Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Maidrín Ruadh.
Title
An Maidrín Ruadh.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN MAIDRÍN RUADH. VII. Gach foraire uasal, Greannamhail, stuama, Glac taise agus truagh dhom' ghéur-chreach, Agus cuirigidh túairisg, Reynard ruaidh, Dh'fág mise dhia-Luain gan géadhnaibh. Siúbhailídh dhuithchídh Dhéise — Coillte, gleannta, agus sléibhte, A bh-fuil ó laice go Bríghid, Agus cois Bhrice leath 's t-síos, Agus geallaim óm'chroidhe gur baoghal do! VIII. 'Nuair a sinneadar an adharc, Do chruinneadar na gadhair, 'Nn a n-grafaing go bínn air thaobh cnoic;
A's na marcaigh fí mheídhir, Gan leaga gan mhaíll, Air ath-ghairm fuaím go gléusta. Do chruinneadar na mílte treun-fhear, Chum aitis agus spóirt an lae úd; Agus leigeamar chum siúbhail Ár g-conairt 'nn a d-tiúin, Aig lorg a's aig spiúin' an mhéirligh. IX. Do phreabamar súas Thé mhullaigh, Shlíabh g-Cua Agus tré Chúl-Ruadh na n-Déiseach Agus as-san ó thuaigh, Tré chladhthachaibh agus ruadh-chnoic, Gur casadh sinn an-thuaigh air an g-caol- sgailp. Budh bhinne linn tiúin ár m-beagles, A's cuid eile d'ár n-gadhair air saothar; Ash gur anns a' Chúainthín aoibhinn, Air bhruach na taoide, 'Seadh chuireamar 'nn a shuidhe ródhmhuin séice. X. A's do phreabamar díreach Trasna na tíreach, An sguirid aríst dá éiliomh; A's gur chuireamar 'nn a shuidhe é, Le n-iomarca sgeíle, A's ár g-conairt a bhí go déin air. Budh calma, crógach, tréun sinn Tré bhogachaibh mhóintibh agus shléibhtibh; A's gur aig an g-Ceapaig a bhidheamar Am eadar-thrath díreach, A's ár g-capaill a bhí go traochtadh. XI. A's do phreabamar le h-áthas, Gach n-duine 'gainn 'nn ár lán rioth, Tré chnoic, tré bhántaib, agus tré shléibhtibh; A's na marcaigh le h-áthas, Aig gearradh a's aig fásgadh, A's aig greadadh thar bhrághaid a chéile. Níor thugamar spás ná ré dho, Acht greadadh thar bhrághaid a chéile; A's gur ag-Clais-mhóir aoibhinn A rug sé an th-slíghe uainn, Le n-iomarca daoineadh ár g-caocadh. XII. Níor stadamar do'n stáir sin Go Baile-na-tráigh, A's go Dromana gan spas dá éiliomh; A's gur aig Coíll-áth-sháile Bhí radharc lé'n áill air, A's an caládh do shnáigh sé air saothar! Níor thugamar spás ná ré dho, Acht gseadadh le sál an mhéirligh; A's do phreabamar le fonn Trasna na h-abhan, Gan eagla na d-tonn dár d-traochadh! XIII. Nár ró bhreágh an t-atas é, Fíachadh an mhadraidh, Tré dhúchthaidhibh, bhailtibh agus shléibhtibh. A's gur a g-Cnoc-a'-Leatharaigh Chuireamar a d-talamh é, A's an fiadhguidhe faire go géur air! Níor bh'urradh a's níor dhíon do ann aon áit, Mar bhí an chonairt ró dhían go déan air, A's gur anns a' Chúainthín íachtarach, Fuaramar fé sgríob é, Agus geallaim dhaoibh gur dhíol sé m' ghéadh- naibh! EXPLANATORY NOTES. Tais, pity; Laice, a river which runs into the Black- water near Clashmore. It forms the genitive case by the addition of nn: thus, airbhruach na Laiceann Bríghid, the river Bride, in Cork and Waterford. Brice, the river Bricky, which flows into Dungarvan Bay. Fí, same as Faoi and Fé. The latter is the Waterford form. Spiúin', varied from spíodadh. Ródhmhuin-séice. The fox known by this name in the Decies, in Waterford. Sguirid, a brake. Conairt, a pack of hounds. Crógach, same as cródhach. Stair, a run. “Do shnáigh sé,” he swam. “Dhíol sé m' ghéadhnaibh,” he paid for or out of my geese, Dhíol sé “ar” mo gheadhnaibh. Youghal, Co. Cork, July, 1886. Dollard, Printinghouse, Dublin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services