Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stair Éamoinn Uí Chléirigh. (Air Leanamhuint.)

Title
Stair Éamoinn Uí Chléirigh. (Air Leanamhuint.)
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

STAIR ÉAMOINN UÍ CHLÉRIGH.



(Air Leanamhuint.)



An Tráth dhúisigh an goileach as a shuán, agus
go d-táinig chuige féin, d'eirigh go prab 'na
stuicsheasadh, ag bualadh a chloiginne gan fhios
do féin ar an g-crann os a chionn, nách raibh
árd go leór re a sheasamh go díreach ann, gur
h-obuir go léigfeadh a inchinn amach, acht do
cuireadh 'na shúidhe ar a thóin é, agus do fhan
amhlaidh no gur imthigh an laige, agus an
mearbhall, agus an buaidhreadh do bhí ina
cheann as. Ann sin do chuartuigh gacha taobh
de, agus an tan nách bh-fuair a chéile, d'éirigh
amach as an g-cúas ann a raibh, agus d'fhéach
'na thímchioll, agus an tan nach bh-facaidh acht
fíodh agus fásach, agus nach bh-fúair a bhean;
do ghlach ceann-mhire agus saobhadh céille é
a tharruing a fhuilt agus a fhionnaidh ar feadh
teóra oídhche agus teóra lá; gan bhíadh, gan
teine, gan leabaidh, gan t-súan, gan t-soca-
raidheacht, acht ag sgairteadh agus ag siór-
ghlaodhach ar a chéile mná nách raibh ar fághail
a n-aon ionad aige.



Do mhalluigh ann so an uair do coimpreadh,
do geineadh, agus do h-oileadh é. Do
smuaín ann so droch-bheart éigin d'imirt
ar féin, acht go d-tug trócaire doimheasda
an Choimhde bruide ann a chroídhe, gur smuaín
aige féin, dá d-tugadh anbhás do féin, go
m-biadh go suthain siórruídhe a b-píantaibh
bhudh mhíle mó 'ná péin ar bith dá m-b'fhéidir
leis fhulang ar an t-saoghal so. Do chuir
so beagán forais ann, a módh gur ruaig sé
na smuaíntídhe gránda míonádúrtha do bhi
ina ínntinn. Ann sin do tharruing chum a
mheabhraích ar éirigh dho chómhmaith agus do
b'fhéidir leis, agus an tan nár bh'fhéidir leis
an ní bhí 'déanta a neamhdhéanamh, do chuir
roimhe féin ar n-éirghe dho, a iomchar go foighi-
deach, agus leis an ínntinn sin d'fhág an
t-ionad uaigneach allta so, agus do ghiuais
ar aghaidh, ní do thabhairt iarrachta ar áit
airighthe ar bith, acht an áit ar thoil Ieis
an g-cinneamhain a threórugadh, fó íota
agus fó lán-ocras. Do bhí ag imtheacht fó
luas a luaidhnidh an fad do bhí roimhe
do'n lá, agus le tutim na h-oidhche, do
chonnairc bothán crom lán deataigh, a g-caith-
feadh leanbh blíadhna go leith d'aois chromadh
faoí an n-dorus ag dol asteach. Do tháinigh
fear mór seirice siabhartha chum an doruis,
agus do fhosgail é, — ag breith ar láimh ar
Éamond agus ag fáiltiughadh roimhe, agus
dá shocrúghadh anaice na teineadh, ag rádh,
a dhuine usail, an misde dhúinn fhiafruighe
dhíot cá h-ainm thú? Ní misde chaoídhche, ar
Eamonn; O'Cléirigh m'ainm ar sé. An tusa
Éamonn ó Cléirigh? ar an fear mór. Ma's
tú, tá míle fáilte don tigh-si rómhad, agus
cá bh-fuil an bhean do chuala mé a bheithad
chuideachta? — mo chubhais, níór lúghaide
d'fháilte í a bheith ad fhochair. Do chongbhaidh
robaire dá ngoirthear Sudhan Siadhshúileach í


L. 69


féin agus coileán uasal do bhí agam uaim,
ar Éamonn. Dar an leabhar-so ar son gurab
é mo dhearbhráthair é, bhudh gnáth leis a
beith míomhodhamhuil, stúacach, ar fear a tíghe.
Cá h-ainm thú? ar Eámonn. Uillíam
Ríabhach do ghair an sagart dhíom, ar an
fear mór — An bh-fuil fhios agad cad é
taiplis imirnt? Atá go deimhin, ar Ea-
monn, acht ní bh-fuil aon ní agam a d'imeó-
rainn acht mo chuid éadaigh, agus má im-
reann tusa na n-aghaidh féachaidh mé leat é.
Ní féidir a fhághail ón chat acht a chroiceann,
ar an fear mór, do leath taobh. Air láimh
mo cairdeas Críost imeórao choidhche.



Do léig Éamonn ann so a chóta ar d-tus,
agus 'na dhíaigh sin a bheist, nó a chóta beag
agus a hata, a charbhata, a bhróga, a stochaidhe,
agus an t-iomlán go nuige a léine, agus
an léine féin fo dheireadh. Do ghlac fonn
stóil é, agus d'fhíafruigh an raibh pota
seómra astigh? Ní'l, ar íad-san. Atá an
donas mór ar sin, ar Éamonn, má's éigin
dam a dhol amach 'san riocht-so, agus an
oídhche a sioc; acht dob éigin dó a dhol amach,
agus chómh doich agus do chuir a chos taobh
amach don dorus, do buaileadh bas le na
thóin, agus do faisgeadh maide ar a doras.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services