Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Iomramh Sheadhghusa agus Mhic Riaghla. Sliocht Leabhair Bhuidhe Leacain.
Title
Iomramh Sheadhghusa agus Mhic Riaghla. Sliocht Leabhair Bhuidhe Leacain.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IOMRAMH SHEADHGHUSA AGUS MHIC RIAGHLA. Sliocht leabhair bhuidhe leacain. 1. Do bhí anró mór ar fhearaibh Rois tar éis bháis Dhomhnaill Mic Aodha mic Ainmireach, agus ba h-é so fáth a n-anró. Tar éis do mhacaibh Mhaeil Choba Éire do ghabhilá i ndiaidh Dhomhnaill, do bhíodar mic Dhomhnaill 'na righthibh ar Chineul Chonaill agus ar fhearaibh Rois .i. Donnchadh agus Fiacha;— Donnchadh ar Thír Chonaill agus Fiacha ar fhearaibh Rois. 2. Ba mhór aa n-anró-san ag Fiacha, óir ní leigí arm ná eudach datha ag éin-neach dhíobh, agus ba h-adhbhal meud a bh-foghnamha, óir níor ba fhoghantaidhthe do righ riamh roimhe iad. 3. Bliadhain do bhí Fiacha 'na righ orra. I g-ceann na bliadhna tig Fiacha go h-inbhear na Bóinne, agus gairmthear chuige fir Rois. Adubhairt sé leó — “Déanaidh tuilleadh foghnamh!” “Ní fhuil againn níos mó,” ar siad. Adubhairt seisean leo:— “Cuiridh bhur seile ar mo dhearnainn.” Do cuireadh; agus ba h-amhlaidh do bhí an seile agus a leath d'fhuil 4. Adubhairt seisean annsin:— “Ní fhuil
bhur bh-foghnamh lán fós, óir ní fuil go h- uile an seile. Cuiridh na tulcha ins na gleanntaibh go m-beidhdís ina d-ír (chomh- throim); cuiridh croinn ins na machairibh go m-béidhdís na g-coilltibh.” 5. Ba h-annsin d'eirigh fiadh fiadhain i ngar dhóibh. Eirighid muintir uile an righ i ndiaidh an fhiaidh. Ba h-annsin do bhaineadar fir Rois a arma féin do'n righ (óir ní raibh arm ag éin-neach dhíobh-san), agus do mharbhadar annsin é. 6. Ba h-olc lé n-a bráthair, lé Donnchadh, agn gníomh sin; agus téidh sé, agus do righne sé braighde dhíobh uile, agus do chuir sé i n-éin teach le n-a loscadh iad. 7. Ba h-annsin adubhairt sé féin:— “ní cóir dham ann gníomh so do dhéanamh gan comhairle le m'anamcharaid, lé Colum- cille.” 8. Cuirtear teachtairidhe uadh go Colum- cille: tig Sneadhghus agus Mac Riaghla ó Cholum-Cille, agus comhairle leo dhó, .i. seasca lánamhna(trí fithchid péire) dhíobh do chur ar an bh-fairrge, agus go m-béarfadh Dia A bhreitheamhnas orra. 9. Do bheirtear soithigh beaga dhóibh, agus cuirtear ar an bh-farrge iad, agus teidhid fir d'a g-coimheud, chum nach d-tigidís ar g-cúl. 10. Iompuighid Sneadhghus agus Mac Riaghla ar g-cúl ag dul go h-I, go Colum-Cille. 11. Mar do bhíodar ins an g-curach, do chomhairligheadar eadorra dul d'a ndeoin féin ins an mór-mhuir amuigh ar turas, mar do chuadar an seasca lánamhna, acht nach d'a ndeoin féin do chuadar-san. 12. Iompuighid annsin ar thaoibh a láimhe deise, agus séididh gaoth lé seal siardtuaidh ina an mór-mhuir amuigh iad. 13. Fá cheann trí lá, do ghabh tart mór mianach iad, ar chaoi nachar fheudadar é d'fhulang. 14. B h-annsin ba truagh lé Críost iad, agus do bheir go sruth so-bhlasta mar leamhnacht iad, agus sásuighthear iad. Do bheirid altughadh agus buidheachas do Dhia, agus adubhradar: “Fágamuis ár n-iomramh fá Dhia, agus tabhramuis ár (maididhe)rámha isteach in ár g-curach.” Agus do leigeadar d'a n- iomramh, agus thugadar a (maididhe)ramha isteach in a g-curach; agus ar theacht i d-ír i n-inis dhóibh, is ann adubhairt an file:- Sneadhghus agus Mac Riaghla Do mhuintir Choluim Chille, etc. 15. Cuirtear go h-inis eile annsin iad, agus do bhí cloidh airgid thar a lár, agus cora éisc innti, agus ba stiall mór d'airgead an cora sin, agus do bhí bradáin mhora d'airgead ag léimnigh in aghaidh an choradh sin. Ba mhó ioná colpthach fireann gach bradáin díobh, agus sásuighthear iad-san díobh. 