Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imirt na n-daoineadh maithe, no siabhraidhe, air O'Mathghamhna agus air a bhuachail.

Title
Imirt na n-daoineadh maithe, no siabhraidhe, air O'Mathghamhna agus air a bhuachail.
Author(s)
O'Briain, Padruig,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

IMIRT NA N-DAOINEADH MAITHE, NO
SIABHRAIDHE, AIR O'MATHGHAMHNA
AGUS AIR A BHUACHAIL.



Mórán bliadhan ó shoin, a bh-fad sul do
thainic leis na Sacsanaibh namhadmhara
an lamhuachdair d'fhaghail go h-iomlán air
Chuig Cuige na h-Éireann, do chomhnuigh i
n-Ibh-Eachach fear de mhuintir Ui Mathghamhna,
agus budh tighearna air roin mhór talmhan é,
acht ní raibh sé air a shon sin mórdhálach no
taibhseach. Bhídh comharsana bochta aige, agus
budh ghnáthach le n-a m-beathaigh dul thar
teórainn, agus díobháil do deunamh d'á
bháir. Dubhairt O'Mathghamhna go g-caith-
feadh sé cosg do chur air an obair sin, agus
oidhche airighthe ghlaodhaigh sé air a bhuachail,


L. 85


Eirigh ad' shuigh,” ar sé, “a bhuachail is feárr
do bhídh ag duine bocht riamh, agus rachfadh-
maoid ag feicsin ár ngort. Is deimhneach
go g-creachfar sinn má leigfeadhmaoid níos
sia do bhath agus do chapuillibh ár g-comhar-
san cead a g-cos do bheith aca gan leóir-
gníomh eigin d'fhaghail 'n-a d-taobh. Budh
oidhche breagh gealaighe í, agus shaoileadar
go raibh an lá i ngoirgheachd dhóibh, oir anns
na laethibh úd bhídh uaireadóiridhe gann.
Ghleusadar araon a g-cuid eadaigh umpa,
agus cuireadar chum an bhothair. Air n-dul
amach do'n bhuachail dubairt sé:—



“Gaoth i n-deas bidhean sí teith agus cui-
reann sí rath air síoltaibh,
Gaoth i d-tuaidh bidhean sí fuar agus cui-
reann sí fuachd air daoinibh,
Gaoth i n-iar bidhean sí fial agus cuireann
sí iasg i líontaibh,
Gaoth i n-oir bidhean sí ag sioc agus buaneann
sí troigh de'n tuíde.”



Bhídh an áit air a rabhadar ag triall suas le
dhá mhíle uatha, acht is geárr do chuadhadar an
tráth chualadar fuaim agus fothram 'n-a
n-diaigh mar bheidheadh tiomargadh daoineadh
ag aidhneas le chéile; bhidheadar anns an
am céadna ag cur na slighe dhíobh go luaim-
neach mear agus iad uile ag marcuidheachd
air capuillibh. “A mhaighistir, cia h-iad so,
tá d'ár n-ionnsuigh,” ar an buachail.
“Croidhe craidhte cugat,” a dubhairt O'Math-
ghamhna, “is cuma dhuit; ná bac iad féin.
An rud nach m-buaineann leat ná buain leis.
Luigh asteach fá an d-tor so air an g-cloidhe
agus leig dóibh imtheachd thart. Ní raibh achd
aimsir aige druidim i leath-taoibh an uair
bhídh tosach na marcach 'n-a lathair, acht níor
thug aon duine dhíobh fá deara O'Mathghamh n
agus a bhuachail no gur tharla do fhear ruadh
bhidh ag a n-deire iad do fheicsin. “Fóil,
fóil,” ar sé, “iompoighidh air ais, tá daoine
iargcúlta annso.” Air filleadh dhóibh chon-
narcadar O'Mathghamhna. “An bh-fuil aithne
ag aon agaibh air na fir so,” ar an t-uachdarán
bhídh orra. “Tá,” dubhairt duine d'á raibh
'n-a measg. “Is gairid an ghaol bhídh eidir an
fear gallánta so, darb' cómhainm O'Math-
ghamhna, agus na fearaibh uaisle air a
n-deirtí:—



‘O'Mathghamhna i n-iarthar agus tighearna
Ibh-Laoghaire,
Dís bhídh i d-tighearnus agus 'm-a diaigh sin
ag iaradh déirce.’



