Do
chuaidh an rí d'a thír féin arís, tar éis creach
do dhéanamh dhó agus gialla do bhreith leis; agus
Ailioll 'na fhochair.



3. Goirid tar éis teacht d'a thír féin
d'Ailioll, do mharbhadar creachadóiridhe
Laighise é. Looiscid Dubh-chluain ós a
chionn.



4. Rug bean Ailiolla mac d'a
éis sin, agus thug sí ainm air. Mael
Dhúin é. Rugadh an mac 'na dhiaidh sin ós
ísiol dá ban-charaid, do bhainrioghain an
righ, agus do hoileadh léithe-si é, agus adubhairt
sí go m-ba h-í féin a mháthair. Mar sin,
d'oil an aon bhanaltra eisean agus triur
mac an righ in aen chliabhán, agus ar aenn chích,
agus ar aon ghlúin.



5. Alainn, go deimhin, a dhealbh-san;
agus atá amhrus air má bhí i g-colainn riamh
aen-neach chomh h-álainn leis. D'fhás sé
annsin go raibh 'na óg-laoch, go raibh sé
oireamhnach d'armaibh gaisceadh. Ba mhór,
an tráth sin, a shúbhachas, a mhacnas agus a
chleasuidheacht. Do sháruigh sé gach aen-neach
ins gach cluithche do ghnídís, idir caitheadh
liathróideadh, agus rith agus léimnigh, agus cóimh-rith
each. Ba leis, go dearbhtha, buaidh gach
cluithche dhíobh-san.



6. Lá amháin, do ghabh formad amhas éigin
do ghaiscidheach leis, gur 'ubhairt sé, “nach
feasach d'aen-neach cía ar díobh thú, nach
feasach d'aen-neach d'athair nó do mháthair,
do bheith ag sárughadh orrain ins gach aon
chluithche, má's ar ír, má's ar muir, má's
ar fithchill bhidhmid ag comórtus leat!”



7. Do bhí Mael Dhúin 'na shost, óir
do shaoil sé go d-í sin go m-ba mhac do'n
righ é, agus do'n bhainrioghain, d'a mhuime.
Adubhairt sé annsin lé n-a mhuime:- “Ní
íosfad agus ní ólfad go n-innsi dam m'athair
agus mo mháthair,” ar sé. “Acht,” ar sí, “cad


L. 100


fá bhfuilir ag fiafruighe faoi sin? Ná
leig do bhriathraibh na n-óglaoch n-díomu-
sacg goilleamhain ort. Meise do mháthair,”
ar sí, “ní mó searc a (g-coda) mac lé
daoinibh na talmhan ioná do shearc-sa liom-
sa.” “Do b'éidir sin,” ar seisean, acht
tabhair dham fios m'athar agus mo mháthair féin.”



8. Do chuaidh a mhuime leis, 'na dhiaidh sin,
gur fhág i láimh a mháthar é; gur agair sé air
a mháthair annsin a athair d'innsint dhó.
“Baoth,” ar sí, “an nidh athair aig iarraidh,
óir, da m-b-eol duit d'athair, níorbh fheárr
dhuit, agus níorbh fheárr leat é, óir is fada ó
d'eug sé.” “Is feárr líom fios bheith agam
air, ar chaoi ar bith,” ar sé.



9. Adubhairt sí a athair leis annsin
go fírinneach. “Ailioll Faobhar Catha
d'athair,” ar sí, “d'Eoghanacht Nionussa.”
Do chuaidh sé 'na dhiaidh sin d'a athardha agus
d'a thír féin, agus a chomhaltaidhe leis (agus ba
h-óglaoich ionmhuine iad súd). Agus do
bhí fáilte ag a mhuintir dhó, agus do chuireadar
meisneach mhór ann.



