Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Iomramh Sheadhghusa agus Mhic Riaghla. Sliocht Leabhair Bhuidhe Leacain.

Title
Iomramh Sheadhghusa agus Mhic Riaghla. Sliocht Leabhair Bhuidhe Leacain.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1891
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IOMRAMH SHEADHGHUSA AGUS MHIC
RIAGHLA.



Sliocht leabhair bhuidhe leacain.



1. Do bhí anró mór ar fhearaibh Rois tar
éis bháis Dhomhnaill Mic Aodha mic Ainmireach,
agus ba h-é so fáth a n-anró. Tar
éis do mhacaibh Mhaeil Choba Éire do ghabhilá
i ndiaidh Dhomhnaill, do bhíodar mic Dhomhnaill
'na righthibh ar Chineul Chonaill agus ar fhearaibh
Rois .i. Donnchadh agus Fiacha;— Donnchadh ar Thír
Chonaill agus Fiacha ar fhearaibh Rois.



2. Ba mhór aa n-anró-san ag Fiacha, óir ní
leigí arm ná eudach datha ag éin-neach dhíobh,
agus ba h-adhbhal meud a bh-foghnamha, óir níor
ba fhoghantaidhthe do righ riamh roimhe iad.



3. Bliadhain do bhí Fiacha 'na righ orra. I g-ceann
na bliadhna tig Fiacha go h-inbhear
na Bóinne, agus gairmthear chuige fir Rois.
Adubhairt sé leó — “Déanaidh tuilleadh
foghnamh!” “Ní fhuil againn níos mó,”
ar siad. Adubhairt seisean leo:— “Cuiridh
bhur seile ar mo dhearnainn.” Do cuireadh;
agus ba h-amhlaidh do bhí an seile agus a leath
d'fhuil



4. Adubhairt seisean annsin:— “Ní fhuil


L. 86


bhur bh-foghnamh lán fós, óir ní fuil go h-
uile an seile. Cuiridh na tulcha ins na
gleanntaibh go m-beidhdís ina d-ír (chomh-
throim); cuiridh croinn ins na machairibh go
m-béidhdís na g-coilltibh.”



5. Ba h-annsin d'eirigh fiadh fiadhain i
ngar dhóibh. Eirighid muintir uile an righ i
ndiaidh an fhiaidh. Ba h-annsin do bhaineadar
fir Rois a arma féin do'n righ (óir ní raibh
arm ag éin-neach dhíobh-san), agus do mharbhadar
annsin é.



6. Ba h-olc lé n-a bráthair, lé Donnchadh,
agn gníomh sin; agus téidh sé, agus do righne sé
braighde dhíobh uile, agus do chuir sé i n-éin teach
le n-a loscadh iad.



7. Ba h-annsin adubhairt sé féin:— “ní
cóir dham ann gníomh so do dhéanamh gan
comhairle le m'anamcharaid, lé Colum-
cille.”



8. Cuirtear teachtairidhe uadh go Colum-
cille: tig Sneadhghus agus Mac Riaghla ó
Cholum-Cille, agus comhairle leo dhó, .i. seasca
lánamhna(trí fithchid péire) dhíobh do chur ar
an bh-fairrge, agus go m-béarfadh Dia A
bhreitheamhnas orra.



9. Do bheirtear soithigh beaga dhóibh, agus
cuirtear ar an bh-farrge iad, agus teidhid fir
d'a g-coimheud, chum nach d-tigidís ar g-cúl.



10. Iompuighid Sneadhghus agus Mac Riaghla
ar g-cúl ag dul go h-I, go Colum-Cille.



11. Mar do bhíodar ins an g-curach, do
chomhairligheadar eadorra dul d'a ndeoin
féin ins an mór-mhuir amuigh ar turas, mar
do chuadar an seasca lánamhna, acht nach d'a
ndeoin féin do chuadar-san.



12. Iompuighid annsin ar thaoibh a láimhe
deise, agus séididh gaoth lé seal siardtuaidh ina
an mór-mhuir amuigh iad.



13. Fá cheann trí lá, do ghabh tart mór
mianach iad, ar chaoi nachar fheudadar é
d'fhulang.



14. B h-annsin ba truagh lé Críost iad,
agus do bheir go sruth so-bhlasta mar leamhnacht
iad, agus sásuighthear iad. Do bheirid
altughadh agus buidheachas do Dhia, agus adubhradar:
“Fágamuis ár n-iomramh fá Dhia, agus
tabhramuis ár (maididhe)rámha isteach in ár
g-curach.” Agus do leigeadar d'a n-
iomramh, agus thugadar a (maididhe)ramha isteach
in a g-curach; agus ar theacht i d-ír i n-inis
dhóibh, is ann adubhairt an file:-



Sneadhghus agus Mac Riaghla
Do mhuintir Choluim Chille, etc.



