Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bás an Athar Uileog I. Búrc.
Title
Bás an Athar Uileog I. Búrc.
Author(s)
O'Briain, Padraic,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BÁS AN ATHAR UILEOG I. DE BÚRC. Gan amhrus do chualaidh leightheóiridhe Iris- leabhar na Gaedhilge roimhe so tásg báis an Athar Uileog I. De Búrc, Canónach na Cille Moire i d-Tuaim. Is le croidhe doilghiosach atáim aig teacht thairris annso. Budh bhall de Aondacht na Gaedhilge é ó cuireadh air bun an cumann, agus sgríobhnóir do'n Iris- leabhar-so, aig tabhairt cuntais air Bheatha Sheaghain Mhic Héil, Áird-Easpog Thuama, agus is brón liom do radh, gidh gur sgríobh sé mór-chuid de ná'r thainic leis é do chrioch- nughadh. Do rinn sé a dhithchioll go dílis, dúthrachtach air feadh suas le dhá fhichid blia- dhain chum breis measa agus réime do chur air teangain na h-Eireann. Budh nár leis an tarcaisne in a raibh an Ghaedhilge, ní amhain idir namhaidibh a tíre dúthchais agus luchd gallda go coitcheann, acht fós an sodar i n-diaigh na h-uaisle do bhídh aig Eirinnigh féin, aig tnúth le chéile aig feu- chainn cia aca is feárr do dheunfadh aithris air úrlabhra an t-Sasanaigh, agus aig dear- mad go failligheach a d-teangan ársa fein. Taisbeanann na leabhair do sgríobh sé an deaghthoil fhírineach agus an teasghradh tíre le ar thug sé a aimsir aig obair gan dualgus chum go g-coimheadfaidh beó an t-aon séad- chomhartha do fhág ar sinsir againn. Tá sé anois sgartha le n-a ghnothaibh saoghalta go deoigh, acht is fada mhairfidh a ainim, a cháil, agus a shaothar luachdmhar ameasg Eirinneach, ó ghlún go glún, in gach uile roinn de'n domhan. Ní fheacaidh an té atá aig a sgríobhadh so a ghnúis riamh acht guidheann sé — go d-tugaidh Dia glóire na bh-flaitheas dod' anam a Athair Uileog I. De Búrc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services