Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stair Éamoinn Uí Chléirigh. (Air Leanamhuint.)
Title
Stair Éamoinn Uí Chléirigh. (Air Leanamhuint.)
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
STAIR ÉAMOINN UÍ CHLÉRIGH. (Air Leanamhuint.) An Tráth dhúisigh an goileach as a shuán, agus go d-táinig chuige féin, d'eirigh go prab 'na stuicsheasadh, ag bualadh a chloiginne gan fhios do féin ar an g-crann os a chionn, nách raibh árd go leór re a sheasamh go díreach ann, gur h-obuir go léigfeadh a inchinn amach, acht do cuireadh 'na shúidhe ar a thóin é, agus do fhan amhlaidh no gur imthigh an laige, agus an mearbhall, agus an buaidhreadh do bhí ina cheann as. Ann sin do chuartuigh gacha taobh de, agus an tan nách bh-fuair a chéile, d'éirigh amach as an g-cúas ann a raibh, agus d'fhéach 'na thímchioll, agus an tan nach bh-facaidh acht fíodh agus fásach, agus nach bh-fúair a bhean; do ghlach ceann-mhire agus saobhadh céille é a tharruing a fhuilt agus a fhionnaidh ar feadh teóra oídhche agus teóra lá; gan bhíadh, gan teine, gan leabaidh, gan t-súan, gan t-soca- raidheacht, acht ag sgairteadh agus ag siór- ghlaodhach ar a chéile mná nách raibh ar fághail a n-aon ionad aige. Do mhalluigh ann so an uair do coimpreadh, do geineadh, agus do h-oileadh é. Do smuaín ann so droch-bheart éigin d'imirt ar féin, acht go d-tug trócaire doimheasda an Choimhde bruide ann a chroídhe, gur smuaín aige féin, dá d-tugadh anbhás do féin, go m-biadh go suthain siórruídhe a b-píantaibh bhudh mhíle mó 'ná péin ar bith dá m-b'fhéidir leis fhulang ar an t-saoghal so. Do chuir so beagán forais ann, a módh gur ruaig sé na smuaíntídhe gránda míonádúrtha do bhi ina ínntinn. Ann sin do tharruing chum a mheabhraích ar éirigh dho chómhmaith agus do b'fhéidir leis, agus an tan nár bh'fhéidir leis an ní bhí 'déanta a neamhdhéanamh, do chuir roimhe féin ar n-éirghe dho, a iomchar go foighi- deach, agus leis an ínntinn sin d'fhág an t-ionad uaigneach allta so, agus do ghiuais ar aghaidh, ní do thabhairt iarrachta ar áit airighthe ar bith, acht an áit ar thoil Ieis an g-cinneamhain a threórugadh, fó íota agus fó lán-ocras. Do bhí ag imtheacht fó luas a luaidhnidh an fad do bhí roimhe do'n lá, agus le tutim na h-oidhche, do chonnairc bothán crom lán deataigh, a g-caith- feadh leanbh blíadhna go leith d'aois chromadh faoí an n-dorus ag dol asteach. Do tháinigh fear mór seirice siabhartha chum an doruis, agus do fhosgail é, — ag breith ar láimh ar Éamond agus ag fáiltiughadh roimhe, agus dá shocrúghadh anaice na teineadh, ag rádh, a dhuine usail, an misde dhúinn fhiafruighe dhíot cá h-ainm thú? Ní misde chaoídhche, ar Eamonn; O'Cléirigh m'ainm ar sé. An tusa Éamonn ó Cléirigh? ar an fear mór. Ma's tú, tá míle fáilte don tigh-si rómhad, agus cá bh-fuil an bhean do chuala mé a bheithad chuideachta? — mo chubhais, níór lúghaide d'fháilte í a bheith ad fhochair. Do chongbhaidh robaire dá ngoirthear Sudhan Siadhshúileach í
féin agus coileán uasal do bhí agam uaim, ar Éamonn. Dar an leabhar-so ar son gurab é mo dhearbhráthair é, bhudh gnáth leis a beith míomhodhamhuil, stúacach, ar fear a tíghe. Cá h-ainm thú? ar Eámonn. Uillíam Ríabhach do ghair an sagart dhíom, ar an fear mór — An bh-fuil fhios agad cad é taiplis imirnt? Atá go deimhin, ar Ea- monn, acht ní bh-fuil aon ní agam a d'imeó- rainn acht mo chuid éadaigh, agus má im- reann tusa na n-aghaidh féachaidh mé leat é. Ní féidir a fhághail ón chat acht a chroiceann, ar an fear mór, do leath taobh. Air láimh mo cairdeas Críost imeórao choidhche. Do léig Éamonn ann so a chóta ar d-tus, agus 'na dhíaigh sin a bheist, nó a chóta beag agus a hata, a charbhata, a bhróga, a stochaidhe, agus an t-iomlán go nuige a léine, agus an léine féin fo dheireadh. Do ghlac fonn stóil é, agus d'fhíafruigh an raibh pota seómra astigh? Ní'l, ar íad-san. Atá an donas mór ar sin, ar Éamonn, má's éigin dam a dhol amach 'san riocht-so, agus an oídhche a sioc; acht dob éigin dó a dhol amach, agus chómh doich agus do chuir a chos taobh amach don dorus, do buaileadh bas le na thóin, agus do faisgeadh maide ar a doras.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services