SEARC-LEANMHAIN CHRÍOST
an dara clodh
LE SAGART Ó CHÚIGE MUMHAN
Breis agus trí fichid blíadhain ó shoin
d'aistrigh an t-athair Domhnall ó Súilliobháin
Searc-leanmhain Chríost go Gaedhilge, agus
do chuir sé i g-clódh é. Tar éis na méide
sin aimsire tá an sean-chlodhughadh nach beag
sniómhtha amach, agus ní furas cóib de d'fhá-
ghail air airgiod. Acht, buidheachas le Día
agus leis an “Sagart ó Chúige Mumhan,”
tá nuadh-chlódh oireamhnach anois aguinn, agus
cuirimíd fáilte roimhe go fonnmhar. Go
deimhin tuilleann an fear eagair buidheachas
Clann-na-n-Gaodhal go fóirleathan i d-taobh
na h-oibre seo, mar is obair í ata deunta
i módh chreideamhnach, ní amháin dó féin, acht
dá théangain duthchais agus do'n léir-sgríbhin
chomh maith. Agus cá bh-fuil an leabhar is mó
is fíu meas do bheith air 'ná an leabhairín
gleóite seo Thomaís a Cempis? Cá líachd
teanga chomh milis, blasda, le canamhuin na
h-aistrighthe seo, ná aistriughadh seo? Uime
sin ní bh-fuilmíd ag deunadh iomarca de'n
“Sagart ó Chúige Mumhan” ná dhá obair
'nuair a deirimíd gur chuir se mór-chomaoin
air mhuintir agus air Chléir na h-Éirionn
leis an dara cur amach so do bhronnadh ortha.
Ní h-é go bh-fuil an leabhar gan lochd. Faraor!
ní féidir leabhar Gaedhilge do chlódhughadh
gan teimheal, mar táthar ag cur teanga i
g-clódh atá ann ainbhfios air na clódhadóiribh
féin. Acht, i d-taobh an fhir eagair, righne
sésean a pháirt go caíleamhuil. Lean sé
lorg an cheud fhir eagair, mar budh bhithte dhó,
agus níor chuaidh sé amughadh. Righne sé ais-
triughadh dlisdineach air fhocalaibh áirighthe, gan,
air an am cheadna, aon ruathar do dheunadh.
Ís maith linn nár aistrigh sé focail de'n
samhuilt seo:— Seirbhís, cúrsa, símplidheachd
etc., acht do b'fheárr linn “ocáididhe”
ná “ocáideacha.” Tá an focal “cad” i
g-comhnuidhe i n-áit “creud;” seo malairt
nach d-tig linn a mholadh ná a cháineadh.
Acht tar eís dúinn an leabhar do chuar-
tughadh ceachd le ceachd, measamaoid
nár bh-féidir do neach air bith é dheunadh
níos feárr. I d-tosach an leabhair atá
geárr-sheanchas air bheatha an Athar Domhnall
ó Súilliobháin, agus is cinnte gur sgoláire
gaedhilge é an t-ughdar, mar is bínn í a
chanamhuin agus is liomhtha a pheann. Deir
sé gur thug an Saoi Plémion “mórán
cunganta” dhó leis an obair, agus níor
bheag linn sin de chomhartha air fheabhas a
deunta.
Is clos dúinn gur cuireadh cóibh de chum
an Phápa, agus gur ghlac an t-athair ró
naomhtha an leabhar le taithneamh agus le
luathgháir. D'fheuch sé tríd, agus d'fhíafruigh
sé dhe Árd-Easpog O'Cíarmhic — a righne é
theamhlacadh — an raibh mórán anois ag la-
bhairt teanga na naomh a's na n-ollamh, agus
chuir a Naomhacht a bheannachd Abstalda chum
an fhir eagair, agus chuca so do bhí ag cuidi-
ughadh leis. Go deimhin chuir an sgeula so
áthas mór orrainn, agus thug sé chum ár g-
cuimhne an teachdearachd úd eile do chuir a
roimh-shealbhadóir Píus IX blíadhanta ó shoin
chum Ard-Easpoig Nantes san bh-Frainc.
Chomhairligh an t-Athair Naomhtha dhó a dhíthchioll
do dheunadh chum teanga na Breatáine do
choimeád beó: “óir” ar a Naomhachd “chomh
fada a's bheidheas an sean-teanga i m-beu-
laibh na n-daoineadh ní'l baoghal air an g-
creideamh.”
Le cungnamh Dé ni'l aon bhaoghal air an
g-creideamh i n-Éirinn, acht gan amhras budh
mhaith an sás — fé Dhía — an Gaedhilge i m-beu-
laibh na n-daoineadh chum an creideamh do choi-
meád air lasadh 'na g-croidhthibh ans an aim-
sir do chuaidh thart. Air an adhbhar sin cad
fá nach bh-fuil níos mó measta aguinn uirthe?
Cad fá go bh-fuilmíd chomh failligheach innte?
Faire orrainn i d-taobh ár neamh-shuimeamh-
lachda i d-teangain ár sínsir — an teanga
ann ar' labharadar, agus ann ar' ghuidheadar,
agus ann ar' sgríobhadar ár naoimh a's ár
n-ollaimh. Tá eólas aguinn-ne, dá ríribh,
air chanamhuintibh gallda, agus atá saint
orrainn a bheith úrlabhairteach agus beachd-
fhoghlumtha ionnta, acht ni'l ár d-teanga ársa,
ealadhanta féin, ag tabhairt aon chúraim
dúinn. Cuirimíd mór-chuid airgid amach
air leabharthaibh agus air iris-leabharthaibh i
d-teangthaibh eile, acht is air éigin is féidir
leabhar gaedhilge do chlódh-bhualadh le h-
uireasbadh cunganta; agus atá Iris-leabhar
na Gaedhilge ag dul i léig, mar bheidheadh
'sé ró mhór de shraith orrainn é do chongbháil
suas!! Go deimhin ní fé onóir ná fé mheas
a bheidhmíd ag na glúintibh a thiocfas 'nár n-
díagh i d-taobh ár bh-faillighe ans an m-ball-
oighreachda atá ag sleamhnughadh uainn.
Sagart eile ó chúige Mumhan.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11