Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóra ag an Aifrionn.
Title
Seanmóra ag an Aifrionn.
Author(s)
Ua Caoimh, An tAthair Pádraic,
Translator
Flemming, John (Seághan Pléimion)
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEANMÓRA AG AN AIFRIONN. Leis an Athair Pádruig ó Caoimh, ó Ard- fhairce Chaisil, Aisdhrighthe go Gaedheilge le Seághan Plémion. Air bhriathar Dé. “Agus an uair bhí coimhtionol anmhór cruinnighthe bh-fochair a chéile, agus do bhros- duigheadar as na bailtibh móra go d-tí É, do labhair Sé (Íosa) leó i g-cosamhlachd. Do chuaidh an síoladóir amach ag cur a chuid síl. Agus ag cur an t-síl do, thuit cuid de air thaobh na slíghe, agus do brúghadh fá chosaib é, agus d'itheadar eúnlaith an aeir é. Do thuit cuid eile dhe air char- raig; agus chomh luath agus do tháinic sé suas d'fheóch sé, óir ní raibh aon fhlicheachd aige. Agus do thuit cuid eile ameasg dealg, agus ag teacht suas do na deilgnibh a n-éinfheacht leis, do thachtadar é. Agus do thuit cuid eile dhe air talamh mhaith, agus do thug sé toradh a chéad oiread féin uaidh. … Anois is é so an chosamhlachd: Is é an síol bhriathar Dé.” Is í so, a dhearbhráithreacha an chéad chosamhlachd do labhair ár Slánuightheoir, agus is anfhurus a ciall do thuigsin; do bhrígh go mínigheann Sé féin í, is na briathraibh soill- éire so: Is é an ‘síol briathar De.’
Anois de'n siol so, 'sé sin, de bhriathar Dé, adeir Iosa, go g-cailltear trí codcha dhé, mar gheall air nádúir na talmhann in a d-tarlaidheann dóibh iad do chur. Adeir- thear go d-tuiteann cuid de air thaobh na slighe; brughtar an chuid so fá chosaibh na n-daoineadh, agus tagaid eunlaith an aeir agus ithidh siad é. Cialluighthear leis an g-cuid so, na peacaigh bhídheas ag ath-thuitim; iad so d'éisteann le briathar Dé, acht cheaduigheann do'n aidhbherseoir, agus d'á lucht cunghanta é sgiobadh gan stad as a g-croidhe arís, air eagla go g-creidfidís, agus go slánóchaidhe iad, dá g-cuirfeadh an síol a phreumha i d-talamh. Adeirthear gur thuit roinn eile de'n deigh-síol air charraig; agus is é a chialluigheann so, na peacaigh cal- cuighthe d'éisteann le focal Dé le cluasaibh na colna; act ní theidheann préamha an fhocail níos doimhne 'na g-croidhe 'ná dá m-budh air charraig do thuitfeadh sé: agus mar sin ní thugann sé aon toradh uaidh. Atá sé ráidhte gur thuit an treas chuid de'n síol maith ameasg dealg, acht air éirghe suas do, do tachtadh leis na deilgnibh é; is é a chiall so, an drong daoineadh, d'éisteann, dairíribh, le focal Dé; act léigeann siad do chúraim, agus do shógha peacamhla an t-saoghail é do thachtadh, ionnus ná tugann sé aon toradh uadh. Tuiteann an ceathramhadh cuid de'n síol air thalamh mhaith; agus is é a chiall so, na daoine so uile d'éisteann le focal Dé mar budh chóir dóib, agus d'á bhrigh sin thu- gann toradh maith uatha. Do rinneadh briathar Dé a shíolchur gach am air feadh an domhain. Do síolchuireadh leis an síoladóir diadha é gan eidirdhealu- ghadh tíre, ná treibhe na teangan. Is mar a chéile briathar Dé gach am, is cuma cia an talamh air a d-tuiteann sé, nó cia an lámh, fá bhun Dé, a dhéanfaidh é do leathadh. Atá briathar Dé ró éifeachtach, ro bhríoghmhar ann féin. Feuchaidh cad do righne sé nuair do cuireadh an creideamh Críosta- mhuil air bun, agus gan d'a sheanmhórughadh acht dhá fhear deug do bhídh gan foghluim: d'isligh sé uabhar na Caesars; do rug sé buaidh air chríonacht a bh-fealsamh (a luchd mór-fhoghluma). Do chuir sé air neimhnidh na cainteoiridhe dob' fheárr urlabhra 'san do- mhan; ni raibh teóra le n-a d-tug sé chum creidimh. D'atharruigh sé aghaidh na cruinne go h-uile. Thug sé daoine gacha críche faoi chuing mhilis soisgéil Iosa Críost. In aon lá amháin do thug Naomh Peadar ocht míle chum creidimh; chuig mhíle le seanmóir, agus trí mhíle le seanmóir eile. Budh le craobh- sgaoileadh bréithre Dé d'iompoigh Naomh Aughuistín muintir Shagsana chum creidimh 'san séiseadh h-Aois. Agus budh le craobh- sgaoileadh breithre Dé mar an g-céadna, do thug Naom Pádruig Éire, 'san g-cúigeadh h- aois chum an chreidimh ghlormhair sin d'ár lean sí tré shonas a's tré leun chomh ceanamhuil sin o shóin ariamh. Acht fiafróchaidh sibh, cía an nidh é briathar Dé? cad do chialluigheann briathar? Is é an nídh briathar, a dhearbhraitreacha, focal do nochdas an smuaineadh do thagann a g- croidhe an té atá ag caint no ag sgríobhadh. Le bhrígh focail, déanann anam, mar déar- faidhe, baint le h-anam eile, oibriughadh air, cumus do ghabháil os a chionn. Le n-a bhriathar, dá bhríg sin, cuireann Dia a inntinn féin i n-umhail dúinne, agus mar sin, oibrígheann sé orrainn, gabhann se cumus inntinne os ár g-cionn do reir a thoile diadha. Ní féidir linn eólus d'fághail air inntinn Dé, ná fios cad is mian leis, muna g-cluinfimíd a bhriathar. Air an adhbhar sin is ro thádhacht- mhar dúinn briathar Dé do chlos. Acht inniseann an chosamhlachd dúinn, go g-cailltear, trí codcha de'n síol, no de bhriathar Dé, agus ná tugann acht aon chuid amháin toradh uaidh. Is mar a chéile gach cuid de'n síol, agus d'á bhrígh sin tá sé air fad comh-thorrach. Ní h-é briathar Dé, mar sin, is cionntach le tebeadh an t-síl. Air an ádhbhar sin tá an locht air na sagartaibh thugann an t-seanmóir uatha, no air na daoinibh d'á d-tugthar í; no b'fhéidir orra araon.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services