15. Cuirtear go h-inis eile annsin iad, agus
do bhí cloidh airgid thar a lár, agus cora éisc
innti, agus ba stiall mór d'airgead an cora
sin, agus do bhí bradáin mhora d'airgead ag léimnigh in
aghaidh an choradh sin. Ba mhó ioná colpthach
fireann gach bradáin díobh, agus sásuighthear
iad-san díobh.



16. D'iomradar go h-inis eile annsin:
agus gaiscidhigh iomdha rómpa ins an inis sin,
agus cinn cat orra. Aon ghaiscidheach Gaedhealach
innti, agus téidh sé ar an tráigh, agus do chuir
fáilte rómpa, agus adubhairt leo:-“D'fhearaibh
na nGaedheal dam-sa,” * ar sé “táinig
fuireann curaigh dhínn sonn(annso), agus ní
mhaireann dhíobh acht mise amháin. Do cuireadh
chum báis iad leis na h-eachtannaibh atá ag
áitreabh na h-inse so.” Agus do bheir sé
biadh dhóibh isteach ins an g-curach, agus fágbhaid
beannacht agus beirid beannacht.



17. Séididh an ghaoth annsin iad go h-inis
i raibh crann mór, agus eunlaith áluinn ari.
Do bhí eun mór ar a bhárr, agus ceann óir agus
cleitidhe airgid air; agus innisidh sé sceul
tosaigh an domhain dóibh, agus innisidh geineamhain
Chríost ó Mhuire Oigh, agus A bhaiste agus A
eiseirghe; agus inisidh sceul lae an
Bhreitheamhnuis, agus ba h-annsin do ghabhaidís
an eunlaith uile ag tuargain a d-taobh lé
n-a sciathánaibh, go silidís na braona fola
as a d-taobhaibh, ar eagla chomharthadh an
Bhreitheamhnuis. Ba comaoin agus ba creutúir
an fhuil sin. Agus do bheir an t-eun duille
do dhuillibh an chroinn sin do na cléireachaibh,
agus meud croicinn daimh mhóir an duille sin.
Agus adubhairt an t-eun leis na cléireachaibh
an duille sin do thabhairt leo, agus a chur ar


L. 87


altóir Choluim-Cille. I g-Ceannanus atá
sé indiu.



18. Ba bhinn ceol na n-eun sin ag gabháil
shalm agus chainticeadh ag moladh an Tighearna,
óir bha h-eunlaith Mhuighe Neimhe iad, agus ní
chríonaidh corp ná duille an chruinn sin.



19. D'fhágbhadar slán agus beannacht ag na
h-eunaibh 'na dhiaidh sin, agus iomraid go ír
uathbhásaigh i raibh daoine agus cinn con, agus
fionnfadh mar eallach orra. Tig cléireach
chuca as an inis, do réir aithne Dé, ag
fóirithin orra, mar do bhíodar i ngábhadh tré
bheith gan biadh, agus do bheir dhóibh iasc, agus fíon
agus cruithneacht.



20. Iomraid annsin go rángadar ír i
raibh daoine agus cinn muc orra, agus do bhí
meithle móra dhíobh ag buain an arbhair i
lár an t-samhraidh.



21. Do ghabhadar as, annsin, in a g-curach;
agus gabhaid a salma, agus guidhid Dia, go
rángadar ír i raibh dream d'fhearaibh na
nGaedheal, agus do ghabhadar mná na h-inse
síanán dóibh gan mhoill, agus ba bhinn leis na
cléireachaibh é.



“Gabhaidh tuilleadh,” ar an cléireach, “so
síanán na h-Éireann. ”



“Téidhmís, a chléireacha,” ar na mná, “go
tigh Righ na h-inse, óir beidh fáilte agus
suaimhneas dhaoibh ann.”



22. Téidhid na mná agus na cléirigh isteach,
agus cuiridh an Rí fáilte roimh na cléireachaibh,
agus leigid a sgíth ann. Agus fiarfuidhidh sé
dhíobh: “Cia h-iad bhur muintir, * a
chléireacha?”



“D'fhearaibh Éireann dúinn,” ar sé, “agus
cá mheud mac do mhacaibh Dhomhnaill atá
beo?” ar an Rí. Freagraidh an cléireach
-“Triur mac atá beo aige, agus do thuit
Fiacha mac Dhomhnaill lé fearaibh Rois, agus do
cuireadh seasca lánamhna dhíobh ar an bh-
fairrge do bhár an ghníomha sin.”



