Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Searc-leanmhain Chríost.
Title
Searc-leanmhain Chríost.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEARC-LEANMHAIN CHRÍOST an dara clodh LE SAGART Ó CHÚIGE MUMHAN Breis agus trí fichid blíadhain ó shoin d'aistrigh an t-athair Domhnall ó Súilliobháin Searc-leanmhain Chríost go Gaedhilge, agus do chuir sé i g-clódh é. Tar éis na méide sin aimsire tá an sean-chlodhughadh nach beag sniómhtha amach, agus ní furas cóib de d'fhá- ghail air airgiod. Acht, buidheachas le Día agus leis an “Sagart ó Chúige Mumhan,” tá nuadh-chlódh oireamhnach anois aguinn, agus cuirimíd fáilte roimhe go fonnmhar. Go deimhin tuilleann an fear eagair buidheachas Clann-na-n-Gaodhal go fóirleathan i d-taobh na h-oibre seo, mar is obair í ata deunta i módh chreideamhnach, ní amháin dó féin, acht dá théangain duthchais agus do'n léir-sgríbhin chomh maith. Agus cá bh-fuil an leabhar is mó is fíu meas do bheith air 'ná an leabhairín gleóite seo Thomaís a Cempis? Cá líachd teanga chomh milis, blasda, le canamhuin na h-aistrighthe seo, ná aistriughadh seo? Uime sin ní bh-fuilmíd ag deunadh iomarca de'n “Sagart ó Chúige Mumhan” ná dhá obair 'nuair a deirimíd gur chuir se mór-chomaoin air mhuintir agus air Chléir na h-Éirionn leis an dara cur amach so do bhronnadh ortha. Ní h-é go bh-fuil an leabhar gan lochd. Faraor! ní féidir leabhar Gaedhilge do chlódhughadh gan teimheal, mar táthar ag cur teanga i g-clódh atá ann ainbhfios air na clódhadóiribh féin. Acht, i d-taobh an fhir eagair, righne sésean a pháirt go caíleamhuil. Lean sé lorg an cheud fhir eagair, mar budh bhithte dhó, agus níor chuaidh sé amughadh. Righne sé ais- triughadh dlisdineach air fhocalaibh áirighthe, gan, air an am cheadna, aon ruathar do dheunadh. Ís maith linn nár aistrigh sé focail de'n samhuilt seo:— Seirbhís, cúrsa, símplidheachd etc., acht do b'fheárr linn “ocáididhe” ná “ocáideacha.” Tá an focal “cad” i g-comhnuidhe i n-áit “creud;” seo malairt nach d-tig linn a mholadh ná a cháineadh. Acht tar eís dúinn an leabhar do chuar- tughadh ceachd le ceachd, measamaoid nár bh-féidir do neach air bith é dheunadh níos feárr. I d-tosach an leabhair atá geárr-sheanchas air bheatha an Athar Domhnall ó Súilliobháin, agus is cinnte gur sgoláire gaedhilge é an t-ughdar, mar is bínn í a chanamhuin agus is liomhtha a pheann. Deir sé gur thug an Saoi Plémion “mórán cunganta” dhó leis an obair, agus níor bheag linn sin de chomhartha air fheabhas a deunta. Is clos dúinn gur cuireadh cóibh de chum an Phápa, agus gur ghlac an t-athair ró naomhtha an leabhar le taithneamh agus le
luathgháir. D'fheuch sé tríd, agus d'fhíafruigh sé dhe Árd-Easpog O'Cíarmhic — a righne é theamhlacadh — an raibh mórán anois ag la- bhairt teanga na naomh a's na n-ollamh, agus chuir a Naomhacht a bheannachd Abstalda chum an fhir eagair, agus chuca so do bhí ag cuidi- ughadh leis. Go deimhin chuir an sgeula so áthas mór orrainn, agus thug sé chum ár g- cuimhne an teachdearachd úd eile do chuir a roimh-shealbhadóir Píus IX blíadhanta ó shoin chum Ard-Easpoig Nantes san bh-Frainc. Chomhairligh an t-Athair Naomhtha dhó a dhíthchioll do dheunadh chum teanga na Breatáine do choimeád beó: “óir” ar a Naomhachd “chomh fada a's bheidheas an sean-teanga i m-beu- laibh na n-daoineadh ní'l baoghal air an g- creideamh.” Le cungnamh Dé ni'l aon bhaoghal air an g-creideamh i n-Éirinn, acht gan amhras budh mhaith an sás — fé Dhía — an Gaedhilge i m-beu- laibh na n-daoineadh chum an creideamh do choi- meád air lasadh 'na g-croidhthibh ans an aim- sir do chuaidh thart. Air an adhbhar sin cad fá nach bh-fuil níos mó measta aguinn uirthe? Cad fá go bh-fuilmíd chomh failligheach innte? Faire orrainn i d-taobh ár neamh-shuimeamh- lachda i d-teangain ár sínsir — an teanga ann ar' labharadar, agus ann ar' ghuidheadar, agus ann ar' sgríobhadar ár naoimh a's ár n-ollaimh. Tá eólas aguinn-ne, dá ríribh, air chanamhuintibh gallda, agus atá saint orrainn a bheith úrlabhairteach agus beachd- fhoghlumtha ionnta, acht ni'l ár d-teanga ársa, ealadhanta féin, ag tabhairt aon chúraim dúinn. Cuirimíd mór-chuid airgid amach air leabharthaibh agus air iris-leabharthaibh i d-teangthaibh eile, acht is air éigin is féidir leabhar gaedhilge do chlódh-bhualadh le h- uireasbadh cunganta; agus atá Iris-leabhar na Gaedhilge ag dul i léig, mar bheidheadh 'sé ró mhór de shraith orrainn é do chongbháil suas!! Go deimhin ní fé onóir ná fé mheas a bheidhmíd ag na glúintibh a thiocfas 'nár n- díagh i d-taobh ár bh-faillighe ans an m-ball- oighreachda atá ag sleamhnughadh uainn. Sagart eile ó chúige Mumhan.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services