Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Luan a' t-Sléibhe.
Title
Luan a' t-Sléibhe.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Contributor
Ferry, Celia. Gweedore.
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LUAN A' T-SLÉIBHE. Luan a' t-sléibhe, Luan a' leur-sgrios, A' Luan a m-beidhmid elie faoi bhróin, Tuitfidh an t-aer anuas 'na chaoraibh, Lasfaidh an spéir 's beidh an mhuir da doghadh; Air a' treas spéic de chlog Mhic Dé Beidh gach créatúr da bh-fuil marbh beo, Rachfaidh gach aon anns a' cholan daonda 'S a' t-anam glégeal air chnoc na n-deor. Éirigh suas, a pheacaigh, is truagh thú 's dean aithrighe chruaidh 's tú 'na chall 'S gur minic a luadh tú Mac Dé go h-uaibhreach 'S gan duais agad le fághail da chionn; Tiocfaidh an uair a m-beidhmidh buartha Foscaileoghaidh uaigheanna 's reubfar cill, Beidh gach anam truagh, bocht anns a' cholan uaibhreach, 'S iad a gluaiseacht go Sliabh na m-beann. Tiocfaidh an t-Aon-mhac ann a' ceart a dhéanadh, 'S ann sin a bheidheas a' cuntus cruaidh, ''Hna shuighe air bheinnse ós cionn síol Adhmha, Ar g-coirthe da léigheadh 's ar n-aghaidh air suas;
Leabhar faoi sheula aige a rigneadh a n-aon toruis Ó cruthuigheadh an créatúr go d-téigh sé san uaigh, 'S gur b' é dubhairt h-Éarod, d'aimhdheoin an eagceart, Nach leigfeadh aon neach dar chiontuigh uaidh. Cia b' é a chuirfeadh a dhóthchus as Righ an Domhnaigh 'Gus Muire na h-óighe a ghuidheadh i n-am, Cúl a thabhairt do na mionnaidhe móra 'S gan cuid na cómhursan a thnúth le saint; A chroidhe a dhórthadh don aithrighe ró-ghlan 'S gan faillighe an urnaighe dheanadh air luas no air mhoill, Lucht na n-deora aig na h-aifrinn domhnaigh Is aoibhin dóibh sin lá Shléibh Síogháin. Tiocfaidh an Mhaighdean dheas, bharramhuil, mhúinte Crupfaidh a h-éideadh 'gus sleachtfaidh a glún “A Mhic, nach mé fhéin a d' oil do thaobh deas 'S nach iad seo na seoda da raibh tú diul; Nach iad seo na maolruisg do shil do dhiaigh-sa 'S nach iad seo na céibhínidhe a thuit na n-dual, Nach iad seo na meura a nigh do chneadha, 'Sa Mhic, na tréig mé 's mé faoi ghruaim. D'iomchair mé d' Aon-mhac trí ráithe ann m' aon-bhroinn, A's an oidhche dhéighionach gan bean mo chuairt, Gan teach mo léir-fheicsiona i g-Cathair Bheudlaim Acht mainséir caol, cumhaing a' n-asail chróin; Shiúbhail mé 'n méid úd faoi bhróin go léir leat A seachnughadh h-Éarod 's mé lag gan luth, A mhaighistir dhílis, tá 'n t-siothcháin déanta 'S tabhair leat a' méid aca da bh-fuil do dhúil.” NOTES. chroch sé a chóta air an bhalla; sheas sí air an chat; d'éist sí leis an fhear; tá bainne aig an ghabhar; beidh éadach air an pháisde. sin a' chaint a bh-fuil a blas uirri; sin a' focal a tá fíor; seo an bhean a tá deas; súd a' fear a tá láidir. In Connaught we say, sin é an obair a chuir air a' m-bóthar mé; sin é 'n fear a chuaidh de léim thar a' g-cloidhe; d'imthigh sé leis a' bh-fairige; seo é 'n crann a d'fhás 'sa n-gleann; súd í an bhean a pósadh leis a' b-píobaire; tá each uile dhuine na chodladh le uair. But in Ulster they say, sin an obair a chuir air a' bhóthar mé; sin a' fear a chuaidh de léim thar a chloidhe; d' imthigh sé leis an fhairige; seo a' crann a d' fhás 'sa ghleann; súd a bhean a pósadh leis a' phíobaire; tá each aon uile dhuine na chodladh le uair. They also say, Chá 'n fhacaigh mé riamh é; (I never saw him); chá raibh mé caint ort (I was not speaking of you).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services