Is minic, gan amhras, chualabhar trácht
tharsta an tráth bhídheabhar n-bhur g-comh-
nuighe i d-Tír na m-Ban Uaigneach.” Do
ghéilleadhadar go léir d'á cháint. Tar éis
a g-comhairle chur le chéile bhreathnuigheadar
go m-bfeárr iad do bhreith leó 'n-a g-cuid-
eachta. Bhídh capull ag inghilt i b-páirc
comhgharach dóibh agus chuireadar O'Math-
ghamhna an áirde air, agus a bhuachail air
mhuin muice bídh ag tomhach i n-díog an bhó-
thair, oir is feárr marcuigheachd air ghabhar
ná an coisidheachd dá fheabhas. Annsan
ghluaiseadar chum siubhail. Ghlac iongan-
tus mór an buachail fá fáth a d-taisdiol,
agus is geárr do chuadhadar an uair d'fhiaf-
ruigh sé de'n duine bhídh i n-aice leis cá
rabhadar ag dul? “Labhair go h-ísiol,” ar
sé, “no gheobhfar de cosaibh ionnat. Is
sinne na Daoine Maithe ó Lios an Dúthaigh,
agus is féidir linn oig-bhean uasal tá le
pósadh anochd d'fhuadach má chuirean sí trí
sraotha aiste gan ‘Dia linn’ do radh.
Tá an áit tuairim le sé míle uainn, agus
mar is ríachdanach duinn beith ann i n-am
caithfeadhmaoid deithneas do deanamh.” Air
críochnughadh an comhrádh so do bhídheadar ag
srothán beag a rith trasna an bhothar, agus
shiubhal na capuill tríd, acht do thug an muc
aon léim amhain thairis. “Is maith an léim
ó mhuic í,” ar an buachail, de ghuth árd.
Rugadh air agus tugadh bataráil do ó
bathas a chínn go bonnaibh a chos. Níor leig
eagla do focal eile labhairt go rainiceadar
an teach mar a raibh an pósadh le bheith.
Budh iomarcach na daoine bhídh ann, maille
le ceólta binne agus gach aoibhneas mheid-
eóchadh a luathghaire. Chur na Daoine
Maithe, no Siabhraidhe, O'Mathghamhna agus
a bhuachail fá dhraoidheacd, agus iad féin


L. 86


mar an g-ceadna. Cuadhadar asteach anns
an seómra ann a raibh an cóisir, agus
an lanamhain óg agus an sagart 'n-a
meadhon, agus d'fholuigheadar iad féin i
g-cúineadh na bh-fuinneóg. Air m-beith dhóibh
ann tamall, do leig an bhean óg sraoth, gan
“Dia linn” do radh. “Tá a trian againn,”
ar na Daoine Maithe. A g-cionn treibhse
geárr eile leig sí an dara sraoth, acht níor
chuimhnigh sí air “Dia linn,” do radh go tráth-
amhuil. “Eistidh,” ar na Daoine Maithe,
“tá a dá d-trian againn.” Go luath 'n-a
dhiaigh sin chur sí an trídheadh sraoth aiste,
acht is tapadh do fhreagair an buachail, “Dia
linn.” Ní tuisge dubhairt sé na focail so
ná, air phreab na súl, do caith na Daoine
Maithe é air fud na miasa bhídh leagtha air
an g-clár, agus is cóir do mheas gur mór
an glór do rinn sé. Do rioth gach n-aon
chum an dorais, agus do leónadar agus
do leagadar a chéile ag iaradh dul amach.
Níor lean an draoidheacht níos sia d' O'Math-
ghamhna no d'á bhuachail. Air feicsin na
sólástaidhe bhídh 'n-a d-timchioll, shuigheadar
síos ag an g-clár agus chromadar air ithe
agus air ól, gan duine 'n-a bh-fochair, oir
bhidh ocrus orra. “Budh chuibhe dhamhsa,” ar
an sagart, air athsmuaineadh cread budh chóir
do dheanamh, “fanmhuin agus fios d'faghail
uatha súd cia h-iad féin ná teitheamh go
neimhéifeachdamhuil.” Chuadh sé chum cainte
leó agus do inniseadar do a d-tasc do
reir mar theagmhaigh 'n-a slighe. D'admhuigh
an sagart ó nach raibh an oig-bhean póstadh
fós gur do'n bhuachail budh chirte í thabairt
mar nuachar. Bhídh a h-athair agus a mathair
air an aigne ceadna, acht do chomhairligh an
buachail iad an cleamhnas do chur air cairde
go n-iarfadh sé cead agus beannachd a
athair agus a mhathair féin, agus do réidh-
teadar air an g-coinghioll sin. Thainic
tuirse air O'Mhathghamhna agus air a bhuachail,
agus chuadhadar chum codlata i leaba
clumh-éun taisbeanadh dóibh i seómra i
n-uachdar an tighe. Thuiteadar i suan trom
mar bhidheadar tnáite i n-diaigh a d-trus,
acht air mhusguilt dóibh air maidin, agus a
grian go h-árd anns an aer, is amhla bhídhe-
adar sínnte i reidh-chnoc fraoich, agus gan
duine no teach 'n-a radharac. Do chasadar
abhaille go tréith chum a n-ionaid chomh-
nuighte. Thógadar cloidhe-teorainn leathan
árd eidir iad féin agus a g-comharsanaibh,
agus riamh 'n-a diaigh sin ní raibh gadh aca
imshniomh do glacadh le eagla go n-deunfaidh
foghal d'á n-arbhar.



