Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imirt na n-daoineadh maithe, no siabhraidhe, air O'Mathghamhna agus air a bhuachail.
Title
Imirt na n-daoineadh maithe, no siabhraidhe, air O'Mathghamhna agus air a bhuachail.
Author(s)
O'Briain, Padruig,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IMIRT NA N-DAOINEADH MAITHE, NO SIABHRAIDHE, AIR O'MATHGHAMHNA AGUS AIR A BHUACHAIL. Mórán bliadhan ó shoin, a bh-fad sul do thainic leis na Sacsanaibh namhadmhara an lamhuachdair d'fhaghail go h-iomlán air Chuig Cuige na h-Éireann, do chomhnuigh i n-Ibh-Eachach fear de mhuintir Ui Mathghamhna, agus budh tighearna air roin mhór talmhan é, acht ní raibh sé air a shon sin mórdhálach no taibhseach. Bhídh comharsana bochta aige, agus budh ghnáthach le n-a m-beathaigh dul thar teórainn, agus díobháil do deunamh d'á bháir. Dubhairt O'Mathghamhna go g-caith- feadh sé cosg do chur air an obair sin, agus oidhche airighthe ghlaodhaigh sé air a bhuachail,
Eirigh ad' shuigh,” ar sé, “a bhuachail is feárr do bhídh ag duine bocht riamh, agus rachfadh- maoid ag feicsin ár ngort. Is deimhneach go g-creachfar sinn má leigfeadhmaoid níos sia do bhath agus do chapuillibh ár g-comhar- san cead a g-cos do bheith aca gan leóir- gníomh eigin d'fhaghail 'n-a d-taobh. Budh oidhche breagh gealaighe í, agus shaoileadar go raibh an lá i ngoirgheachd dhóibh, oir anns na laethibh úd bhídh uaireadóiridhe gann. Ghleusadar araon a g-cuid eadaigh umpa, agus cuireadar chum an bhothair. Air n-dul amach do'n bhuachail dubairt sé:— “Gaoth i n-deas bidhean sí teith agus cui- reann sí rath air síoltaibh, Gaoth i d-tuaidh bidhean sí fuar agus cui- reann sí fuachd air daoinibh, Gaoth i n-iar bidhean sí fial agus cuireann sí iasg i líontaibh, Gaoth i n-oir bidhean sí ag sioc agus buaneann sí troigh de'n tuíde.” Bhídh an áit air a rabhadar ag triall suas le dhá mhíle uatha, acht is geárr do chuadhadar an tráth chualadar fuaim agus fothram 'n-a n-diaigh mar bheidheadh tiomargadh daoineadh ag aidhneas le chéile; bhidheadar anns an am céadna ag cur na slighe dhíobh go luaim- neach mear agus iad uile ag marcuidheachd air capuillibh. “A mhaighistir, cia h-iad so, tá d'ár n-ionnsuigh,” ar an buachail. “Croidhe craidhte cugat,” a dubhairt O'Math- ghamhna, “is cuma dhuit; ná bac iad féin. An rud nach m-buaineann leat ná buain leis. Luigh asteach fá an d-tor so air an g-cloidhe agus leig dóibh imtheachd thart. Ní raibh achd aimsir aige druidim i leath-taoibh an uair bhídh tosach na marcach 'n-a lathair, acht níor thug aon duine dhíobh fá deara O'Mathghamh n agus a bhuachail no gur tharla do fhear ruadh bhidh ag a n-deire iad do fheicsin. “Fóil, fóil,” ar sé, “iompoighidh air ais, tá daoine iargcúlta annso.” Air filleadh dhóibh chon- narcadar O'Mathghamhna. “An bh-fuil aithne ag aon agaibh air na fir so,” ar an t-uachdarán bhídh orra. “Tá,” dubhairt duine d'á raibh 'n-a measg. “Is gairid an ghaol bhídh eidir an fear gallánta so, darb' cómhainm O'Math- ghamhna, agus na fearaibh uaisle air a n-deirtí:— ‘O'Mathghamhna i n-iarthar agus tighearna Ibh-Laoghaire, Dís bhídh i d-tighearnus agus 'm-a diaigh sin ag iaradh déirce.’ Is minic, gan amhras, chualabhar trácht tharsta an tráth bhídheabhar n-bhur g-comh- nuighe i d-Tír na m-Ban Uaigneach.” Do ghéilleadhadar go léir d'á cháint. Tar éis a g-comhairle chur le chéile bhreathnuigheadar go m-bfeárr iad do bhreith leó 'n-a g-cuid- eachta. Bhídh capull ag inghilt i b-páirc comhgharach dóibh agus chuireadar O'Math- ghamhna an áirde air, agus a bhuachail air mhuin muice bídh ag tomhach i n-díog an bhó- thair, oir is feárr marcuigheachd air ghabhar ná an coisidheachd dá fheabhas. Annsan ghluaiseadar chum siubhail. Ghlac iongan- tus mór an buachail fá fáth a d-taisdiol, agus is geárr do chuadhadar an uair d'fhiaf- ruigh sé de'n duine bhídh i n-aice leis cá rabhadar ag dul? “Labhair go h-ísiol,” ar sé, “no gheobhfar de cosaibh ionnat. Is sinne na Daoine Maithe ó Lios an Dúthaigh, agus is féidir linn oig-bhean uasal tá le pósadh anochd d'fhuadach má chuirean sí trí sraotha aiste gan ‘Dia linn’ do radh. Tá an áit tuairim le sé míle uainn, agus mar is ríachdanach duinn beith ann i n-am caithfeadhmaoid deithneas do deanamh.” Air críochnughadh an comhrádh so do bhídheadar ag srothán beag a rith trasna an bhothar, agus shiubhal na capuill tríd, acht do thug an muc aon léim amhain thairis. “Is maith an léim ó mhuic í,” ar an buachail, de ghuth árd. Rugadh air agus tugadh bataráil do ó bathas a chínn go bonnaibh a chos. Níor leig eagla do focal eile labhairt go rainiceadar an teach mar a raibh an pósadh le bheith. Budh iomarcach na daoine bhídh ann, maille le ceólta binne agus gach aoibhneas mheid- eóchadh a luathghaire. Chur na Daoine Maithe, no Siabhraidhe, O'Mathghamhna agus a bhuachail fá dhraoidheacd, agus iad féin
mar an g-ceadna. Cuadhadar asteach anns an seómra ann a raibh an cóisir, agus an lanamhain óg agus an sagart 'n-a meadhon, agus d'fholuigheadar iad féin i g-cúineadh na bh-fuinneóg. Air m-beith dhóibh ann tamall, do leig an bhean óg sraoth, gan “Dia linn” do radh. “Tá a trian againn,” ar na Daoine Maithe. A g-cionn treibhse geárr eile leig sí an dara sraoth, acht níor chuimhnigh sí air “Dia linn,” do radh go tráth- amhuil. “Eistidh,” ar na Daoine Maithe, “tá a dá d-trian againn.” Go luath 'n-a dhiaigh sin chur sí an trídheadh sraoth aiste, acht is tapadh do fhreagair an buachail, “Dia linn.” Ní tuisge dubhairt sé na focail so ná, air phreab na súl, do caith na Daoine Maithe é air fud na miasa bhídh leagtha air an g-clár, agus is cóir do mheas gur mór an glór do rinn sé. Do rioth gach n-aon chum an dorais, agus do leónadar agus do leagadar a chéile ag iaradh dul amach. Níor lean an draoidheacht níos sia d' O'Math- ghamhna no d'á bhuachail. Air feicsin na sólástaidhe bhídh 'n-a d-timchioll, shuigheadar síos ag an g-clár agus chromadar air ithe agus air ól, gan duine 'n-a bh-fochair, oir bhidh ocrus orra. “Budh chuibhe dhamhsa,” ar an sagart, air athsmuaineadh cread budh chóir do dheanamh, “fanmhuin agus fios d'faghail uatha súd cia h-iad féin ná teitheamh go neimhéifeachdamhuil.” Chuadh sé chum cainte leó agus do inniseadar do a d-tasc do