10. Aimsir éigin 'na dhiaidh sin, do bhí
roinn óglaoch i reilic chille Dhubh-chluana, ag
caitheamh cloch (nirt). Do bhí cos Mhaele
Dhúin 'na seasamh ar fhothrach na h-eag-
laise, agus is thairsti do bhí sé ag caitheamh na
cloiche. Fear nimh-theangthach éigin do
mhuintir na cille, Bricne a ainm — adu-
bhairt seisean lé Mael Dhúin:— “Ba fheárr
dhuit díoghaltas do dhéanamh do'n fhear do
loisceadh sonn (annso) ioná bheith ag
caitheamh cloch thar a chnámhaibh loma loiscthe!”
“Cia sin?” ar Mael Dhúin. “Ailioll,” ar
sé, “d'athair féin.” “Ciad do mharbh é?” ar
Mhael Dhúin. Adubhairt Bricne — “creach-
adóiridhe do Laighis,” ar sé, “agus do mhillea-
dar ar an m-ball so é.” Do léig sé an
chloch uaidh annsin agus do chuir a bhrat uime agus
do chuir a chulaith ghaisceadh air, agus ba bró-
nach do bhí sé dhe.



11. Agus do lorg sé an t-eolas go
Laighis, agus adubhradar an lucht eoluis leis,
nach bh-fhuighbheadh sé dul acht ar muir. Do
chuaidh sé annsin go Corcamruadh aig iarraidh
ortha agus beannachta ar dhraoidh do bhí ann,
go d-tosuigheadh sé lag déanadh báid. (Nuca
ainm an Druadh, agus is uaidh ainmnighthear
Boireann Nuca .i. Carraig Nuca.) Adu-
bhairt seisean leis an lá a d-tosóchadh sé
an bád, agus meud na foirne do rachadh innti, .i.
seacht bh-fir deug; agus adubhairt leis gan
duine ní ba mhó nó ní ba lugha ioná sin do
dhul innti; agus adubhairt leis an lá a
rachadh sé ar muir.



12. Annsin do righne Mael Dhúin bád
trí-chroicneach, agus do bhí an dream, do bhí lé
dul 'na fhochair réidh. Do bhí Gearmán, agus
Diurán file, orra.



13. Do chuaidh sé ar muir annsin, an
lá ar 'ubhairt an draoi leis imtheacht.



14. Mar do chuadar beagán ó thír, tar
éis an t-seoil do thógbháil dóibh, is annsin
thángadar a thriur comhalta .i. triur mac a
oide agus a mhuime, do'n chuan 'n a ndiaidh, agus
d'fhógradar air teacht chuca ar g-cúl arís
'n a g-coinne, go d-téidhdís leo. “Fillidh
a bhaile; óir dá d-téidhmis ar g-cúl féin,”
ar Mael Dhúin, “ní raghaidh liom-sacht a bh-fuil
againn annso.” “Raghmuid-ne
ad'dhiaidh ins an muir, go m-báidhfear sinn,
muna d-tagair-se chugainn.” Do chuireadar
iad féin a d-triur ins an muir, agus snámhuid
i bh-fad ó thír. O do chonnairc Mael Dhúin
an nidh sin, d'iompuigh sé chuca, 'n a g-coinne,
chum nach m-báidhí iad, agus thug isteach ins an
g-curach iad.



15. Do bhíodar an lá sin, go tráthnóna,
aig iomramh, agus an oidhche 'n a dhiaidh sin go
meadhon-oidhche, go bh-fuaradar dhá inis bheaga
mhaola, agus dhá dhún ionnta; go g-cualadar
amach as na dúbaibh fuaim agus foghar na
meisce, agus na mileadhag maoidheamh [a


L. 101


ngníomh]. Agus ba h-é so adubhairt fear
aca lé fear eile:— “Congbhuigh uaim,” ar
sé, “is tréine meise ioná thussa, óir is
meise do mharbh Ailioll Faobhar Catha, agus
do loisc Dubh-chluain air; agus ní righneadh olc
dam d'a dhruim, go d-í so, lé n-a mhuintir;
agus ní dheárnais-se a shamhail sin do ghníomh.”
“Buaidh i lámhaibh an nidh so!” ar Gearmán,
agus ar Diurán file; “is díreach thug Dia sinn
agus do ghabh [stiur] ar m-báidín rómhainn.
Téidhmis agus creachamuis an dá dhún so, ó
d'fhoilldigh Dia ar náimhde ionnta.”



