Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aonach Bheárna na Gaoithe. (continued.)
Title
Aonach Bheárna na Gaoithe. (continued.)
Author(s)
Ó Móráin, Tomás,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AONACH BHEÁRNA NA GAOITE. (Continued). VII. An bhó an-laogh ná beidheach ró aosta Bhí sí daor a dothain Sé puint-sé deich sgillinge a's raol 'S ní bh-faghfá an laogh gan coróin ann Air sheafaid aosta gheobhthá aon read Bhí gamhna daor gó leór ann Capuill ghroidhe ba dheacair a dhíol Bhí an sonas le daoire ar pónís. VIIa. Bhí uathbhas go léir de Ciaraidhig mhaola O Bhaile-mhistéala dá n-díol ann; Ba beaga, caola, nár bh'fhiu leat ar aon chor, A g-ceannach ar aon sórt díl ann. Air trí ghinidhe a's raol cheannaigh Séaghan 'Leun, Dhá sheafaidín mhaola bhí cuibhiosach; Acht geallaim-se óm' bheul nach duine ró mhaol, An sean-duine claon a dhíol iad.
VIII. Bhí sean-mhná críona laga, gan bhrígh ann, 'Sa d-teanga go líomhtha ag bárduidheacht; Plucaireacht chainte aca le saint, A g-clainne do dheíghilt ó'n árd-bhruighean. Bhí bacaig na dúithche ann, lucht, trick-o'-the- loop; Dob' aibigh do liugheach lucht cártuighe; Bhí dathacha a n-glúinibh shean-duine an ghúta, 'Sé ag easgaine ann súd le h-árd-chroidhe. IX. Bhí, uathbhas Éireann mangairíde éisg, Taréis an-chuid hakes a dhiol ann, Adhanta, seínís, ruilleáin, créithre; Agus snabaigh ag béithe ar fhíonta. An trumpa-béil bha bhinne leat é, Le barra do mhéir a luigheadh air; 'San chrúibín mhuice do gheóbhthá ar phingin 'S go bh-fainfeá dá creimirt go fíor- smior. X. Bhí pic a's dathad de'n phis ar sgalladh, Agus piúnta dhi ar leith-phinge ó Shíghle. Fear 'sa bhacala lán de chutlasana, Chuirfeach chum ratha staingínídhe. Ba mhór an marga air raol a's leith phinge, Peire gallows dom bhríste; An laintreir stáin ar sgilling dá fhághail, Nach leigfeadh chum fághain tú a stoidhche. XI. Margaídhe saora, cuibhiosach', a's daora, * Ó aontáighe chídhim go deó teacht: Chonnairc mé caora cheann-riabhach díolta Le búistéir buidhe ar leath-choróin ann. Sgar Uilliam Bhríghid le bó bhreagha, ghroidhe, Níor ghlac sé acht trí púint dó uirthe, 'Nuair tháinig Sighle dhearbhuigh sí, Go d-tabharfach sé díol 'san rósta. XII. Bhí brushana canta, 'gus curry-combs capall ann; Cliabhán 'nar ceapadh seoithín do; Turann as fearsaid ann, sgáinneur chum casta dhóibh; Corcóg do'n saithe chum luighe innte; Bhí turnip a's meacain ann, cáiréidíghe dearga, Plumaighe dúbha, a's silíníghe; Ar uinniuin bhí an sracadh le ganacuis bainne, A's mná-tíghe a caismeart 'na d-timchioll. XIII. Bhí sgadáin ann barraille dá n-díol ag mangaire ann, Bioranaig chalma 's dob úr iad, Slabhacán cnis-carraige, portáin a's gla- maig ann, Bradáin a's bric-gheala ó'n t-Siuir ann; Bhí píotháin ó'n bh-fairrge, fraochain 'na g-carn ann; Spionáin, fairsinge, a's úbhla. Bhí fliuitín do'n leanbh ann, cruiscín do'n bhanartla, As sgaothan chum amharc do'n t-súil ann. XIV. Bhí tuíncéir a's fiche ann tháinig o Bhioradh, A g-cuid asal faoi iomad bagaostaídhe; A mná 'gus a leinbh thug stán agus miotal leó: Thiománadar tentana dá n-deanadh Ba gheárr go raibh teine aca, 'sa lán daoine cruinnighthe, Do budh aluin leat boilg a séideadh ann: Act dortag an goradh ar chuid aca corrag 'S ba gheárr go raibh cogadh ar an aonach. * Masgaidhe saora, masgaidhe daora, is another reading.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services