“Is fíor dhaoibh, a chléireacha, an sceul
sin. Is mesie do mharbh mac righ Theamhrach
agus is sinne do cuireadh ar an bh-fairrge;
agus is dúinn is maith, óir béidhmid sonn
(anso) go d-í an Meadhachan, óir is maith
atámuid gan peacadh, gan olcas, gan coir.
Maith an inis i bh-fuilmid, óir is innti atá
Éile agus Énoch, agus is uasal an teaghdhais agus bh-
fuil Éile.”



23. Agus do righne sé fáilte mhór roimh
na cléireachaibh, agus adubhairt:— “Atá dhá loch
ins an ír so — loch uisce agus loch teineadh, agus
do thiocfaidís ar Éirinn fa ó muna m-biadh
Mártán agus Pádraig ag guidhe leo.”



“Do ba mhaith linn Énoch d'fheicsin,” ar
na cléirigh. “Atá sé in ionad uaigneach
chum a d-tiocfaimuid uile agus ló an
Mheadhachain.”



24. Iomraid annsin ó'n ír sin, go
rabhadar ar thonn-gháir na mara lé fada, go
d-táinig furtacht mhór ó Dhia dhóibh (óir do
bhíodar tuirseach), go bhfacadar inis mhór
árd, agus ba h-aoibhinn agus ba naomhtha a raibh
innti.



25. Ba mhaith an Rí do bhí ins an inis, agus
ba naomhtha, agus fírian; agus ba mhór a shluagh,
agus ba h-uasal teaghdhais an Righ sin — óir do
bhí ceud doras ar an tigh sin, agus altóir agus
gach doras, agus sagart ag gach altóir agus
íodhbairt Chuirp Chríost.



26. Do chuadar na cléirigh isteach agus do
bheannuigheadar gach aon díobh d'a chéile; agus
do chuadar uile 'na dhiaidh sin — an sluagh
mór sin, idir mhnaoi agus fhear — do ghlacadar
Corp Chríost ag an Aifreann.



27. Roinntear fíon dhóibh annsin, agus adeir
an Rí leis na cléireachaibh:- “Abraidh,” ar
sé, “lé fearaibh Éireann go bh-fuil díoghaltas
mór le teacht orra. Tiocfaid allmhuraigh
thar muir, agus áiteochaidh leath na h-inse, agus
cuirfear foslongphort libh. Agus is eadh
do bheir orra an díoghaltas sin, a mheud do
bheirid faillighe i d-Tiomna Dhé, agus in A
theagasg.



Mí agus bliadhain bhéidhthí ar fairrge, agus
roichfí uile slán, agus innisidh bhur sceul uile
d'fhearaibh Éireann.”



Críoch.


L. 88


VOCABULARY



Ainmire, gen., -reach, proper name of a man.
altuigh, v., praise.
anro, mas., hardship.
Aodh, gen., -a, Hugh,
aos óg, the young.
bhárr, do bh, on account of.
Bain de, take from, formerly bean, infin. Buain.
Bóinn, the Boyne.
bradán, a salmon.
cló: cuir i g-cló, print.
Ceanannus, Kells (Co. Meath).
cloidh, cladh, a rampart.
comhairligh, decide.
comhthrom, pron, corm, level.
cora, gen. -radh, a weir.
caintice, a chant.
colpthach, a two-year-old calf.
Domhnall, Donal, proper name.
eallach, cattle.
éin, one, form of aon, aen.
Enoch, Eile, Enoch, Elias.
eudach, clothes.
eunlaith, collective noun, birds.
fireann, male.
fírian, just, holy.
foghantaidhe, a servant.
fuireann, fem. crew.
gabh, take, has many meanings; ag gabháil shalm, sing-
ing; do ghabhadar as, they went off.
gaiscidheach, hero.
Gaedheal, -lach, Gael, Gaelic.
inbhear, bay.
inis, island.
iomraim, verb, row; iomramh, voyage, rowing.
leamhnacht, new milk.
láimhscríbhinn, manuscript.
leig scíth dhíobh, lay weariness aside.
loingeas and iomramh, see notes.
maide ramha, an oar.
meadhachan, infin, of meadhuigh, weigh; the weighing,
judgment
mianach, longing.
mór-mhór, go m., expecially.
Muire Ogh, Virgin Mary.
oilithre, pilgrimage.
péire, a pair.
ramh, an oar.
roich, reach, now sroich or trois.
Ros, gen. Rois, Ross, name of district.
Sailm, a psalm.
seasca, gen. -cad, sixty.
seile, spittle.
seoltóireacht, sailing.
riardtuaidh, north-west.
sianán, a peculiar sort of musical compostition.
slán, a farewell; s. leat. adieu.
sliocht leabhair, a copy of a book.
Sneadhghus, gen. -sa, a proper name.
stiall, a piece.
Teamhair, gen. -rach, Tara.
tonn-gháir, wave-roar, roaring-sea.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services