IN MEMÓRIAM.
Go luath 'san Márta — mí na h-imirighe,
Do ‘bhuail an uair’ d' ár n-athair ionmhuin
Seaghan; *
A thearma tabhartha 'nn so, a laethe lán
De ghniomharthaibh 's feárr: ní rigne aon
mhoill 'san t-slighe,
A's thuill mar luach a shaothair coróinn síor-
ruidhe.
Deagh-órduighthe a shaoghal — guidhim leis
“ceud slan!”
A's 'nuair a ghoir an bás bí ag áirneán,
Gidh tháinic súd air gan fhios mar ghaduidhe.
Do thógadh uainn ár leomhan — ní ag á mhaoidh-
eamh
Atámaoidh ort, a Dhé! leat-sa gach n-aon —
Acht bhí chomh cáirdeamhuil, cíallmhar, cneasta,
caoimh,
Ní thógfair orrainn sinn a bheith faoi leun:
Badh gheal a chroidhe; badh chéimeamhuil, árd,
a cháil,
In Eírinn ní'l a shamhuil anois le faghail.
M--.
Geárr — theagasg do'n treas Domhnach
de'n Aid-bhent. Soisgeul an lae ann so:
“'San am san ” &c.
Another Sermon as spoken.
'Nuair a tháinic an t-am chum críche do bhí
ceapuighthe dh' ár Slánuightheóir Íosa Críost é
féin do fhoillsiughadh dho 'n saoghal, chuir Sé
The Rev. J. J. O'Carroll, S.J., who died at Univer-
sity College, Dublin, March 9th, 1889.
teachtaire roimhe ag craobhsgaoile dho 'n
b-pobul gho raibh Sé i bh-fogus dóibh. Badh
h-é Naomh Eoín Baiste an roimh-theachtaire
seo. D'imthig Naomh Eóin air an adh-bhar san,
agus chuaidh sé cois Abh-Iordain, agus bhí sé
ag teagasg na n-daoineadh agus dá m-
baisteadh, agus chuaidh gairm amach gur bh'é
Críost é, nó duine dhe s na fáighibh do
tháinic thar ais air an saoghal. Acht d' admháíl
sé cé 'r bh'é feín, agus níor sheun sé; dubh-
airt sé nár bh'é Críost é, ná Elías, ná
fáigh; nach raibh ann féin acht guth aig
glaodhach 'san bh-fásach: “Dírígidh slighe an
Tíghearna.” Táinic sé ag fógairt go raibh
'na measg an té nár bh'fiu é séin íalacha a
bhróg do sgaoileadh. Chomhairligh se dhóibh
oibreacha na h-áithrighe do dheunadh chum go
m-beidís ullamh teagasg Íosa a ghlacadh le
h-umhluigheacht, agus a chomhlionadh le duth-
racht.
Leis an inntinn cheudna a dhr. fógraigh-
eann an Eaglais dúinn-ne andiu slighe an
Tighearna a dhíriughadh — sé sin, ár m-beatha
a riaghlughadh, agus sinn feín a chur i g-cóir
mar go bh-fuil ár Slánuightheoír i n-aice
dhúinn.
Dírígidh slighe an Tighearna dá réir
sin a phobuil, mar atá Sé aig teacht chum
comhnuighthe n-bhúr measg; tá Sé aig teacht
chum bhúr g-cúis a réighteach, chum bhúr slabh-
ruidhe a briseadh, chum compórd a chur orraibh,
chum sibh a ghlacadh asteach 'na sheirbhís féin,
chum cáirdeas a dheunadh libh, agus chum
saidhbhreas síorruidhe a bhronnadh orraibh.
Dírígídh slighe an Tighearna! réightígidh a
chasain, agus ná bíodh cosg ná toirmeasg
air bith dhá bhacádh gan teacht aig fiosrughadh
a phobuil. Má tá cnoic 'san t-slighe,
deuntar íad a thabhairt anuas; má tá
clasa innte, deuntar íad a lionadh asteach.
