SEANMÓRA AG AN AIFRIONN.
Leis an Athair Pádruig ó Caoimh, ó Ard-
fhairce Chaisil,
Aisdhrighthe go Gaedheilge le Seághan Plémion.
Air bhriathar Dé.
“Agus an uair bhí coimhtionol anmhór
cruinnighthe bh-fochair a chéile, agus do bhros-
duigheadar as na bailtibh móra go d-tí É,
do labhair Sé (Íosa) leó i g-cosamhlachd.
Do chuaidh an síoladóir amach ag cur a chuid
síl. Agus ag cur an t-síl do, thuit cuid de
air thaobh na slíghe, agus do brúghadh fá
chosaib é, agus d'itheadar eúnlaith an
aeir é. Do thuit cuid eile dhe air char-
raig; agus chomh luath agus do tháinic sé
suas d'fheóch sé, óir ní raibh aon fhlicheachd
aige. Agus do thuit cuid eile ameasg
dealg, agus ag teacht suas do na deilgnibh
a n-éinfheacht leis, do thachtadar é. Agus do
thuit cuid eile dhe air talamh mhaith, agus do
thug sé toradh a chéad oiread féin uaidh. …
Anois is é so an chosamhlachd: Is é an síol
bhriathar Dé.”
Is í so, a dhearbhráithreacha an chéad
chosamhlachd do labhair ár Slánuightheoir, agus
is anfhurus a ciall do thuigsin; do bhrígh go
mínigheann Sé féin í, is na briathraibh soill-
éire so: Is é an ‘síol briathar De.’
Anois de'n siol so, 'sé sin, de bhriathar
Dé, adeir Iosa, go g-cailltear trí codcha
dhé, mar gheall air nádúir na talmhann in a
d-tarlaidheann dóibh iad do chur. Adeir-
thear go d-tuiteann cuid de air thaobh na
slighe; brughtar an chuid so fá chosaibh na
n-daoineadh, agus tagaid eunlaith an aeir
agus ithidh siad é. Cialluighthear leis an
g-cuid so, na peacaigh bhídheas ag ath-thuitim;
iad so d'éisteann le briathar Dé, acht
cheaduigheann do'n aidhbherseoir, agus d'á lucht
cunghanta é sgiobadh gan stad as a g-croidhe
arís, air eagla go g-creidfidís, agus go
slánóchaidhe iad, dá g-cuirfeadh an síol a
phreumha i d-talamh. Adeirthear gur thuit
roinn eile de'n deigh-síol air charraig; agus
is é a chialluigheann so, na peacaigh cal-
cuighthe d'éisteann le focal Dé le cluasaibh
na colna; act ní theidheann préamha an
fhocail níos doimhne 'na g-croidhe 'ná dá
m-budh air charraig do thuitfeadh sé: agus
mar sin ní thugann sé aon toradh uaidh. Atá
sé ráidhte gur thuit an treas chuid de'n síol
maith ameasg dealg, acht air éirghe suas do,
do tachtadh leis na deilgnibh é; is é a chiall
so, an drong daoineadh, d'éisteann, dairíribh,
le focal Dé; act léigeann siad do chúraim,
agus do shógha peacamhla an t-saoghail é do
thachtadh, ionnus ná tugann sé aon toradh
uadh. Tuiteann an ceathramhadh cuid de'n
síol air thalamh mhaith; agus is é a chiall so,
na daoine so uile d'éisteann le focal Dé
mar budh chóir dóib, agus d'á bhrigh sin thu-
gann toradh maith uatha.
Do rinneadh briathar Dé a shíolchur gach
am air feadh an domhain. Do síolchuireadh
leis an síoladóir diadha é gan eidirdhealu-
ghadh tíre, ná treibhe na teangan.
Is mar a chéile briathar Dé gach am, is
cuma cia an talamh air a d-tuiteann sé, nó
cia an lámh, fá bhun Dé, a dhéanfaidh é do
leathadh. Atá briathar Dé ró éifeachtach, ro
bhríoghmhar ann féin. Feuchaidh cad do righne
sé nuair do cuireadh an creideamh Críosta-
mhuil air bun, agus gan d'a sheanmhórughadh
acht dhá fhear deug do bhídh gan foghluim:
d'isligh sé uabhar na Caesars; do rug sé
buaidh air chríonacht a bh-fealsamh (a luchd
mór-fhoghluma). Do chuir sé air neimhnidh na
cainteoiridhe dob' fheárr urlabhra 'san do-
mhan; ni raibh teóra le n-a d-tug sé chum
creidimh. D'atharruigh sé aghaidh na cruinne
go h-uile. Thug sé daoine gacha críche faoi
chuing mhilis soisgéil Iosa Críost. In aon
lá amháin do thug Naomh Peadar ocht míle
chum creidimh; chuig mhíle le seanmóir, agus
trí mhíle le seanmóir eile. Budh le craobh-
sgaoileadh bréithre Dé d'iompoigh Naomh
Aughuistín muintir Shagsana chum creidimh
'san séiseadh h-Aois. Agus budh le craobh-
sgaoileadh breithre Dé mar an g-céadna, do
thug Naom Pádruig Éire, 'san g-cúigeadh h-
aois chum an chreidimh ghlormhair sin d'ár lean
sí tré shonas a's tré leun chomh ceanamhuil sin
o shóin ariamh.
Acht fiafróchaidh sibh, cía an nidh é briathar
Dé? cad do chialluigheann briathar? Is é
an nídh briathar, a dhearbhraitreacha, focal
do nochdas an smuaineadh do thagann a g-
croidhe an té atá ag caint no ag sgríobhadh.
Le bhrígh focail, déanann anam, mar déar-
faidhe, baint le h-anam eile, oibriughadh air,
cumus do ghabháil os a chionn. Le n-a bhriathar,
dá bhríg sin, cuireann Dia a inntinn féin i
n-umhail dúinne, agus mar sin, oibrígheann
sé orrainn, gabhann se cumus inntinne os
ár g-cionn do reir a thoile diadha. Ní
féidir linn eólus d'fághail air inntinn Dé,
ná fios cad is mian leis, muna g-cluinfimíd
a bhriathar. Air an adhbhar sin is ro thádhacht-
mhar dúinn briathar Dé do chlos.
Acht inniseann an chosamhlachd dúinn, go
g-cailltear, trí codcha de'n síol, no de
bhriathar Dé, agus ná tugann acht aon chuid
amháin toradh uaidh. Is mar a chéile gach cuid
de'n síol, agus d'á bhrígh sin tá sé air fad
comh-thorrach. Ní h-é briathar Dé, mar sin,
is cionntach le tebeadh an t-síl. Air an
ádhbhar sin tá an locht air na sagartaibh
thugann an t-seanmóir uatha, no air na
daoinibh d'á d-tugthar í; no b'fhéidir orra
araon.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11