Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
In Memóriam.
Title
In Memóriam.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1889
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IN MEMÓRIAM. Go luath 'san Márta — mí na h-imirighe, Do ‘bhuail an uair’ d' ár n-athair ionmhuin Seaghan; * A thearma tabhartha 'nn so, a laethe lán De ghniomharthaibh 's feárr: ní rigne aon mhoill 'san t-slighe, A's thuill mar luach a shaothair coróinn síor- ruidhe. Deagh-órduighthe a shaoghal — guidhim leis “ceud slan!” A's 'nuair a ghoir an bás bí ag áirneán, Gidh tháinic súd air gan fhios mar ghaduidhe. Do thógadh uainn ár leomhan — ní ag á mhaoidh- eamh Atámaoidh ort, a Dhé! leat-sa gach n-aon — Acht bhí chomh cáirdeamhuil, cíallmhar, cneasta, caoimh, Ní thógfair orrainn sinn a bheith faoi leun: Badh gheal a chroidhe; badh chéimeamhuil, árd, a cháil, In Eírinn ní'l a shamhuil anois le faghail. M--. Geárr — theagasg do'n treas Domhnach de'n Aid-bhent. Soisgeul an lae ann so: “'San am san ” &c. Another Sermon as spoken. 'Nuair a tháinic an t-am chum críche do bhí ceapuighthe dh' ár Slánuightheóir Íosa Críost é féin do fhoillsiughadh dho 'n saoghal, chuir Sé The Rev. J. J. O'Carroll, S.J., who died at Univer- sity College, Dublin, March 9th, 1889.
teachtaire roimhe ag craobhsgaoile dho 'n b-pobul gho raibh Sé i bh-fogus dóibh. Badh h-é Naomh Eoín Baiste an roimh-theachtaire seo. D'imthig Naomh Eóin air an adh-bhar san, agus chuaidh sé cois Abh-Iordain, agus bhí sé ag teagasg na n-daoineadh agus dá m- baisteadh, agus chuaidh gairm amach gur bh'é Críost é, nó duine dhe s na fáighibh do tháinic thar ais air an saoghal. Acht d' admháíl sé cé 'r bh'é feín, agus níor sheun sé; dubh- airt sé nár bh'é Críost é, ná Elías, ná fáigh; nach raibh ann féin acht guth aig glaodhach 'san bh-fásach: “Dírígidh slighe an Tíghearna.” Táinic sé ag fógairt go raibh 'na measg an té nár bh'fiu é séin íalacha a bhróg do sgaoileadh. Chomhairligh se dhóibh oibreacha na h-áithrighe do dheunadh chum go m-beidís ullamh teagasg Íosa a ghlacadh le h-umhluigheacht, agus a chomhlionadh le duth- racht. Leis an inntinn cheudna a dhr. fógraigh- eann an Eaglais dúinn-ne andiu slighe an Tighearna a dhíriughadh — sé sin, ár m-beatha a riaghlughadh, agus sinn feín a chur i g-cóir mar go bh-fuil ár Slánuightheoír i n-aice dhúinn. Dírígidh slighe an Tighearna dá réir sin a phobuil, mar atá Sé aig teacht chum comhnuighthe n-bhúr measg; tá Sé aig teacht chum bhúr g-cúis a réighteach, chum bhúr slabh- ruidhe a briseadh, chum compórd a chur orraibh, chum sibh a ghlacadh asteach 'na sheirbhís féin, chum cáirdeas a dheunadh libh, agus chum saidhbhreas síorruidhe a bhronnadh orraibh. Dírígídh slighe an Tighearna! réightígidh a chasain, agus ná bíodh cosg ná toirmeasg air bith dhá bhacádh gan teacht aig fiosrughadh a phobuil. Má tá cnoic 'san t-slighe, deuntar íad a thabhairt anuas; má tá clasa innte, deuntar íad a lionadh asteach. Islíghtear gach ardán, agus árduightear gach ísleán; deuntar ball bog de'n m-ball cruaidh, agus ball mín de'n m-ball garbh; agus gach nídh atá aig deunadh achrainn 'san t-slighe sguabtar as é. Ans na laetibh so atá fós gan caitheamh roimh Nodlaig deunaidh sibh féin a leíriughadh a dr. chum go bh-faghaidh an leanbh Íosa ann bhúr n-anam áit-chomh- nuighthe oireamhnach, gleusta. Má tá cnoc- aín pheacaidh 'san m-bealach leagtar anuas go bun, agus sgaiptear thar teórainn íad; má tá árdáin de dhrochghniomharthaibh nó de dhroch — bhríathraibh ann, deuntar iad a ís- liughadh; má tá clasa faillighe ann, líontar suas le deagh-oibreachaibh íad. Bíodh feasta umhluigheacht agus macántacht ann áit na taibhse agus na h-eug-córa; measurrdhacht ann áit an chraois óil, agus deaghshompla ann áit na sgannla. Siubhailigidh feasta go diongmhálta i slighe aitheantadh Dé, agus tar éis díbh bhúr lamh a chur air an g-ceuchta ná feuchaigidh síar, air eagla nár bh-fiu sibh seilbh do fhaghail i righeacht na bh-flathas. Ná cuireadh nidh air bith d' fiachaibh orraibh filleadh thar ais, ná cuireadh dadamh eagla orraibh, dá m-budh é an t-aidhbherseóir féin é; beidh sésean romhaibh gan amhras le 'n a chathaighibh agus le 'na chealgaibh, acht glaodh- aigidh air ainim Dé agus Mhuire agus ní baoghal dibh. Léighmíd i bh-focal Dé go raibh fear dárbh' ainim Samson — an fear badh mhó neart a bhí 'san domhan — go raibh sé uair áirighthe ag dul aig fiosrughadh a chéile, agus áir a thaisdiol do gur casadh leis leomhan 'san t-slighe. Bhí sé meisneamhuil, neartmhar, agus níor chuir an beathach fíadhain aon eagla air. Ghluais sé air aghaidh, d'íar sé air Dhía é chur air a leas, agus leis sin ghabh sé air an leomhan agus strac se as a chéile é mar a dheunfadh sé le mionán gabhair. Chaith sé an conablach air thaobh an bhóthair agus d'imthigh sé air a aisdear go h-úr-inntinneach. Tar éis beagán lae- theanta bhí sé ag gabháil thar an ait céadna air a chasadh dho, agus chonnairc sé saithe beach agus cíar-meala deunta aca i m-beul an leomhain; thóg sé cuid di agus bhlais, agus bhí an mhil air aíleacht. Is mar seo, i g-compráid, a thárlaidheas do'n droing a chuireas i n-aghaidh a namhad go crodha; do-gheibheas buadh orra le cungnamh agus
grása Dé, agus do thógann orra féin ughaim an Tíghearna — blaisid milseacht dlighe chirt Dé, agus caithid a saoghal i sólás agus i síor-gháirdeachas. Air an adh- bhar san a dhr. deunaidh-si air theacht na Nodlag, troid go crodha i n-aghaidh bhúr namhad go léir — i n-aghaidh an díabhail, an t-saoghail, agus na colna; cuirigidh bhúr n-droch-chleachtaidhe fé chois, agus cosg air bhúr g-claontaibh; léirígidh bhúr g-croidheacha roimh an leanbh Íosa, agus tugaidh cuireadh Dho teacht chum comhnuighthe libh; agus má tá sibh ullamh tiocfaidh, agus tabhairfidh Sé Dhíbh gach subhailceas agus gach aoibhneas, agus bronnfaidh Sé orraibh an t-síothcháin atá geallta do lucht deigh-mhéine.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services