Islíghtear gach ardán, agus árduightear
gach ísleán; deuntar ball bog de'n m-ball
cruaidh, agus ball mín de'n m-ball garbh;
agus gach nídh atá aig deunadh achrainn 'san
t-slighe sguabtar as é. Ans na laetibh so
atá fós gan caitheamh roimh Nodlaig deunaidh
sibh féin a leíriughadh a dr. chum go bh-faghaidh
an leanbh Íosa ann bhúr n-anam áit-chomh-
nuighthe oireamhnach, gleusta. Má tá cnoc-
aín pheacaidh 'san m-bealach leagtar anuas
go bun, agus sgaiptear thar teórainn íad;
má tá árdáin de dhrochghniomharthaibh nó de
dhroch — bhríathraibh ann, deuntar iad a ís-
liughadh; má tá clasa faillighe ann, líontar
suas le deagh-oibreachaibh íad. Bíodh feasta
umhluigheacht agus macántacht ann áit na
taibhse agus na h-eug-córa; measurrdhacht
ann áit an chraois óil, agus deaghshompla
ann áit na sgannla. Siubhailigidh feasta
go diongmhálta i slighe aitheantadh Dé, agus
tar éis díbh bhúr lamh a chur air an g-ceuchta
ná feuchaigidh síar, air eagla nár bh-fiu sibh
seilbh do fhaghail i righeacht na bh-flathas. Ná
cuireadh nidh air bith d' fiachaibh orraibh
filleadh thar ais, ná cuireadh dadamh eagla
orraibh, dá m-budh é an t-aidhbherseóir féin
é; beidh sésean romhaibh gan amhras le 'n a
chathaighibh agus le 'na chealgaibh, acht glaodh-
aigidh air ainim Dé agus Mhuire agus ní
baoghal dibh.
Léighmíd i bh-focal Dé go raibh fear
dárbh' ainim Samson — an fear badh mhó
neart a bhí 'san domhan — go raibh sé uair
áirighthe ag dul aig fiosrughadh a chéile, agus
áir a thaisdiol do gur casadh leis leomhan
'san t-slighe. Bhí sé meisneamhuil, neartmhar,
agus níor chuir an beathach fíadhain aon
eagla air. Ghluais sé air aghaidh, d'íar sé
air Dhía é chur air a leas, agus leis sin
ghabh sé air an leomhan agus strac se as a
chéile é mar a dheunfadh sé le mionán
gabhair. Chaith sé an conablach air thaobh an
bhóthair agus d'imthigh sé air a aisdear go
h-úr-inntinneach. Tar éis beagán lae-
theanta bhí sé ag gabháil thar an ait céadna
air a chasadh dho, agus chonnairc sé saithe
beach agus cíar-meala deunta aca i m-beul
an leomhain; thóg sé cuid di agus bhlais,
agus bhí an mhil air aíleacht. Is mar seo,
i g-compráid, a thárlaidheas do'n droing a
chuireas i n-aghaidh a namhad go crodha;
do-gheibheas buadh orra le cungnamh agus
grása Dé, agus do thógann orra féin
ughaim an Tíghearna — blaisid milseacht
dlighe chirt Dé, agus caithid a saoghal i
sólás agus i síor-gháirdeachas. Air an adh-
bhar san a dhr. deunaidh-si air theacht na
Nodlag, troid go crodha i n-aghaidh bhúr
namhad go léir — i n-aghaidh an díabhail, an
t-saoghail, agus na colna; cuirigidh bhúr
n-droch-chleachtaidhe fé chois, agus cosg air
bhúr g-claontaibh; léirígidh bhúr g-croidheacha
roimh an leanbh Íosa, agus tugaidh cuireadh
Dho teacht chum comhnuighthe libh; agus má
tá sibh ullamh tiocfaidh, agus tabhairfidh Sé
Dhíbh gach subhailceas agus gach aoibhneas,
agus bronnfaidh Sé orraibh an t-síothcháin
atá geallta do lucht deigh-mhéine.