Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
History of Edmond O'Cleary (continued).
Title
History of Edmond O'Cleary (continued).
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
HISTORY OF EDMOND O'CLEARY (Continued.) Do bhuail Bulcán buille 'san leith-cheann air Éamonn, 's gan é air a choiméad, do chuir galar budáin air, agus do leag chum láir agus lán-talmhan é. Is ann sin do rinne an draoi damanta aith-dhealbhadh air, óir do rinne beathach ceathair-chosach de; acht d'fhág [sé] an coinbhliocht mar sin féin, agus do chuaidh air ceithre cosa go fail fhuar fhliuch muc do bhí a g-ceann do'n árus, in ar chodail chomh trom sin, nár aithin Bulcán do bhi d'á thóruidheacht, air a chuma, nó air a chruth, nó fós air a shrannadh, budh shamhalta le grun- táil muice, nár mhuc mar gach muic é. D'éirigh Bulcán air maidin laoi agus leath- shoillse air na márach, ag cuartúghadh agus ag iarraidh Éamoinn; gidh gur fada go bh-fuair ameasg 'na muc d'á unfuirt féin é agus a bhean na suidhe le n-a thaoibh ag feu- chain air dheilbh aingil do bhí in a línéadach geal do bhí aice. Do thug Bulcán aire ro gheur do'n deilbh agus a dubhairt go meathadh a ghaois agus a ghliocas no go m-biadh aige féin. Is ann sin d'fhiofruigh d'Éamonn cad é an cosdas do bhí tar éis na h-oidhche air? “Atá fhíos sin agam-sa, ar an iomchuídheacht; atá trí sgillinge air. Ar n-Domhnach atá trí thrí sgillinge, agus níor fhan sé air.” “Do bhéarfainn-se an chulaidh aifrinn,” ar an bhean “(agus ní raibh me air Meisge ná air bóidéis) nach raibh air, ag dul a chodla dho acht trí sgillinge, agus má's air son a bheith 'na luighe 'san bh-fail so atá an chuid eile air, budh shaoire dho go fada a bheith 'na luighe air leaba chlumhaigh 'ná ann.” “Do bhearaidh mise agus an treabhlach uile an chulaidh aifrinn gurab é sin an t-éadach; go raibh deich sgillinge air ag fágbhail na cuid- eachta dho,” ar Bulcán; “agus an diabhal fóghnamh do, bhí air mhna h-anma riamh féin.” “Ní h-amhrus liom ar an bhean go mionnochaid nídh air bith a dhéaras tu-sa; óir is daoine dod dhéanamh féin iad.” “Léig dod' dhiosbói- reachd, a mhéirdreach,” ar Bulcán, “agus a mhuinntir, ag fuadach na deilbhe as fhochras na mná”: agus ann sin, ag breith air cheann agus air chosa air Éamonn d'fhág [adar] amuigh air an g-carnán é. Do lean an bhean bhocht é, agus gan do (de)mháoin saoghalta aice acht an gadhairín, eadhon, giní óir a d'fholuigh sí in a h-ucht é, air eagla cách d'á shantughadh, agus do bhrosduigh sí Éamonn chum siubhail. Agus air an m-bealach a dubhairt go neimhneach fear- gach: “A Éamoinn,” ar sí, “dá nglacthá mo comhairle-se, ni bhiadh na neithe so mar atáid; óir, ó thús, re do dhroch-chomhairle, do chaill do bhuachaill, eadhon, bonn ocht d-tiostún, na cluasa, do rinne chomh neamh-spéiseamhuíl sin air féin é, go m-budh chuma leis cad a d'eir- eóchadh dho, air mhódh nach fios cionnus do sgar linn: agus is a n-aghaidh mo thola fós do bhain tu do'n robaire so do bhain mo
sheód uasal diom.” “Éisd, a mhúirnín,” ar Éamonn, “bí rath a m-bun a caithmhe — atá nídh ag Dia ár g-coinne.” “Is maith ceart an nídh dóthchus as Dia; air a shon sin féin, is gnáth go d-tagann easba gan chúidiughadh a n-diaigh diombail gan riachtanas,” ar an bhean: “agus anois cá d-tabhram ár n-aghaidh”? “n-Domh- nach is cuma liom,” ar Éamonn. “Ní h-iong- nadh liom go deimhin thu bheith tuirseach dod' shaoghal,” ar sí. “Déanam air ar n-aghaidh: ní h-áit dúinn a bheith annso.” Do ghluaiseadar ann sin go tuirseach, diombuidheach, deorach; agus ní fada an fán do rinneadar fá'n am a d-tárla fear mór, árd, míghneidheach orra 'san g-conair. Do bheannuigh go báidhea- mhuil, muinnteardha dhóibh, ag radh, “a lanamhuin aithnighim air bhur n-eudaighibh agus air bhur n-innioll gurab a duadháin 'san ait so sibh; agus ní dóigh go bh-fuil dochar dúinn fhiaf- ruighe cia