16. Mar do bhíodar ar na briathraibh
sin, tháinic gaoth mhór orra, go rabhadar 'ga
n-iomchur thar muir an oidhche sin go maidin.
Agus ar maidin féin, ní fhacadar ír ioná
talamhh, agus níorbh eol dóibh cá rachaidís. Is
annsin adubhairt Mael Dhúin:— “Leigidh
do'n bhád bheith 'n a chomhnuidhe, agus an taobh
is áil lé Dia a thabhairt, tugaidh libh é.”
Do thrialladar annsin amach ins an muir
mhóir neamh-fhóircheannaigh, agus adubhairt
Mael Dhúin lé n-a chomhaltaibh:— “Is sibh-se
thug so orrain, ag bhur d-teilgean féin ins
an g-curach, thar bhréithir an orthadóra agus an
druadh adubhairt linn gan d'fhuirinn do dhul
ins an g-curach acht a raibh again innti
romhaibh-se.” Ní raibh freagra aca-san, acht
bheith 'n a sost lé seal.



17. Trí lá agus trí h-oidhche dhóibh, agus ní
fhuaradar ír ioná talamh. Annsin, maidin
an treas lae, do chualadar foghar uatha i
n-oirthuaidh. “Gáir thuinne lé ír í so!”
ar Gearmán. An tan tháinic an solas dóibh
annsin, do righneadar ar an ír. Mar do
bhíodar ag caitheamh crann ag feuchain cia
aca do rachadh i dír, is annsin tháinic
sgata mór do sheangánaibh, agus gach seangán
díobh chomh mór lé searrach, ar an d-tráigh
chuca ar an muir. Ba mhian leo iad féin agus
a soitheach d'ithe, agus teichid mar sin. Trí lá
eile agus trí h-oidhche dhóibh agus ní fhacadar ír
ioná talamh.



18. Maidin an treas lae do chualadar
foghar tuinne lé tráigh, agus do chonacadar,
lé solas an lae, inis mhór árd, agus forscamna
'n a timcheall 'magcuairt. Ba h-ísle gach
forscaman díobh ioná an ceann ba ghoire
dhó. Agus líne do chrannaibh 'n a timcheall,
agus mórán d'eunaibh móra ar na crannaibh
sin. Agus do chomhairligheadar lé chéile
ag feuchain cia dhíobh do rachadh ag cuartughadh
na h-inse, agus ag feuchain an rabhadar na
na h-éin ceannsa. “Is meise rachas,” ar Mael
Dhúin. Do chuaidh Mael Dhúin annsin, agus do
chuartaigh an inis, agus ní fhuair aen-nidh d'olc
innti; agus d'itheadar a sáith do na h-eunaibh, agus
thugadar éin eile dhíobh isteach in a g-curach leo.



19. Trí lá agus trí oidhche dhóibh ar muir
'n a dhiaidh sin. Maidin an treas lae
d'airigheadar inis mhór eile. Gainmheach a
talamh. Mar thángadar go tráigh na
h-inse, do chonnacadar ainmhidhe ins an inis
mar (bheidheadh) each. Cosa con air, agus ingne
geárra garbha, agus ba mhór an fháilte do bhí
aige dhóibh; do bhí sé ag léimnigh'n bhfiadh-
nuise, óir ba mhian leis iad féin agus a soitheach
d'ithe. “Ní brónach atá sé romhainn,” ar
Mael Dhúin, “triallamuis ar g-cúl ó'n
inis.” Do ghnidhid an nidh sin; agus mar
d'airigh an t-ainmhidhe iad ag teicheadh, do
chuaidh sé ar an tráigh, agus do ghabh ag tochailt
na trágha lé n-a ingnibh geura agus ag caitheamh
urchur leo, agus níor shaoileadar-san go n-
eulóchaidís uaidh.



20. D'iomradar i bhfad annsin, agus do
chidhid inis mhór réidh uatha. Do chaitheadar
croinn, agus do chuir droch-chrann ar Ghearmán
dul ag feuchain ar an inis. “Rachamuid
araon,” ar Diurán file, “ionnusgo
dtagair-se liom-sa, uair eile, in inis ar bith
chuirfeas an crann orm.” Do chuadar
araon ar an inis. Mhór a meud agus a leithead,
agus do chonnacadar faithche mhór fhada, agus lorga
áidhbhéil-mhóra each uirri; meud seoil luinge
i lorg crudha cach eich. Agus chonnacadar
annsin, fós, blaosga cnódh mór, agus cnuic
mhóra d'fhuighleach (na n-eudáil) d'fhág


