Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmhóir do'n Dara Domhnach de'n Aidbhint.
Title
Seanmhóir do'n Dara Domhnach de'n Aidbhint.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEANMHÓIR DO'N DARA DOMHNACH DE'N AIDBHINT. Soisgeul an lae an so:— “'San am san,” &c. Another Sermon literally as spoken. Air uair áirighthe a dhr. d'réir (1) an t-soisgéil so (2) chuir Eoín Baiste dís dá dheisgiobail chum Íosa, ag fíafraidhe dhe ar bh'é sin an té a bhí le teacht, nó an m-beidís ag feitheamh le h-aoinne eile — sé sin ar bh'é féin an Slánuightheóir, nó an raibh Sé le teacht fós? Ní h-é go raibh aon amhras ag Naomh Eóin 'na thimpchioll, acht chum go m- beidheadh freagra aige ó Chríost féin, agus chum go n-deunfaidhe é fhoillsiughadh do 's (3) na daoinibh. D' imthig an bheirt dheisgiobal air a d-taistiol, agus is é an áit a bh fuaradar Íosa 'ná i g-cathair Náim — an chathair úd má's cuimhin libh é, a raibh Sé i n-aice dhi le linn sochraide an fhir óig a thóg Sé ó's na mairbh. Ís ann so a theagmhaigheadar leis, agus thugadar a d-teachtaireacht do. Tar éis fios a n-gnó a fhághail uatha dubhairt Íosa leó dul i leath-taoibh go fóil, mar go raibh radharc aca le feiscint. Agus ann sin (4) chuaidh Sé feín ameasg na n-daoineadh, agus aoinne a raibh tinneas air leigheas Sé é, aoinne a raibh cíach ná aicíd air ghlan Sé é, agus daoine a bhí tar éis bháis chas Sé brigh agus beatha ortha. Ann sin d'iompoigh Sé air an m-beirt agus so mar a dubhairt. “Casaigidh (a) anois tar bhur n-ais, agus deunaigidh (a) innsint do Eóin na neithe do chonnacabhair (5). Tá radharc dá chasadh air na daill, daoine a bhí bodhar ag fághail a n-eisteacht, na mairtínig ag fághail a lúth, na lobhair dá nglanadh, na mairbh dá d-togaint, (6) agus focal Dé dá chraobh- sgaoileadh do 's (3) na bochtáin.” Dar n-dóigh a dhr. badh chóir go raibh deisgiobail Eoín sásta leis na comharthaidhibh so, agus go raibh fíadhnaise a n-dóchain (7) aca gur b'é an Slánuigtheóir a bhí ag labhairt leó. Tugaidh fé n-deara (8) a dhr. ná (9)
raibh (9) Íosa sásta leis na míorbhúiltidhibh do-righne Sé a áireamh, acht gur thug Sé mar chomhartha air a dhíadhacht go raibh Sé ag craobhsgaoileadh focal Dé do 's (3) na bochtáin. Roimhe sin níor shaoileadh go raibh aon mhí-ádh ná aon mhallacht acht an bhochtan- acht, acht tháinic Íosa chum taisbeánadh (10) le teagasg agus le sómpla, gur bean- nuighthe íad na boicht, agus íad so atá fé eug-cóir agus fé dhroich-mheas mar is gnáthach do's (3)na boicht a bheith. “Is beannuighthe na boicht” ar Sé “mar is leó ríoghacht na bh-flathas.” “Is beannuighthe íad so atá dobrónach, mar cuirfear compórd ortha.” Agus theasbáin (10) Sé cad é an meas a bhí aige air an m-bochtaineacht le í a thó- gaint (6) mar rogha é féin. Do b'fhéidir léis teacht air an saogal so 'na phrionnsa, agus gach compórd saoghalta a bheith aige, acht tháinic Sé 'na leanbh mná boichte a bhí chomh-dealbh-san ná faghadh a bheith astigh (11) ans na tighthibh ósta i m-Bethlehem. A! feuchaigidh air an lanamha bhocht san — an Mhaighdean Mhuire agus Naomh Íóseph — ag siubhal na sráide oidhche Nodhlag úd, agus ag dul ó thigh go tigh ag íarraidh a bheith astigh (11) agus aig fághail an eitigh ann gach aon áit. 'Nuair a theip gach aoinne ortha d'iompoi- gheadar amach as an m-baile ag lorg ionnaid éigin chum an oidhche a chaitheamh ann; fuar- adar fotharach stabla, agus is ann san do rugadh righ an domhain agus leagadh i main- seur asail é. A! a dhr, an fuath no cion is ceart dúinn a beith againn air an m-boch- tanacht, nuair a chidhmíd an leanbh Iosa, mac Dé na bh-flaitheas 'na luighe air shuipín tuidhe i mainseur fuar, oidhche gheimhre, agus gan de theas aige acht an méid a tháinic ó anál na m-beathach bocht a bhí ann aon teaghlach leis? Á m-beidhmíd-ne ag gearán má 's toil le Día sinn a bheith bocht, nuair a chidhmíd an Mhaighdean bheannuighthe ag caitheamh na h-oidhche sin i m-brácadh (12) uaigneach, aindeis, “gan fíon, gan feóil, dá beól le blasadh,” agus ní amháin sin acht n aice neithe ná beidheadh (9) na boicht féin 'na n-eughmais? Mo dheacair! Cá