h-as a d-tángabhar, no cá bh-fuil bhur d-triall?” “Ni'l dochar air bith ar Éadh- monn … As Bhaile Atha Cliath do tháng- amar anois, agus do'n Chontae so atá ár d-tarruing.” Maiseadh, ceud fáilte romhaibh, ar é-sean; an bh-fuil nuaidheachd air bith libh as an tír sin asa d-tángabhar?” “Ní'l go deimhin” ar iad sin. “A Dhia, maiseadh, an dóigh go bh-fuil eolus agaibh air dhuine uasal is bráthair fogus dam 'san tír sin shoir Chuige Laighean. I m-Baile Áth Cliath féin is mó congbhaigheas a thígheas, eadhon, Al- dherman Cuirm Searbh i n-deireadh, a ainm — presdiún Chuige Laighean, agus árd-shear- riam Chontae Bhaile Átha Cliath féin,” ar an t-anaitheantach so. “Ná h-iarr ní sa mhó d'á sheanchus dúinn,” ar iad-san, “óir atá a fhios againn go leór feabhus cia atá romhad; eadhon, an sladuighe, an robaire, agus an rógaire is córa da'r iarr an diabhal ina sheirbhís ó ruaigeadh as na flaithis é. Duil damanta nach dearna deigh-ghníomh dá laighead ariamh, acht amháin gur choisg tart na h- eaglaise go ro mhinic gan mórán costuis; agus má tá gaol agat-sa leis ní h-amhrus linn go bh-fuil tú go h-olc; agus cá h-ainm tú,” ar Eamonn.” “Ní riachtanus sin d'fhiaf- ruighe,” ar an bhean, “óir aithnighim-se air abholg agus air a ghné gurab é Sughán siashúi- leach mac Coirce é; agus ma's é ó' sé gan amhrus, ní thiubhradh se maitheamh maide do'n fhear eile in olc air bith.” “Is mise Sughán Siashuileach gan olc, gan imreasán, agus ní sheunfainn m'ainim do ghiuisdís,” ar Sughan: “agus go loisgthear me, da m-biadh mo ghuna agam go sguab[f]ainn aon urchar amháin in do chorp.” “Go loisgthear fris sin thu,” ar Éa- monn, “agus da m-biadh sé ion do láimh agat, do'n deamhan faitchios do chuirfeadh sé orm- sa, agus do dhéana mé malairt pistil leat uair air bith.” “Déanam anois é,” ar Sughán. “Ar fiadh,” deanam cheana, ar Eamonn. Do cuadhdar ann sin fá'n armthor fá neasa dhoibh, agus do fuaradar comhgar maith púdair, eadhon, deoch, agus musgaid ann: agus do bhíodar ag losgadh púdair re chéile, eadhon, ag ól, gur dalladh Éamonn: gidheadh níor traothadh a mheisneach air a shon sin. Do rug air an m-bodach, agus do leag faoi é. Ní raibh piléir aca, eadhon bhiadh. Acht do chongbhaidh faoi é gur fhogair Murdar (murder); agus go n-dubhairt an Strongach do thabhairt asteach, agus a bhata connstabla do thabhairt leis, eadhon, buidéal uisge beatha. Do tháinig ann sin Uáitéir Strong asteach, agus lorg imreamhar ina láimh leis; agus an uair do shaoil buille do bhualadh 'san cheann air an ngaisgidheach, eadhon, air Éa- monn, ní h-amhla thárla dho, óir do rug an curadh greim sgórnuigh air, do bhain tog- bhail as, 's do chuir a thóin ós a cheann. Acht cad dob ail liom a bheith leis? do'n deamhan sin deór d'fag[f]adh sé'san Strongach, ná san ochtar dearbhrathar do bhí aige, 's do bhí chomh mór láidir leis féin, muna m-beidheadh Diarmuid ó Codlatain, eadhon, codla, do tháinigh 'san chíréib, agus tuaircillín ann aláimh leis, agus gur bhuail buille feille air Éadhmonn bhocht, do chuir a neull agus a marbh-shuan é. Do rugadar ann sin air, agus do theilgeadar air bara é, agus do fhagadar a g-cuasán crainn a lár coille é. Gidheadh níor léigeadar dó'n mhnaoi a lean-
mhúin, oir do chongbhaigh í féin, agus a gaidh- irín, giní, angeall le gach foghail d'á n-dear- naidh Éamonn. VOCABULARY. (Many expressions in this lesson were explained in the last.) Leith-ceann, gen. leith-chínn, side of the head; having the head awry; bean a'leith-chinn, a woman having her head awry. Coiméad, keeping; air a choímead, on the watch against surprise or danger. Galar, g-lair or -lra, plur. id., sickness. Budán, g. -áin. Lár, gen. Láir, the ground; a floor. Lan-talmhan, gen. of lan-talamh, fully prostrate. Draoi, g. id. pl. draoithe, a sorcerer, a wise man. Damanta, ind. adj. accursed. Aith-dhealbhadh, a transformation. Beathach (beathadhach, in Waterford), a beast. The word is in O'Reilly's App. Ceathair-chosach, adj., no comparative, four-footed. Coinbhliocht, a conflict; mar sin féin, even so. Fail, -le, a sty, in dicts.; in Waterford it is the litter in the sty. Cuma, form, appearance. Cruth, shape. Srannadh, gen. -nnta, a snoring. Samhalta = samhuil, like. Leath-shoillse, twilight; semi-brightness. Cuartughadh, searching for; iarruidh, seeking. Aingeal, g. -il an angel; a coin so called. Lín-eudach, g. -aigh, pl. aighe, linen cloth; linen clothes. Go meathadh (meathfhadh) would fade, cond. mood of meath, fade, wither. Gaois, skill; gliocas, wisdom, cunning. D'fhiosruigh, he inquired; cosdus, cost, expense; do bí air, he owed. Níor fhán sé air. In Waterford this would be níor fhan se daodh leis: in the West, níor fhan se taobh leis, he did not stop at that. Do bhear[f]ainn-se an chulaidh aifrinn, I would swear by the vestments of the Mass. Air meisge, drunk; air bóideis, drunk. Treabhlach, family. T-éadach, a polite way of saying éitheach, a lie. Ní raibh foghnamh air mhná h-anma riamh = ní raibh bean dod ainm air foghnam riamh; a woman of your name was never good. Mionnóchaid, they will swear; léig dod' dhiosbóireacht, leave off your arguing. Bhrosduigh [sí], she hurried on; d'foluigh sí, she hid. D'á shantughadh, to covet it; neimhneach, cross; neamh- spéiseamuil, heedless; cad d'eireócadh dho, what would happen to him. Do bhain tú dho = do bhain tu leis, as in last lesson. Do bhain -diom, who took from me (lit. off me). Bí (= bidheann) rath a m-bun a caithmhe, luck attends the spending. Easba gan cúidiughadh, want without assistance. An-diaigh diombail gan riachtanas, after squandering without necessity: diombail should be diombala. An-diaig, is a compd. prep. governing gen. case. Ca d-tabhram (d-tabhramaoid) ár n-aghaidh? where shall we turn our face, i.e. go to? Tuirseach dod' (ded') shaoghal, tired of your life. Diombuídheach, dissatisfied; deórach, tearful; fán, wan- dering. Mígneidheach, of ugly countenance; do bheannuigh dhoibh, he saluted them; see Find and the Phantoms in last journal; go báidheamhuil, muinnteardha, in an effec- tionate, friendly way; A lanamhuin (lanamha) a married couple; bur n-innioll your deportment; a duadhain, strangers (see last journal). Dochar, harm. Ar d- tarruing, where we are drawing towards. An bh-fuil nuaidheachd air bith libh? Is there any news with you? An bh-fuil eolus agaibh air dhuine uasal, do you know gentleman; is brathair fogus dam, who is a near cousin to me. Is mó congbhaigheas a thigheas, mostly keeps his residence; presdiún, president; árd- sheirriam, high-sheriff. An t-an-aitheantach, the stran- ger. Ná h-iarr, &c., down to feabhus is a little in- correct. Na tabhair for na h-iarr; maith before go leor; and feabhus to be omitted. Cia ta romhad, who is before you, i.e., of whom you are thinking. Cá h-ainm thu? (this is strange). Maitheamh, an abatement; ní maithfinn-se bonn duit, I would not abate a groat for you; I would not give way to you in the least degree. Maide is madadh, a dog, I think; just as mádadh marbh, a dead dog is now maide marbh. Súghan is not a bit better than Cuirm Searbh. Do dheana mé = deanfaidh me; malairt pistil, exchange a shot; fight a duel. Cheana (heana), already; indeed; arm-thor, an armoury. Fá neasa dhóibh, that was nearest to them. Comhgar, conve- nience; musgaid, musket; greim sgórnuigh (gen. of sgórnach, throat). Cad dob' ail liom a bheith leis, what do I want to be talking of this? Don deamhan sin deór; sin is an expletive here, as in O'Cur- nan's song; deór, a drop [of life], ochtar, eight per- sons; Tuaircillín = tuairnín = tuairgin, a mallet. Cuasán, a hollow. Gaidhirín, a little dog. Foghail, trespass. Fochras, bosom.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services