Historical Irish Corpus
1600 - 1926

History of Edmond O'Cleary (continued).

Title
History of Edmond O'Cleary (continued).
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1888
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

HISTORY OF EDMOND O'CLEARY
(Continued.)



Do bhuail Bulcán buille 'san leith-cheann
air Éamonn, 's gan é air a choiméad, do chuir
galar budáin air, agus do leag chum láir
agus lán-talmhan é. Is ann sin do rinne
an draoi damanta aith-dhealbhadh air, óir do
rinne beathach ceathair-chosach de; acht d'fhág
[sé] an coinbhliocht mar sin féin, agus do
chuaidh air ceithre cosa go fail fhuar fhliuch
muc do bhí a g-ceann do'n árus, in ar chodail
chomh trom sin, nár aithin Bulcán do bhi d'á
thóruidheacht, air a chuma, nó air a chruth, nó
fós air a shrannadh, budh shamhalta le grun-
táil muice, nár mhuc mar gach muic é.
D'éirigh Bulcán air maidin laoi agus leath-
shoillse air na márach, ag cuartúghadh agus
ag iarraidh Éamoinn; gidh gur fada go
bh-fuair ameasg 'na muc d'á unfuirt féin é
agus a bhean na suidhe le n-a thaoibh ag feu-
chain air dheilbh aingil do bhí in a línéadach
geal do bhí aice. Do thug Bulcán aire ro
gheur do'n deilbh agus a dubhairt go meathadh
a ghaois agus a ghliocas no go m-biadh aige
féin.



Is ann sin d'fhiofruigh d'Éamonn cad é an
cosdas do bhí tar éis na h-oidhche air?
“Atá fhíos sin agam-sa, ar an iomchuídheacht;
atá trí sgillinge air. Ar n-Domhnach atá
trí thrí sgillinge, agus níor fhan sé air.”
“Do bhéarfainn-se an chulaidh aifrinn,” ar an
bhean “(agus ní raibh me air Meisge ná air
bóidéis) nach raibh air, ag dul a chodla dho
acht trí sgillinge, agus má's air son a
bheith 'na luighe 'san bh-fail so atá an chuid
eile air, budh shaoire dho go fada a bheith
'na luighe air leaba chlumhaigh 'ná ann.” “Do
bhearaidh mise agus an treabhlach uile an
chulaidh aifrinn gurab é sin an t-éadach; go
raibh deich sgillinge air ag fágbhail na cuid-
eachta dho,” ar Bulcán; “agus an diabhal
fóghnamh do, bhí air mhna h-anma riamh féin.”
“Ní h-amhrus liom ar an bhean go mionnochaid
nídh air bith a dhéaras tu-sa; óir is daoine
dod dhéanamh féin iad.” “Léig dod' dhiosbói-
reachd, a mhéirdreach,” ar Bulcán, “agus a
mhuinntir, ag fuadach na deilbhe as fhochras na
mná”: agus ann sin, ag breith air cheann agus
air chosa air Éamonn d'fhág [adar] amuigh air
an g-carnán é. Do lean an bhean bhocht é,
agus gan do (de)mháoin saoghalta aice acht an
gadhairín, eadhon, giní óir a d'fholuigh sí in a
h-ucht é, air eagla cách d'á shantughadh, agus do
bhrosduigh sí Éamonn chum siubhail. Agus air
an m-bealach a dubhairt go neimhneach fear-
gach: “A Éamoinn,” ar sí, “dá nglacthá mo
comhairle-se, ni bhiadh na neithe so mar atáid;
óir, ó thús, re do dhroch-chomhairle, do chaill
do bhuachaill, eadhon, bonn ocht d-tiostún, na
cluasa, do rinne chomh neamh-spéiseamhuíl sin
air féin é, go m-budh chuma leis cad a d'eir-
eóchadh dho, air mhódh nach fios cionnus do
sgar linn: agus is a n-aghaidh mo thola fós
do bhain tu do'n robaire so do bhain mo


