BEAGÁN FOCAL TIMCHIOLL AONDACHT
NA GAEDHILGE
Do Eagaradoir Irisleabhair na Gaedhilge
A Shaoi Uasail — Is dóigh liom gur riach-
danach duit an staid 'na bh-fuil Aondacht na
Gaedhilge do chur go soilleir os comhair na
n-Eireannach chomh minic agus is feidir, mar
shúil go bh-fuidheadh an t-Aondacht an chabhair
d'a bh-fuil siad in easbuidh, dus go d-tiocfadh
leo an obair thabhachdach ta togtha i laimh aca
do choimh-lionadh. Ata ann Aondacht na
Gaedhilge urmhor de na sgolairidhe is feárr
eolas air an n-Gaedhilig d'a bh-fuil in Eirinn,
agus is é a mian ár d-teanga ársa do
árdughadh an gach céim. Budh cheart do'n
deagh-theisd sin a chuir i n-umhail do Eirea-
nuighe bhidheann aig lorg saoirseacht' a d-tíre
gur chóir doibh rud eigin do dheanamh air son
teanga na tire. Mar a n-deunfadhmuid-
ne ár n-dithchiol an fhaid ata an teanga beó
chum í do chongmhail mar urlabhra ameasg
muintire na h-Eireann is cosmhuil go m-
beidh geinealuigh 'na dhiaigh so milleánach
orrainn agus go m-beidh cinidheacha coig-
criocha aig magadh fúinn a d-taobh ár bh-fail-
lighe. Admhuighthear go coitcheann gur deas,
oireamhanach an foilsiughadh Irisleabhair na
Gaedhilge, agus ó nach bh-fuil aon irisleabhar
eile clodhbhuailte in Eirin tugtha suas air
fad chum fóirleathnuighte na Gaedhilig níl
a mhailirt de mheadhon againn air na briathra
blasda do labhair ar sinsir do cóimhead
buan, agus na d-taobh gur chan Aodh Buidhe
MacCuirtin:—
“Nior dheilbh an domhan uile
Teanga is millse mórthuile,
De bhriathraibh is briochtshnuite blas
Caint is cianntuilte cuntas.”
Is fíor go bh-fuil aig Aondacht na Gaedhilge
mór-chuid cáirde diongmhala, acht is ceart
dúinn go leir ár g-congnamh do chur mar aon
le cheile, agus d'a n-deunfamaois, do thioc-
fadh linn an Gaedhilig do shaoradh agus do
leasughadh. Is sí an fead-chomhartha í is
luachmhaire do fhag ár n-aithreacha againn.
Ma tugamaoid iarrachd air, is gearr go m-
beidh tairngire an t-Saoi O'Maelmhuadh comh-
líonta, an trath a dubhairt sé timcioll dha
cheud bliadain ó shoin:-
“Biadh an Ghaedhelg fá mhes mhór
A n-Athchliath na fflesc ffinól.”
Is me do sheirbhiseach umhal,
PADRAIC O'BRIAN.
Baile Ath-chliath, Márta, 1887.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11