L. 102


daoine imdha 'n a ndiaidh. Ba heagal
leo an nidh do chonnacadar; agus do ghlaodha-
dar a muintir chuca d'fhicsin na neitheadh
do channacadar, agus do chuadar uile go dian,
dieithbhireach, (isteach) in a g-curach. Do
thrialladar beagán ó thír, go bh-facadar
sluagh mór ar an muir ag dul do'n inis,
agus do chuireadar-san a n-eich ag rith le chéile
tar éis teacht go faithche na h-inse dhóibh.
Luaithe ioná an ghaoth gach each, agus ba mhór a
ngleo agus a ngáir agus a bhfoghar, go g-cuala
Mael Dhúin béimeanna na n-each-lasg aca
agus gach a ndeireadh gach duine dhíobh:-
“Tabhair leat an t-each glas!” “Tiomáin
leat an capall donn thall!” “Tabhair
leat an capall bán!” “Sé m'each-sa is
luaithe!” “M'each-sa is feárr léim!” Mar
do chualadar na briathra sin, d'imigheadar
leo ar a ndícheall, óir ba dearbh leo go
mba sluagh do dheamhnaibh do chonnacadar.



21. Seachtmhain iomlán dóibh, 'n a dhiaidh
sin, aig iomramh in ocras agus i d-tart,go
bhfuaradar inis mhór árd, agus teach mór innti
ar thráigh na mara, agus doras as an tigh(ag
dul amach) i machaire na h-inse, agus doras
eile(ag dul isteach) ins an muir, agus comhla
chloiche ar an doras sin. Do bhí poll tríd
an doras sin, tríd a d-teilgidís tonnta na
mara na bradáin isteach i lár an tighe sin.
Do chuadar asteach ins an teach sin, agus ní
fhuaradar aen-neach ann. Do chonnacadar
annsin leabaidh cumhdachta do cheannfart
(fhear) an tighe fein, agus leabaidh do ghach triur
d'a mhuintir, agus biadh do ghach triur ar
aghaidh gach leaptha, agus soitheach gloine agus deigh-
leann ann, ar aghaidh gach leaptha, agus copán
gloine ar gach soitheach. Do chaitheadar an
biadh agus an leann annsin, agus thugadar
buidheachas agus altughadh do Dhia, d'fhóir orra
in a ngorta.



22. Nuair chuadar ó'n inis sin, do bhíodar
seal mór (tamall fada) aig iomramh gan
biadh, go h-ocrach, go bhfuaradar inis agus aill
mhór 'n a timcheall ar gach taobh, agus coill
chaol fhada innti, agus ba mhór a faide agus a
caoile. Do ghlac Mael Dhúin slat 'n a
láimh, 'nuair tháinic sé do'n choill sin, ag
gabhail thairsti dhó. Trí lá agus trí oidhche
do bhí an t-slat 'n a láimh agus an curach fá
sheol lé taobh na h-aille, agus ar an treas
ló fuair Mael dúin trí h-ubhla 'n a g-cnap
ar rinn na slaite. Dhá fhichid oidhche dho
chothuigh gach ubhall dhíobh iad.



23. Fuaradar inis eile annsin, agus
sconnsa do chlochaibh 'n a timcheall. Mar
do chuadar 'n a goire, d'eirigh ainmhidhe mór
agus rithid sé thart timcheall na h-inse. Dar
lé Mael Dhúin, ba luaithe ioná an ghaoth é,
agus do chuaidh sé ar árd na h-inse 'n a dhiaidh
sin, agus do “dhírigh sé corp” annsin, iodhon,
a cheann shíos agus a chosa shuas, agus is amhlaidh
do bhí sé — ag dul timcheall 'n a chroiceann,
.i., an fheoil agus na cnámha aig iompóghadh, acht
an croiceann ar an taobh amuigh gan cor-
ruidhe. Nó, am eile, an croiceann ar an
taobh amuigh aig iompóghadh air nós muilinn,
agus na cnámha agus an fheoil 'n a g-comhnuidhe.
Nuair do bhí se mar sin lé fada, d'eirigh 'n
a sheasamh arís, agus rithidh timcheall na h-inse
'magcuairt, mar do righne sé ar d-tús.
Do chuaidh do'n ionad ceudna arís, agus an uair
so an leath d'á chroiceann do bhí shíos, is eadh
do bhí gan corruidhe, agus an leath eile do bhí
shuas aig im-rith 'magcuiart ar nós cloiche
mhuilinn. Ba h-é sin do chleacht sé ag dul
timcheall na h-inse. Do theich Mael Dhúin
agus a mhuintir ar a láin-dícheall, agus d'airigh an
t-ainmhidhe ag teicheadh iad, agus do chuaidh ar an
tráigh go m-beireadh orra, agus do ghabh 'g a
g-crútstadh, agus caithidh agus teilgidh clocha an
chuain 'n a ndiaidh. Do chuaidh cloch dhíobh
isteach ins an g-curach gur tholl sí sgiath
Mhael Dhúin agus go ndeachaidh i ndruim-lorg
(cíle) an churaigh.



