Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmhóir do'n Dara Domhnach de'n Aidbhint.

Title
Seanmhóir do'n Dara Domhnach de'n Aidbhint.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEANMHÓIR DO'N DARA DOMHNACH
DE'N AIDBHINT.



Soisgeul an lae an so:— “'San am
san,” &c.



Another Sermon literally as spoken.



Air uair áirighthe a dhr. d'réir (1) an
t-soisgéil so (2) chuir Eoín Baiste dís dá
dheisgiobail chum Íosa, ag fíafraidhe dhe ar
bh'é sin an té a bhí le teacht, nó an m-beidís
ag feitheamh le h-aoinne eile — sé sin ar bh'é
féin an Slánuightheóir, nó an raibh Sé le
teacht fós? Ní h-é go raibh aon amhras ag
Naomh Eóin 'na thimpchioll, acht chum go m-
beidheadh freagra aige ó Chríost féin, agus
chum go n-deunfaidhe é fhoillsiughadh do 's (3)
na daoinibh.



D' imthig an bheirt dheisgiobal air a
d-taistiol, agus is é an áit a bh fuaradar
Íosa 'ná i g-cathair Náim — an chathair úd
má's cuimhin libh é, a raibh Sé i n-aice dhi le
linn sochraide an fhir óig a thóg Sé ó's na
mairbh. Ís ann so a theagmhaigheadar leis,
agus thugadar a d-teachtaireacht do. Tar
éis fios a n-gnó a fhághail uatha dubhairt
Íosa leó dul i leath-taoibh go fóil, mar go
raibh radharc aca le feiscint. Agus ann
sin (4) chuaidh Sé feín ameasg na n-daoineadh,
agus aoinne a raibh tinneas air leigheas Sé
é, aoinne a raibh cíach ná aicíd air ghlan Sé
é, agus daoine a bhí tar éis bháis chas Sé
brigh agus beatha ortha. Ann sin d'iompoigh
Sé air an m-beirt agus so mar a dubhairt.
“Casaigidh (a) anois tar bhur n-ais, agus
deunaigidh (a) innsint do Eóin na neithe do
chonnacabhair (5). Tá radharc dá chasadh air
na daill, daoine a bhí bodhar ag fághail a
n-eisteacht, na mairtínig ag fághail a lúth,
na lobhair dá nglanadh, na mairbh dá
d-togaint, (6) agus focal Dé dá chraobh-
sgaoileadh do 's (3) na bochtáin.”



Dar n-dóigh a dhr. badh chóir go raibh
deisgiobail Eoín sásta leis na comharthaidhibh
so, agus go raibh fíadhnaise a n-dóchain (7)
aca gur b'é an Slánuigtheóir a bhí ag labhairt
leó. Tugaidh fé n-deara (8) a dhr. ná (9)


L. 57


raibh (9) Íosa sásta leis na míorbhúiltidhibh
do-righne Sé a áireamh, acht gur thug Sé mar
chomhartha air a dhíadhacht go raibh Sé ag
craobhsgaoileadh focal Dé do 's (3) na
bochtáin. Roimhe sin níor shaoileadh go raibh
aon mhí-ádh ná aon mhallacht acht an bhochtan-
acht, acht tháinic Íosa chum taisbeánadh (10)
le teagasg agus le sómpla, gur bean-
nuighthe íad na boicht, agus íad so atá fé
eug-cóir agus fé dhroich-mheas mar is gnáthach
do's (3)na boicht a bheith. “Is beannuighthe
na boicht” ar Sé “mar is leó ríoghacht na
bh-flathas.” “Is beannuighthe íad so atá
dobrónach, mar cuirfear compórd ortha.”
Agus theasbáin (10) Sé cad é an meas a bhí
aige air an m-bochtaineacht le í a thó-
gaint (6) mar rogha é féin. Do b'fhéidir
léis teacht air an saogal so 'na phrionnsa,
agus gach compórd saoghalta a bheith aige,
acht tháinic Sé 'na leanbh mná boichte a bhí
chomh-dealbh-san ná faghadh a bheith astigh (11)
ans na tighthibh ósta i m-Bethlehem. A!
feuchaigidh air an lanamha bhocht san — an
Mhaighdean Mhuire agus Naomh Íóseph — ag
siubhal na sráide oidhche Nodhlag úd, agus ag
dul ó thigh go tigh ag íarraidh a bheith astigh (11)
agus aig fághail an eitigh ann gach aon áit.
'Nuair a theip gach aoinne ortha d'iompoi-
gheadar amach as an m-baile ag lorg ionnaid
éigin chum an oidhche a chaitheamh ann; fuar-
adar fotharach stabla, agus is ann san do
rugadh righ an domhain agus leagadh i main-
seur asail é. A! a dhr, an fuath no cion
is ceart dúinn a beith againn air an m-boch-
tanacht, nuair a chidhmíd an leanbh Iosa, mac
Dé na bh-flaitheas 'na luighe air shuipín
tuidhe i mainseur fuar, oidhche gheimhre, agus
gan de theas aige acht an méid a tháinic ó
anál na m-beathach bocht a bhí ann aon
teaghlach leis? Á m-beidhmíd-ne ag gearán
má 's toil le Día sinn a bheith bocht, nuair
a chidhmíd an Mhaighdean bheannuighthe ag
caitheamh na h-oidhche sin i m-brácadh (12)
uaigneach, aindeis, “gan fíon, gan feóil, dá
beól le blasadh,” agus ní amháin sin acht
n aice neithe ná beidheadh (9) na boicht
féin 'na n-eughmais? Mo dheacair! Cá
raibh bochtanacht ariámh mar í so? Agus is
i m-bochtanacht do chaith Íosa Críost a shaoghal.
Ní raibh aríamh aige aítreamh a nglaodhfadh
Sé a chuid féin air. “Tá poill aig na
sionnaig,” a deir Sé, agus neadracha aig
éin an aeir, acth aig Mac an duine ní'l áit
a leagfadh Sé a cheann ann.” O! a dhr, is
beannuighthe sibhse atá bocht má dheunann
sibh usáid mhaith de n-[c] bhúr m-bochtanacht,
mar atá luach ríoghachta na bh-flathas agaibh
innte. Atá na flaithis geallta do 's (3) na
bochtáin, acht bhí saidhbhreas aríamh fé mhallacht.
Deir focal Dé gur fusa do chamal dul tré
chró snáthaide 'ná do fhear shaidhbhir dul go
flaitheamhnas. Deireann an saoghal fós
faraor! mar a dubhairt roimh aimsir Chriost:
‘is mí-adhmharach íad na boicht,’ acht a deir an
Eaglais aig labhairt i n-ainim Chríost, ‘ní
mí-adhmharach, achth is beannuighthe íad, mar
má tá síad i n-uireasbadh anois beidheas
ríoghacht na bh-flaitheas acá 'na dhíaig so’.



