Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beagán Focal timchioll Aondacht na Gaedhilge.
Title
Beagán Focal timchioll Aondacht na Gaedhilge.
Author(s)
O'Briain, Padraic,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEAGÁN FOCAL TIMCHIOLL AONDACHT NA GAEDHILGE Do Eagaradoir Irisleabhair na Gaedhilge A Shaoi Uasail — Is dóigh liom gur riach- danach duit an staid 'na bh-fuil Aondacht na Gaedhilge do chur go soilleir os comhair na n-Eireannach chomh minic agus is feidir, mar shúil go bh-fuidheadh an t-Aondacht an chabhair d'a bh-fuil siad in easbuidh, dus go d-tiocfadh leo an obair thabhachdach ta togtha i laimh aca do choimh-lionadh. Ata ann Aondacht na Gaedhilge urmhor de na sgolairidhe is feárr eolas air an n-Gaedhilig d'a bh-fuil in Eirinn, agus is é a mian ár d-teanga ársa do árdughadh an gach céim. Budh cheart do'n deagh-theisd sin a chuir i n-umhail do Eirea- nuighe bhidheann aig lorg saoirseacht' a d-tíre gur chóir doibh rud eigin do dheanamh air son teanga na tire. Mar a n-deunfadhmuid- ne ár n-dithchiol an fhaid ata an teanga beó chum í do chongmhail mar urlabhra ameasg muintire na h-Eireann is cosmhuil go m- beidh geinealuigh 'na dhiaigh so milleánach orrainn agus go m-beidh cinidheacha coig-
criocha aig magadh fúinn a d-taobh ár bh-fail- lighe. Admhuighthear go coitcheann gur deas, oireamhanach an foilsiughadh Irisleabhair na Gaedhilge, agus ó nach bh-fuil aon irisleabhar eile clodhbhuailte in Eirin tugtha suas air fad chum fóirleathnuighte na Gaedhilig níl a mhailirt de mheadhon againn air na briathra blasda do labhair ar sinsir do cóimhead buan, agus na d-taobh gur chan Aodh Buidhe MacCuirtin:— “Nior dheilbh an domhan uile Teanga is millse mórthuile, De bhriathraibh is briochtshnuite blas Caint is cianntuilte cuntas.” Is fíor go bh-fuil aig Aondacht na Gaedhilge mór-chuid cáirde diongmhala, acht is ceart dúinn go leir ár g-congnamh do chur mar aon le cheile, agus d'a n-deunfamaois, do thioc- fadh linn an Gaedhilig do shaoradh agus do leasughadh. Is sí an fead-chomhartha í is luachmhaire do fhag ár n-aithreacha againn. Ma tugamaoid iarrachd air, is gearr go m- beidh tairngire an t-Saoi O'Maelmhuadh comh- líonta, an trath a dubhairt sé timcioll dha cheud bliadain ó shoin:- “Biadh an Ghaedhelg fá mhes mhór A n-Athchliath na fflesc ffinól.” Is me do sheirbhiseach umhal, PADRAIC O'BRIAN. Baile Ath-chliath, Márta, 1887.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services