Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Luan a' t-Sléibhe.

Title
Luan a' t-Sléibhe.
Author(s)
Féach aithriseoir,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Contributor
Ferry, Celia. Gweedore.
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LUAN A' T-SLÉIBHE.



Luan a' t-sléibhe, Luan a' leur-sgrios,
A' Luan a m-beidhmid elie faoi bhróin,
Tuitfidh an t-aer anuas 'na chaoraibh,
Lasfaidh an spéir 's beidh an mhuir da
doghadh;
Air a' treas spéic de chlog Mhic Dé
Beidh gach créatúr da bh-fuil marbh beo,
Rachfaidh gach aon anns a' cholan daonda
'S a' t-anam glégeal air chnoc na n-deor.



Éirigh suas, a pheacaigh, is truagh thú
's dean aithrighe chruaidh 's tú 'na chall
'S gur minic a luadh tú Mac Dé go
h-uaibhreach
'S gan duais agad le fághail da chionn;
Tiocfaidh an uair a m-beidhmidh buartha
Foscaileoghaidh uaigheanna 's reubfar cill,
Beidh gach anam truagh, bocht anns a' cholan
uaibhreach,
'S iad a gluaiseacht go Sliabh na m-beann.



Tiocfaidh an t-Aon-mhac ann a' ceart a
dhéanadh,
'S ann sin a bheidheas a' cuntus cruaidh,
''Hna shuighe air bheinnse ós cionn síol
Adhmha,
Ar g-coirthe da léigheadh 's ar n-aghaidh air
suas;


L. 93


Leabhar faoi sheula aige a rigneadh a n-aon
toruis
Ó cruthuigheadh an créatúr go d-téigh sé san
uaigh,
'S gur b' é dubhairt h-Éarod, d'aimhdheoin
an eagceart,
Nach leigfeadh aon neach dar chiontuigh uaidh.



Cia b' é a chuirfeadh a dhóthchus as Righ an
Domhnaigh
'Gus Muire na h-óighe a ghuidheadh i n-am,
Cúl a thabhairt do na mionnaidhe móra
'S gan cuid na cómhursan a thnúth le saint;
A chroidhe a dhórthadh don aithrighe ró-ghlan
'S gan faillighe an urnaighe dheanadh air
luas no air mhoill,
Lucht na n-deora aig na h-aifrinn domhnaigh
Is aoibhin dóibh sin lá Shléibh Síogháin.



Tiocfaidh an Mhaighdean dheas, bharramhuil,
mhúinte
Crupfaidh a h-éideadh 'gus sleachtfaidh a
glún
“A Mhic, nach mé fhéin a d' oil do thaobh deas
'S nach iad seo na seoda da raibh tú diul;
Nach iad seo na maolruisg do shil do dhiaigh-sa
'S nach iad seo na céibhínidhe a thuit na
n-dual,
Nach iad seo na meura a nigh do chneadha,
'Sa Mhic, na tréig mé 's mé faoi ghruaim.



D'iomchair mé d' Aon-mhac trí ráithe ann m'
aon-bhroinn,
A's an oidhche dhéighionach gan bean mo chuairt,
Gan teach mo léir-fheicsiona i g-Cathair
Bheudlaim
Acht mainséir caol, cumhaing a' n-asail chróin;
Shiúbhail mé 'n méid úd faoi bhróin go léir
leat
A seachnughadh h-Éarod 's mé lag gan luth,
A mhaighistir dhílis, tá 'n t-siothcháin déanta
'S tabhair leat a' méid aca da bh-fuil do
dhúil.”



NOTES.



chroch sé a chóta air an bhalla;
sheas sí air an chat; d'éist sí leis an fhear; tá bainne
aig an ghabhar; beidh éadach air an pháisde.



sin a' chaint a bh-fuil a blas uirri; sin
a' focal a tá fíor; seo an bhean a tá deas; súd a'
fear a tá láidir.



In Connaught we say, sin é an obair a chuir air a'
m-bóthar mé; sin é 'n fear a chuaidh de léim thar a'
g-cloidhe; d'imthigh sé leis a' bh-fairige; seo é 'n crann
a d'fhás 'sa n-gleann; súd í an bhean a pósadh leis a'
b-píobaire; tá each uile dhuine na chodladh le uair.
But in Ulster they say, sin an obair a chuir air a' bhóthar
mé; sin a' fear a chuaidh de léim thar a chloidhe; d'
imthigh sé leis an fhairige; seo a' crann a d' fhás 'sa
ghleann; súd a bhean a pósadh leis a' phíobaire; tá each
aon uile dhuine na chodladh le uair. They also say, Chá
'n fhacaigh mé riamh é; (I never saw him); chá raibh mé
caint ort (I was not speaking of you).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services