L. 50


sheód uasal diom.” “Éisd, a mhúirnín,” ar
Éamonn, “bí rath a m-bun a caithmhe — atá nídh
ag Dia ár g-coinne.” “Is maith ceart an nídh
dóthchus as Dia; air a shon sin féin, is gnáth
go d-tagann easba gan chúidiughadh a n-diaigh
diombail gan riachtanas,” ar an bhean: “agus
anois cá d-tabhram ár n-aghaidh”? “n-Domh-
nach is cuma liom,” ar Éamonn. “Ní h-iong-
nadh liom go deimhin thu bheith tuirseach dod'
shaoghal,” ar sí. “Déanam air ar n-aghaidh: ní
h-áit dúinn a bheith annso.” Do ghluaiseadar
ann sin go tuirseach, diombuidheach, deorach;
agus ní fada an fán do rinneadar fá'n am
a d-tárla fear mór, árd, míghneidheach orra
'san g-conair. Do bheannuigh go báidhea-
mhuil, muinnteardha dhóibh, ag radh, “a lanamhuin
aithnighim air bhur n-eudaighibh agus air bhur
n-innioll gurab a duadháin 'san ait so sibh;
agus ní dóigh go bh-fuil dochar dúinn fhiaf-
ruighe cia h-as a d-tángabhar, no cá bh-fuil
bhur d-triall?” “Ni'l dochar air bith ar Éadh-
monn … As Bhaile Atha Cliath do tháng-
amar anois, agus do'n Chontae so atá ár
d-tarruing.” Maiseadh, ceud fáilte romhaibh,
ar é-sean; an bh-fuil nuaidheachd air bith libh
as an tír sin asa d-tángabhar?” “Ní'l go
deimhin” ar iad sin. “A Dhia, maiseadh, an
dóigh go bh-fuil eolus agaibh air dhuine uasal
is bráthair fogus dam 'san tír sin shoir
Chuige Laighean. I m-Baile Áth Cliath féin
is mó congbhaigheas a thígheas, eadhon, Al-
dherman Cuirm Searbh i n-deireadh, a ainm —
presdiún Chuige Laighean, agus árd-shear-
riam Chontae Bhaile Átha Cliath féin,” ar an
t-anaitheantach so. “Ná h-iarr ní sa mhó d'á
sheanchus dúinn,” ar iad-san, “óir atá a fhios
againn go leór feabhus cia atá romhad;
eadhon, an sladuighe, an robaire, agus an
rógaire is córa da'r iarr an diabhal ina
sheirbhís ó ruaigeadh as na flaithis é. Duil
damanta nach dearna deigh-ghníomh dá laighead
ariamh, acht amháin gur choisg tart na h-
eaglaise go ro mhinic gan mórán costuis;
agus má tá gaol agat-sa leis ní h-amhrus
linn go bh-fuil tú go h-olc; agus cá h-ainm
tú,” ar Eamonn.” “Ní riachtanus sin d'fhiaf-
ruighe,” ar an bhean, “óir aithnighim-se air
abholg agus air a ghné gurab é Sughán siashúi-
leach mac Coirce é; agus ma's é ó' sé gan
amhrus, ní thiubhradh se maitheamh maide do'n
fhear eile in olc air bith.” “Is mise Sughán
Siashuileach gan olc, gan imreasán, agus ní
sheunfainn m'ainim do ghiuisdís,” ar Sughan:
“agus go loisgthear me, da m-biadh mo ghuna
agam go sguab[f]ainn aon urchar amháin in
do chorp.” “Go loisgthear fris sin thu,” ar Éa-
monn, “agus da m-biadh sé ion do láimh agat,
do'n deamhan faitchios do chuirfeadh sé orm-
sa, agus do dhéana mé malairt pistil leat
uair air bith.” “Déanam anois é,” ar Sughán.
“Ar fiadh,” deanam cheana, ar Eamonn. Do
cuadhdar ann sin fá'n armthor fá neasa
dhoibh, agus do fuaradar comhgar maith
púdair, eadhon, deoch, agus musgaid ann:
agus do bhíodar ag losgadh púdair re chéile,
eadhon, ag ól, gur dalladh Éamonn: gidheadh
níor traothadh a mheisneach air a shon sin.
Do rug air an m-bodach, agus do leag faoi
é. Ní raibh piléir aca, eadhon bhiadh. Acht
do chongbhaidh faoi é gur fhogair Murdar
(murder); agus go n-dubhairt an Strongach
do thabhairt asteach, agus a bhata connstabla
do thabhairt leis, eadhon, buidéal uisge beatha.
Do tháinig ann sin Uáitéir Strong asteach,
agus lorg imreamhar ina láimh leis; agus
an uair do shaoil buille do bhualadh 'san
cheann air an ngaisgidheach, eadhon, air Éa-
monn, ní h-amhla thárla dho, óir do rug an
curadh greim sgórnuigh air, do bhain tog-
bhail as, 's do chuir a thóin ós a cheann. Acht
cad dob ail liom a bheith leis? do'n deamhan
sin deór d'fag[f]adh sé'san Strongach, ná
san ochtar dearbhrathar do bhí aige, 's do bhí
chomh mór láidir leis féin, muna m-beidheadh
Diarmuid ó Codlatain, eadhon, codla, do
tháinigh 'san chíréib, agus tuaircillín ann
aláimh leis, agus gur bhuail buille feille
air Éadhmonn bhocht, do chuir a neull agus a
marbh-shuan é. Do rugadar ann sin air,
agus do theilgeadar air bara é, agus do
fhagadar a g-cuasán crainn a lár coille é.
Gidheadh níor léigeadar dó'n mhnaoi a lean-


L. 51


mhúin, oir do chongbhaigh í féin, agus a gaidh-
irín, giní, angeall le gach foghail d'á n-dear-
naidh Éamonn.



VOCABULARY.



(Many expressions in this lesson were explained in the last.)