PHADRUIG O'BRIAIN.
Baile Atha Cliath, Mí Deireadh an
t-Samhraidh 1888.



VOCABULARY.



Aighneas, obstinate arguing or disputing; beathach, -aigh,
pl. id. s.m.; breathnuigheadar, they decided; cleamhnus
-uis, pl. id. sm. marriage, affinity or relationship by
marriage; coisidheact, the ability to walk; s.m.
creachfar v.a. will be pillaged, laid waste; fraoch,
s.m. heath; fóil, interj., softly; fuadach, v.a. to
take by force; gallánta, ind. adj, decent, gallant;
gealach, -aighe, s.f. the moon; glaodhaigh, v.n., to
call; goirgheacd s.f. closeness, nearness; gort, g.
guirt, pl. id. s.m, a garden, a cornfield; iargculta
ind. adj. remote, churlish; Ibh-Eachachach territory in
the west of the County Cork, anciently belonging to
the O'Mahonys; Ibh-Laoghaire, now Iveleary, a dis-
trict in the County Cork formerly possessed by the
O'Learys, a branch of the old Lugadian race, and
whose first territories were the ancient city of Ross-
Carbery, and its liberties or environs. Imir, inf.
imirt, v.a., play, game; imshniomh, care, anxiety;
ionncuigh, inf. id. v.a., approach, attach; ingil, inf.
ingilt, v.a. feed, graze, pasture; leigfeadhmaoid,
we will permit; lámhuachdair, s.m. mastery, supre-
macy; lanamhain, pl. id. and -mhnacha, s.f. a couple a
married couple; leónadar, they sprained; leor-
gníomh, s.m. satisfaction; Lios an Duthaigh, the name
of a townland near Skibbereen; luaimneach, -nighe,
adj. active, jumping, fickle; mordhálach, -aighe,
adj. proud, boasting; neimhéifeachdamhuil, adj.
meaningless, ineffectual; O'Mathghamhna, otherwise
written O'Magh-ghamhna, anglicised O'Mahony, de-
scended from Cas, brother of Nádfroich, the father of
Ængus, first Christian King of Cashel, who was
baptized by St. Patrick; síabhra, g. id. pl. -aidhe, a
fairy, a sprite; sólástaidhe, s.m. luxuries; taibh-
seach, -aigh, adj, pompous, ostentatious; teagmhaigh,
-mháil, v.a. and n. meet, befall; tighearnus, -uis,
s.m. dominion, power, lordship, jurisdiction, estate;
troigh, a foot; tuíde, the tide.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services