Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bás an Athar Uileog I. Búrc.

Title
Bás an Athar Uileog I. Búrc.
Author(s)
O'Briain, Padraic,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BÁS AN ATHAR UILEOG I. DE BÚRC.



Gan amhrus do chualaidh leightheóiridhe Iris-
leabhar na Gaedhilge roimhe so tásg báis an
Athar Uileog I. De Búrc, Canónach na Cille
Moire i d-Tuaim. Is le croidhe doilghiosach
atáim aig teacht thairris annso. Budh bhall
de Aondacht na Gaedhilge é ó cuireadh air
bun an cumann, agus sgríobhnóir do'n Iris-
leabhar-so, aig tabhairt cuntais air Bheatha
Sheaghain Mhic Héil, Áird-Easpog Thuama,
agus is brón liom do radh, gidh gur sgríobh
sé mór-chuid de ná'r thainic leis é do chrioch-
nughadh. Do rinn sé a dhithchioll go dílis,
dúthrachtach air feadh suas le dhá fhichid blia-
dhain chum breis measa agus réime do chur
air teangain na h-Eireann. Budh nár leis
an tarcaisne in a raibh an Ghaedhilge, ní
amhain idir namhaidibh a tíre dúthchais agus
luchd gallda go coitcheann, acht fós an
sodar i n-diaigh na h-uaisle do bhídh aig
Eirinnigh féin, aig tnúth le chéile aig feu-
chainn cia aca is feárr do dheunfadh aithris
air úrlabhra an t-Sasanaigh, agus aig dear-
mad go failligheach a d-teangan ársa fein.
Taisbeanann na leabhair do sgríobh sé an
deaghthoil fhírineach agus an teasghradh tíre le
ar thug sé a aimsir aig obair gan dualgus
chum go g-coimheadfaidh beó an t-aon séad-
chomhartha do fhág ar sinsir againn. Tá sé
anois sgartha le n-a ghnothaibh saoghalta go
deoigh, acht is fada mhairfidh a ainim, a cháil,
agus a shaothar luachdmhar ameasg Eirinneach,
ó ghlún go glún, in gach uile roinn de'n domhan.
Ní fheacaidh an té atá aig a sgríobhadh so a
ghnúis riamh acht guidheann sé — go d-tugaidh
Dia glóire na bh-flaitheas dod' anam a
Athair Uileog I. De Búrc.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services