Leith-ceann, gen. leith-chínn, side of the head; having the
head awry; bean a'leith-chinn, a woman having her
head awry.
Coiméad, keeping; air a choímead, on the watch against
surprise or danger.
Galar, g-lair or -lra, plur. id., sickness.
Budán, g. -áin.
Lár, gen. Láir, the ground; a floor.
Lan-talmhan, gen. of lan-talamh, fully prostrate.
Draoi, g. id. pl. draoithe, a sorcerer, a wise man.
Damanta, ind. adj. accursed.
Aith-dhealbhadh, a transformation.
Beathach (beathadhach, in Waterford), a beast. The word is
in O'Reilly's App.
Ceathair-chosach, adj., no comparative, four-footed.
Coinbhliocht, a conflict; mar sin féin, even so.
Fail, -le, a sty, in dicts.; in Waterford it is the litter in
the sty.
Cuma, form, appearance. Cruth, shape.
Srannadh, gen. -nnta, a snoring.
Samhalta = samhuil, like.
Leath-shoillse, twilight; semi-brightness.
Cuartughadh, searching for; iarruidh, seeking.
Aingeal, g. -il an angel; a coin so called.
Lín-eudach, g. -aigh, pl. aighe, linen cloth; linen clothes.
Go meathadh (meathfhadh) would fade, cond. mood of meath,
fade, wither.
Gaois, skill; gliocas, wisdom, cunning.
D'fhiosruigh, he inquired; cosdus, cost, expense; do bí
air, he owed.
Níor fhán sé air. In Waterford this would be níor fhan
se daodh leis: in the West, níor fhan se taobh leis,
he did not stop at that.
Do bhear[f]ainn-se an chulaidh aifrinn, I would swear by
the vestments of the Mass.
Air meisge, drunk; air bóideis, drunk.
Treabhlach, family. T-éadach, a polite way of saying
éitheach, a lie.
Ní raibh foghnamh air mhná h-anma riamh = ní raibh bean
dod ainm air foghnam riamh; a woman of your
name was never good.
Mionnóchaid, they will swear; léig dod' dhiosbóireacht,
leave off your arguing.
Bhrosduigh [sí], she hurried on; d'foluigh sí, she hid.
D'á shantughadh, to covet it; neimhneach, cross; neamh-
spéiseamuil, heedless; cad d'eireócadh dho, what
would happen to him.
Do bhain tú dho = do bhain tu leis, as in last lesson.
Do bhain -diom, who took from me (lit. off me).
Bí (= bidheann) rath a m-bun a caithmhe, luck attends the
spending.
Easba gan cúidiughadh, want without assistance.
An-diaigh diombail gan riachtanas, after squandering
without necessity: diombail should be diombala.
An-diaig, is a compd. prep. governing gen. case.
Ca d-tabhram (d-tabhramaoid) ár n-aghaidh? where shall
we turn our face, i.e. go to? Tuirseach dod' (ded')
shaoghal, tired of your life.
Diombuídheach, dissatisfied; deórach, tearful; fán, wan-
dering.
Mígneidheach, of ugly countenance; do bheannuigh dhoibh,
he saluted them; see Find and the Phantoms in last
journal; go báidheamhuil, muinnteardha, in an effec-
tionate, friendly way; A lanamhuin (lanamha) a married
couple; bur n-innioll your deportment; a duadhain,
strangers (see last journal). Dochar, harm. Ar d-
tarruing, where we are drawing towards. An bh-fuil
nuaidheachd air bith libh? Is there any news with you?
An bh-fuil eolus agaibh air dhuine uasal, do you know
gentleman; is brathair fogus dam, who is a near
cousin to me. Is mó congbhaigheas a thigheas, mostly
keeps his residence; presdiún, president; árd-
sheirriam, high-sheriff. An t-an-aitheantach, the stran-
ger. Ná h-iarr, &c., down to feabhus is a little in-
correct. Na tabhair for na h-iarr; maith before
go leor; and feabhus to be omitted. Cia ta romhad,
who is before you, i.e., of whom you are thinking.
Cá h-ainm thu? (this is strange). Maitheamh, an abatement;
ní maithfinn-se bonn duit, I would not abate a
groat for you; I would not give way to you in the
least degree. Maide is madadh, a dog, I think;
just as mádadh marbh, a dead dog is now maide
marbh. Súghan is not a bit better than Cuirm Searbh.
Do dheana mé = deanfaidh me; malairt pistil,
exchange a shot; fight a duel. Cheana (heana),
already; indeed; arm-thor, an armoury. Fá neasa
dhóibh, that was nearest to them. Comhgar, conve-
nience; musgaid, musket; greim sgórnuigh (gen. of
sgórnach, throat). Cad dob' ail liom a bheith leis,
what do I want to be talking of this? Don deamhan
sin deór; sin is an expletive here, as in O'Cur-
nan's song; deór, a drop [of life], ochtar, eight per-
sons; Tuaircillín = tuairnín = tuairgin, a mallet.
Cuasán, a hollow. Gaidhirín, a little dog. Foghail,
trespass.
Fochras, bosom.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services