Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aonach Bheárna na Gaoithe. (continued.)

Title
Aonach Bheárna na Gaoithe. (continued.)
Author(s)
Ó Móráin, Tomás,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AONACH BHEÁRNA NA GAOITE.



(Continued).



VII.



An bhó an-laogh ná beidheach ró aosta
Bhí sí daor a dothain
Sé puint-sé deich sgillinge a's raol
'S ní bh-faghfá an laogh gan coróin ann
Air sheafaid aosta gheobhthá aon read
Bhí gamhna daor gó leór ann
Capuill ghroidhe ba dheacair a dhíol
Bhí an sonas le daoire ar pónís.



VIIa.



Bhí uathbhas go léir de Ciaraidhig mhaola
O Bhaile-mhistéala dá n-díol ann;
Ba beaga, caola, nár bh'fhiu leat ar aon chor,
A g-ceannach ar aon sórt díl ann.
Air trí ghinidhe a's raol cheannaigh Séaghan
'Leun,
Dhá sheafaidín mhaola bhí cuibhiosach;
Acht geallaim-se óm' bheul nach duine ró
mhaol,
An sean-duine claon a dhíol iad.


L. 44


VIII.



Bhí sean-mhná críona laga, gan bhrígh ann,
'Sa d-teanga go líomhtha ag bárduidheacht;
Plucaireacht chainte aca le saint,
A g-clainne do dheíghilt ó'n árd-bhruighean.
Bhí bacaig na dúithche ann, lucht, trick-o'-the-
loop;
Dob' aibigh do liugheach lucht cártuighe;
Bhí dathacha a n-glúinibh shean-duine an ghúta,
'Sé ag easgaine ann súd le h-árd-chroidhe.



IX.



Bhí, uathbhas Éireann mangairíde éisg,
Taréis an-chuid hakes a dhiol ann,
Adhanta, seínís, ruilleáin, créithre;
Agus snabaigh ag béithe ar fhíonta.
An trumpa-béil bha bhinne leat é,
Le barra do mhéir a luigheadh air;
'San chrúibín mhuice do gheóbhthá ar phingin
'S go bh-fainfeá dá creimirt go fíor-
smior.



X.



Bhí pic a's dathad de'n phis ar sgalladh,
Agus piúnta dhi ar leith-phinge ó Shíghle.
Fear 'sa bhacala lán de chutlasana,
Chuirfeach chum ratha staingínídhe.
Ba mhór an marga air raol a's leith phinge,
Peire gallows dom bhríste;
An laintreir stáin ar sgilling dá fhághail,
Nach leigfeadh chum fághain tú a stoidhche.



XI.



Margaídhe saora, cuibhiosach', a's daora, *
Ó aontáighe chídhim go deó teacht:
Chonnairc mé caora cheann-riabhach díolta
Le búistéir buidhe ar leath-choróin ann.
Sgar Uilliam Bhríghid le bó bhreagha, ghroidhe,
Níor ghlac sé acht trí púint dó uirthe,
'Nuair tháinig Sighle dhearbhuigh sí,
Go d-tabharfach sé díol 'san rósta.



XII.



Bhí brushana canta, 'gus curry-combs
capall ann;
Cliabhán 'nar ceapadh seoithín do;
Turann as fearsaid ann, sgáinneur chum
casta dhóibh;
Corcóg do'n saithe chum luighe innte;
Bhí turnip a's meacain ann, cáiréidíghe
dearga,
Plumaighe dúbha, a's silíníghe;
Ar uinniuin bhí an sracadh le ganacuis
bainne,
A's mná-tíghe a caismeart 'na d-timchioll.



XIII.



Bhí sgadáin ann barraille dá n-díol ag
mangaire ann,
Bioranaig chalma 's dob úr iad,
Slabhacán cnis-carraige, portáin a's gla-
maig ann,
Bradáin a's bric-gheala ó'n t-Siuir ann;
Bhí píotháin ó'n bh-fairrge, fraochain 'na
g-carn ann;
Spionáin, fairsinge, a's úbhla.
Bhí fliuitín do'n leanbh ann, cruiscín do'n
bhanartla,
As sgaothan chum amharc do'n t-súil ann.



XIV.



Bhí tuíncéir a's fiche ann tháinig o Bhioradh,
A g-cuid asal faoi iomad bagaostaídhe;
A mná 'gus a leinbh thug stán agus miotal
leó:
Thiománadar tentana dá n-deanadh
Ba gheárr go raibh teine aca, 'sa lán daoine
cruinnighthe,
Do budh aluin leat boilg a séideadh ann:
Act dortag an goradh ar chuid aca corrag
'S ba gheárr go raibh cogadh ar an aonach.



* Masgaidhe saora, masgaidhe daora, is another
reading.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services