24. Níor chian dóibh annsin go bhfuara-
dar inis eile, agus í aoibhinn, agus mórán
d'inmhidhthibh móra innti cosamhail lé
h-eachaibh. Do bhainidis greim as taobhaibh a
chéile, agus thugaidís leo an croiceann agus an


L. 103


fheoil, go mbrisidís srutha fola foir-dhearga
as a dtaobhaibh ionnus go raibh an talamh
lán dí. Annsin d'fhágbhadar an inis sin go
dian, deithbhireach. Do bhíodar brónach,
gearánach, lag; agus níorbh eol dóibh cá thaobh ar
domhan i rachaidís, nó cá h-áit i bhfuighbhidís
cobhair, nó ír, nó talamh.



25. Rángadar annsin inis mhór eile,
tar éis dóibh tuirse mhór, ocras, agus tart, do
bheith orra; agus iad cortha, casaoideach, gan
súil aca lé cobhair feasta. Mórán do
chrannaibh ins an inis sin agus iad lán-torthach;
ubhla móra órdha orra. Geárr-ainmhidhthe
dearga mar mhucaibh fá na crannaibh sin;
do théidhdís lé bun na g-crann, agus do bhuailidís
na h-ubhla dhíobh, go n-ithidís iad. Ó mhaidin
go luighe na gréine do ghnidhdís an nidh sin;
ó luighe na gréine go maidin ní eirighdís ar
aon chor, acht do bhídís in uamhaibh na talmhan.
Mórán d'eunaibh ar snámh timcheall na
h-inse sin 'magcuairt, ar an taobh amuigh.
Ó mhaidin go nóin do shnámhaidís ní ba sia agus
ní ba sia amach ó'n inis. Ó nóin go feas-
car dó thigidís ní ghoire agus ní ba ghoire
do'n inis, go dtéidhdís, tar éis luighe na
gréine, ins an inis. Do lomaidís na
hubhla annsin agus d'ithidís iad. “Téidhmis,”
ar Mael Dhúin, “ins an inis i bhfuilid na
h-éin; ní deacaire dhúinne ioná do na
h-eunaibh.” Do chuaidh fear díobh annsin
d'feicsin na h-inse, agus do ghlaodh seisean
na fir eile chuige. Téith an talamh fá n-a
g-cosaibh, agus níor feudadar áitiughadh innti
ag a teas, óir ba tír teintridhe í, agus do
theitheadh na h-ainmhidhthe an talamh ós a
gcionn. Thugadar beagán do na h-ubhlaibh
leo, agus téidhid in a g-curach cidh ba leasg
(deacair) leo, óir níor dhíon é tar éis a
d-tuirse, tar éis ocruis mhóir agus tar éis
saothair ó thuinn go tuinn. An tan do bhí
solas na maidne ann, do chuadar na h-éin
ó'n inis ar snámh ar an muir. Leis sin,
do thógbhaidís na h-ainmhidhthe teintidhe a
g-cinn as a n-uamhaibh, agus d'ithidís na h-ubhla
go luighe na gréine. An tan do cuirtí 'na
n-uamhaibh iad do théidhdís na h-éin tar a
n-éis d'ithe na n-ubhall. Do chuaidh Mael
Dhúin agus a mhuintir annsin, agus do bhailigheadar
a raibh do na h-ubhlaibh ann an oidhche sin.
Do chonbhaidís na h-ubhla ocras agus tart
uaidh chomh maith ceudna. Is annsin do
líonadar a g-curach do na h-ubhlaibh mar
ba mhaith leo, agus do thrialladar ar muir
arís.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services