reir mar theagmhaigh 'n-a slighe. D'admhuigh an sagart ó nach raibh an oig-bhean póstadh fós gur do'n bhuachail budh chirte í thabairt mar nuachar. Bhídh a h-athair agus a mathair air an aigne ceadna, acht do chomhairligh an buachail iad an cleamhnas do chur air cairde go n-iarfadh sé cead agus beannachd a athair agus a mhathair féin, agus do réidh- teadar air an g-coinghioll sin. Thainic tuirse air O'Mhathghamhna agus air a bhuachail, agus chuadhadar chum codlata i leaba clumh-éun taisbeanadh dóibh i seómra i n-uachdar an tighe. Thuiteadar i suan trom mar bhidheadar tnáite i n-diaigh a d-trus, acht air mhusguilt dóibh air maidin, agus a grian go h-árd anns an aer, is amhla bhídhe- adar sínnte i reidh-chnoc fraoich, agus gan duine no teach 'n-a radharac. Do chasadar abhaille go tréith chum a n-ionaid chomh- nuighte. Thógadar cloidhe-teorainn leathan árd eidir iad féin agus a g-comharsanaibh, agus riamh 'n-a diaigh sin ní raibh gadh aca imshniomh do glacadh le eagla go n-deunfaidh foghal d'á n-arbhar. PHADRUIG O'BRIAIN. Baile Atha Cliath, Mí Deireadh an t-Samhraidh 1888. VOCABULARY. Aighneas, obstinate arguing or disputing; beathach, -aigh, pl. id. s.m.; breathnuigheadar, they decided; cleamhnus -uis, pl. id. sm. marriage, affinity or relationship by marriage; coisidheact, the ability to walk; s.m. creachfar v.a. will be pillaged, laid waste; fraoch, s.m. heath; fóil, interj., softly; fuadach, v.a. to take by force; gallánta, ind. adj, decent, gallant; gealach, -aighe, s.f. the moon; glaodhaigh, v.n., to call; goirgheacd s.f. closeness, nearness; gort, g. guirt, pl. id. s.m, a garden, a cornfield; iargculta ind. adj. remote, churlish; Ibh-Eachachach territory in the west of the County Cork, anciently belonging to the O'Mahonys; Ibh-Laoghaire, now Iveleary, a dis- trict in the County Cork formerly possessed by the O'Learys, a branch of the old Lugadian race, and whose first territories were the ancient city of Ross- Carbery, and its liberties or environs. Imir, inf. imirt, v.a., play, game; imshniomh, care, anxiety; ionncuigh, inf. id. v.a., approach, attach; ingil, inf. ingilt, v.a. feed, graze, pasture; leigfeadhmaoid, we will permit; lámhuachdair, s.m. mastery, supre- macy; lanamhain, pl. id. and -mhnacha, s.f. a couple a married couple; leónadar, they sprained; leor- gníomh, s.m. satisfaction; Lios an Duthaigh, the name of a townland near Skibbereen; luaimneach, -nighe, adj. active, jumping, fickle; mordhálach, -aighe, adj. proud, boasting; neimhéifeachdamhuil, adj. meaningless, ineffectual; O'Mathghamhna, otherwise written O'Magh-ghamhna, anglicised O'Mahony, de- scended from Cas, brother of Nádfroich, the father of Ængus, first Christian King of Cashel, who was baptized by St. Patrick; síabhra, g. id. pl. -aidhe, a fairy, a sprite; sólástaidhe, s.m. luxuries; taibh- seach, -aigh, adj, pompous, ostentatious; teagmhaigh, -mháil, v.a. and n. meet, befall; tighearnus, -uis, s.m. dominion, power, lordship, jurisdiction, estate; troigh, a foot; tuíde, the tide.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services