raibh bochtanacht ariámh mar í so? Agus is i m-bochtanacht do chaith Íosa Críost a shaoghal. Ní raibh aríamh aige aítreamh a nglaodhfadh Sé a chuid féin air. “Tá poill aig na sionnaig,” a deir Sé, agus neadracha aig éin an aeir, acth aig Mac an duine ní'l áit a leagfadh Sé a cheann ann.” O! a dhr, is beannuighthe sibhse atá bocht má dheunann sibh usáid mhaith de n-[c] bhúr m-bochtanacht, mar atá luach ríoghachta na bh-flathas agaibh innte. Atá na flaithis geallta do 's (3) na bochtáin, acht bhí saidhbhreas aríamh fé mhallacht. Deir focal Dé gur fusa do chamal dul tré chró snáthaide 'ná do fhear shaidhbhir dul go flaitheamhnas. Deireann an saoghal fós faraor! mar a dubhairt roimh aimsir Chriost: ‘is mí-adhmharach íad na boicht,’ acht a deir an Eaglais aig labhairt i n-ainim Chríost, ‘ní mí-adhmharach, achth is beannuighthe íad, mar má tá síad i n-uireasbadh anois beidheas ríoghacht na bh-flaitheas acá 'na dhíaig so’. Air an adhbhar san a dhr. má tá sibh i mbh-ochtanacht agus i n-aindeise, cuimhni- gidh (a) go bh-fuil agaibh ionnta luach aráis na b-flaiteas má dheunann sibh usáid mhaith dhíobh, cuimhnuigidh (a) ná fuil (9) 'san saoghal so agaibh acht tamall beag, bidheadh cion agaibh air bhúr m-bochtanacht mar a bhí aig Íosa Críost, agus gheobhaidh sibh air a ball (13) saidhbhreas na bh flaitheas mar mhalairt uirthe. Agus sibhse a bh-fuil maoin shaoghalta agaibh, deunaigidh (a) usáid mhaith dhi, riar- aigidh (a) air na boicht an méid is acfuinn díbh cuirigidh romhaibh í le cungnamh a thabhairt do'n uireasbhach, ná h-iompoigidh (a) o n[c]-bhúr n-dóirsibh an t-aindeiseóir fir nó mná atá ag íarraidh déirce, nó a bheith astig i n-onóir De orraibh, gan grádh- Dia (2)a dheunadh ortha; agus le bheith tró- caireach sibh féin beidheas trócaire le fághail agaibh ó Dhía 'nuair a bheidh sibh dhá íarraidh. Agus a dhr. bé aca bocth, no saidhbhir sibh, is le h-usáid mhaith a dheunadh de gach grás agus de gach tiodhlaice dá bh-fuil aguibh ó Dhía —
le bheith sásta le n[c]-búr m-bochtanacht, agus gan a bheith cruadh-chroidheach fé n[c]-bhúr saidhbhreas — a dheunfas sibh toil Dé agus dhá dheunadh so a thuillfeas sibh rioghacht na bh-flathas. Air an adhbar san — “Cuirigidh (a) bhúr stór i g-cóir go dílis, i n-áit nach m- baoghal do ghaoth 'ná síonta, meirg dá dhreoghadh na leóghain dá chíorrbadh, a's beidh sé romhaibh-si fos nó díol ann.” [In this Sermon not only the idioms but the other pe- culiarities of the East Munster dialect have been retained. Page 1. (1) d'réir is for do reir. (2) so after a slender vowel is sheo. (3) dos na is for do na. (4) sin after a broad vowel is san; after a slender vowel, shin. (5) chonacabhair, Munster pronunciation of concabhar. (6) tógaint Munster pronunciation of tógbháil. (7) a n-dóchain Munster pronunciation of a n-dótháin. (8) tugaidh fé n-deara Munster pronunciation of tugaidh fá deara. deara is notice; tabhair fá deara, take notice. This meaning is chiefly colloquial. In books this phrase would mean “command,” oblige, cause; thug sé fá deara ortha, he com- manded or obliged them. Leightear air easbog áirighthe go d-tug sé fá deara a uaigh féin do thionnsgnadh, it is read of a certain bishop that he caused [the digging of] his own grave to be begun. (9) ná raib, ná faghadh, ná beidheadh, ná fuil, for nach raibh, nach bh-faghadh, nach m-beidheadh, nach bh-fuil. (10) theasbánad, theasbáin for thaisbéanadh, thaisbéan. (11) a beith astig, lodging; d'iarr sé a bheith astig ortha, he asked them for lodging. (12) brácadh, a temporary hut, such as was made for Carleton's poor scholar. (c) de'n bhur, le'n bhur, o'n bhur, fe'n bhur, for de bhur, le bhur, o bhur fá bhur. (c 2) gradh dia, any charitable act is a gradh dia. (13) air a ball, by-and-by; in a short time. (a) The second person plur. of verbs in the impera- tive mood are pronounced everywhere in Ire- land as written here, feuchaigidh, casaigidh, deunaígidh, cuimhnigidh, &c., though spelled feuchaidh, casaidh, deunaidh, cuimhníghidh, &c.] — Ed. G.J.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services