16. D'iomradar go h-inis eile annsin: agus gaiscidhigh iomdha rómpa ins an inis sin, agus cinn cat orra. Aon ghaiscidheach Gaedhealach innti, agus téidh sé ar an tráigh, agus do chuir fáilte rómpa, agus adubhairt leo:-“D'fhearaibh na nGaedheal dam-sa,” * ar sé “táinig fuireann curaigh dhínn sonn(annso), agus ní mhaireann dhíobh acht mise amháin. Do cuireadh chum báis iad leis na h-eachtannaibh atá ag áitreabh na h-inse so.” Agus do bheir sé biadh dhóibh isteach ins an g-curach, agus fágbhaid beannacht agus beirid beannacht. 17. Séididh an ghaoth annsin iad go h-inis i raibh crann mór, agus eunlaith áluinn ari. Do bhí eun mór ar a bhárr, agus ceann óir agus cleitidhe airgid air; agus innisidh sé sceul tosaigh an domhain dóibh, agus innisidh geineamhain Chríost ó Mhuire Oigh, agus A bhaiste agus A eiseirghe; agus inisidh sceul lae an Bhreitheamhnuis, agus ba h-annsin do ghabhaidís an eunlaith uile ag tuargain a d-taobh lé n-a sciathánaibh, go silidís na braona fola as a d-taobhaibh, ar eagla chomharthadh an Bhreitheamhnuis. Ba comaoin agus ba creutúir an fhuil sin. Agus do bheir an t-eun duille do dhuillibh an chroinn sin do na cléireachaibh, agus meud croicinn daimh mhóir an duille sin. Agus adubhairt an t-eun leis na cléireachaibh an duille sin do thabhairt leo, agus a chur ar
altóir Choluim-Cille. I g-Ceannanus atá sé indiu. 18. Ba bhinn ceol na n-eun sin ag gabháil shalm agus chainticeadh ag moladh an Tighearna, óir bha h-eunlaith Mhuighe Neimhe iad, agus ní chríonaidh corp ná duille an chruinn sin. 19. D'fhágbhadar slán agus beannacht ag na h-eunaibh 'na dhiaidh sin, agus iomraid go ír uathbhásaigh i raibh daoine agus cinn con, agus fionnfadh mar eallach orra. Tig cléireach chuca as an inis, do réir aithne Dé, ag fóirithin orra, mar do bhíodar i ngábhadh tré bheith gan biadh, agus do bheir dhóibh iasc, agus fíon agus cruithneacht. 20. Iomraid annsin go rángadar ír i raibh daoine agus cinn muc orra, agus do bhí meithle móra dhíobh ag buain an arbhair i lár an t-samhraidh. 21. Do ghabhadar as, annsin, in a g-curach; agus gabhaid a salma, agus guidhid Dia, go rángadar ír i raibh dream d'fhearaibh na nGaedheal, agus do ghabhadar mná na h-inse síanán dóibh gan mhoill, agus ba bhinn leis na cléireachaibh é. “Gabhaidh tuilleadh,” ar an cléireach, “so síanán na h-Éireann. ” “Téidhmís, a chléireacha,” ar na mná, “go tigh Righ na h-inse, óir beidh fáilte agus suaimhneas dhaoibh ann.” 22. Téidhid na mná agus na cléirigh isteach, agus cuiridh an Rí fáilte roimh na cléireachaibh, agus leigid a sgíth ann. Agus fiarfuidhidh sé dhíobh: “Cia h-iad bhur muintir, * a chléireacha?” “D'fhearaibh Éireann dúinn,” ar sé, “agus cá mheud mac do mhacaibh Dhomhnaill atá beo?” ar an Rí. Freagraidh an cléireach -“Triur mac atá beo aige, agus do thuit Fiacha mac Dhomhnaill lé fearaibh Rois, agus do cuireadh seasca lánamhna dhíobh ar an bh- fairrge do bhár an ghníomha sin.” “Is fíor dhaoibh, a chléireacha, an sceul sin. Is mesie do mharbh mac righ Theamhrach agus is sinne do cuireadh ar an bh-fairrge; agus is dúinn is maith, óir béidhmid sonn (anso) go d-í an Meadhachan, óir is maith atámuid gan peacadh, gan olcas, gan coir. Maith an inis i bh-fuilmid, óir is innti atá Éile agus Énoch, agus is uasal an teaghdhais agus bh- fuil Éile.” 23. Agus do righne sé fáilte mhór roimh na cléireachaibh, agus adubhairt:— “Atá dhá loch ins an ír so — loch uisce agus loch teineadh, agus do thiocfaidís ar Éirinn fa ó muna m-biadh Mártán agus Pádraig ag guidhe leo.” “Do ba mhaith linn Énoch d'fheicsin,” ar na cléirigh. “Atá sé in ionad uaigneach chum a d-tiocfaimuid uile agus ló an Mheadhachain.” 