Air an adhbhar san a dhr. má tá sibh i
mbh-ochtanacht agus i n-aindeise, cuimhni-
gidh (a) go bh-fuil agaibh ionnta luach aráis
na b-flaiteas má dheunann sibh usáid mhaith
dhíobh, cuimhnuigidh (a) ná fuil (9) 'san saoghal
so agaibh acht tamall beag, bidheadh cion
agaibh air bhúr m-bochtanacht mar a bhí aig
Íosa Críost, agus gheobhaidh sibh air a ball (13)
saidhbhreas na bh flaitheas mar mhalairt
uirthe.



Agus sibhse a bh-fuil maoin shaoghalta
agaibh, deunaigidh (a) usáid mhaith dhi, riar-
aigidh (a) air na boicht an méid is acfuinn
díbh cuirigidh romhaibh í le cungnamh a
thabhairt do'n uireasbhach, ná h-iompoigidh (a)
o n[c]-bhúr n-dóirsibh an t-aindeiseóir fir
nó mná atá ag íarraidh déirce, nó a bheith
astig i n-onóir De orraibh, gan grádh-
Dia (2)a dheunadh ortha; agus le bheith tró-
caireach sibh féin beidheas trócaire le fághail
agaibh ó Dhía 'nuair a bheidh sibh dhá íarraidh.



Agus a dhr. bé aca bocth, no saidhbhir sibh, is
le h-usáid mhaith a dheunadh de gach grás agus
de gach tiodhlaice dá bh-fuil aguibh ó Dhía —


L. 58


le bheith sásta le n[c]-búr m-bochtanacht,
agus gan a bheith cruadh-chroidheach fé n[c]-bhúr
saidhbhreas — a dheunfas sibh toil Dé agus
dhá dheunadh so a thuillfeas sibh rioghacht na
bh-flathas. Air an adhbar san — “Cuirigidh (a)
bhúr stór i g-cóir go dílis, i n-áit nach m-
baoghal do ghaoth 'ná síonta, meirg dá
dhreoghadh na leóghain dá chíorrbadh, a's beidh
sé romhaibh-si fos nó díol ann.”



[In this Sermon not only the idioms but the other pe-
culiarities of the East Munster dialect have been retained.



Page 1.



(1) d'réir is for do reir.
(2) so after a slender vowel is sheo.
(3) dos na is for do na.
(4) sin after a broad vowel is san; after a slender
vowel, shin.
(5) chonacabhair, Munster pronunciation of concabhar.
(6) tógaint Munster pronunciation of tógbháil.
(7) a n-dóchain Munster pronunciation of a n-dótháin.
(8) tugaidh fé n-deara Munster pronunciation of tugaidh fá deara.
deara is notice; tabhair fá deara, take notice.



This meaning is chiefly colloquial. In books
this phrase would mean “command,” oblige,
cause; thug sé fá deara ortha, he com-
manded or obliged them. Leightear air
easbog áirighthe go d-tug sé fá deara a uaigh
féin do thionnsgnadh, it is read of a certain
bishop that he caused [the digging of] his own
grave to be begun.



(9) ná raib, ná faghadh, ná beidheadh, ná fuil, for nach
raibh, nach bh-faghadh, nach m-beidheadh, nach
bh-fuil.



(10) theasbánad, theasbáin for thaisbéanadh, thaisbéan.



(11) a beith astig, lodging; d'iarr sé a bheith astig
ortha, he asked them for lodging.



(12) brácadh, a temporary hut, such as was made for
Carleton's poor scholar.



(c) de'n bhur, le'n bhur, o'n bhur, fe'n bhur, for de
bhur, le bhur, o bhur fá bhur.



(c 2) gradh dia, any charitable act is a gradh dia.



(13) air a ball, by-and-by; in a short time.



(a) The second person plur. of verbs in the impera-
tive mood are pronounced everywhere in Ire-
land as written here, feuchaigidh, casaigidh,
deunaígidh, cuimhnigidh, &c., though spelled
feuchaidh, casaidh, deunaidh, cuimhníghidh, &c.] —
Ed. G.J.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services