24. Iomraid annsin ó'n ír sin, go rabhadar ar thonn-gháir na mara lé fada, go d-táinig furtacht mhór ó Dhia dhóibh (óir do bhíodar tuirseach), go bhfacadar inis mhór árd, agus ba h-aoibhinn agus ba naomhtha a raibh innti. 25. Ba mhaith an Rí do bhí ins an inis, agus ba naomhtha, agus fírian; agus ba mhór a shluagh, agus ba h-uasal teaghdhais an Righ sin — óir do bhí ceud doras ar an tigh sin, agus altóir agus gach doras, agus sagart ag gach altóir agus íodhbairt Chuirp Chríost. 26. Do chuadar na cléirigh isteach agus do bheannuigheadar gach aon díobh d'a chéile; agus do chuadar uile 'na dhiaidh sin — an sluagh mór sin, idir mhnaoi agus fhear — do ghlacadar Corp Chríost ag an Aifreann. 27. Roinntear fíon dhóibh annsin, agus adeir an Rí leis na cléireachaibh:- “Abraidh,” ar sé, “lé fearaibh Éireann go bh-fuil díoghaltas mór le teacht orra. Tiocfaid allmhuraigh thar muir, agus áiteochaidh leath na h-inse, agus cuirfear foslongphort libh. Agus is eadh do bheir orra an díoghaltas sin, a mheud do bheirid faillighe i d-Tiomna Dhé, agus in A theagasg. Mí agus bliadhain bhéidhthí ar fairrge, agus roichfí uile slán, agus innisidh bhur sceul uile d'fhearaibh Éireann.” Críoch.
VOCABULARY Ainmire, gen., -reach, proper name of a man. altuigh, v., praise. anro, mas., hardship. Aodh, gen., -a, Hugh, aos óg, the young. bhárr, do bh, on account of. Bain de, take from, formerly bean, infin. Buain. Bóinn, the Boyne. bradán, a salmon. cló: cuir i g-cló, print. Ceanannus, Kells (Co. Meath). cloidh, cladh, a rampart. comhairligh, decide. comhthrom, pron, corm, level. cora, gen. -radh, a weir. caintice, a chant. colpthach, a two-year-old calf. Domhnall, Donal, proper name. eallach, cattle. éin, one, form of aon, aen. Enoch, Eile, Enoch, Elias. eudach, clothes. eunlaith, collective noun, birds. fireann, male. fírian, just, holy. foghantaidhe, a servant. fuireann, fem. crew. gabh, take, has many meanings; ag gabháil shalm, sing- ing; do ghabhadar as, they went off. gaiscidheach, hero. Gaedheal, -lach, Gael, Gaelic. inbhear, bay. inis, island. iomraim, verb, row; iomramh, voyage, rowing. leamhnacht, new milk. láimhscríbhinn, manuscript. leig scíth dhíobh, lay weariness aside. loingeas and iomramh, see notes. maide ramha, an oar. meadhachan, infin, of meadhuigh, weigh; the weighing, judgment mianach, longing. mór-mhór, go m., expecially. Muire Ogh, Virgin Mary. oilithre, pilgrimage. péire, a pair. ramh, an oar. roich, reach, now sroich or trois. Ros, gen. Rois, Ross, name of district. Sailm, a psalm. seasca, gen. -cad, sixty. seile, spittle. seoltóireacht, sailing. riardtuaidh, north-west. sianán, a peculiar sort of musical compostition. slán, a farewell; s. leat. adieu. sliocht leabhair, a copy of a book. Sneadhghus, gen. -sa, a proper name. stiall, a piece. Teamhair, gen. -rach, Tara. tonn-gháir, wave-roar, roaring-sea.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services