Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Air Mhalluightheacht an Pheacaidh agus air Áithrighe.
Title
Air Mhalluightheacht an Pheacaidh agus air Áithrighe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AIR MHALLUIGHTHEACHT AN PHEACAIDH AGUS AIR ÁITHRIGHE. Another Modern Sermon literally as spoken. Is minic le sgathamh, a dhr., a thráchdas libh air an bh-fáth ar chuir Día air an saoghal sinn; is minic gan amhras a thangabhar féin thairis ó a fhoghlumabhar as an teagasg Críostuidhe é; is minic ag clos díbh gur chuir Día air an saoghal sibh chum aithne bheith air, chum é ghradhughadh, agus chum a sheirbhís a dheunadh. Acht, a dhr, ní h-ionann nídh do clos agus sgim do dheunadh dhe 'n bh-fírinne do chíalli- gheann sé; ní h-ionann ceacht as an teagasg Críostuidhe a bheith de ghlan-mheabhair agat agus an oibliogáid atá órduighthe ann do choimhlíonadh; ní h-ionann soisgéul do chlos agus do bheatha a ríaradh do réir comhairle an t-soisgéil, mar ní'l aon tairbhe dhúinn fios an dhlighe a bheith againn muna n-deun- famaoid an dlíghe a choimeád. Tá fhios agaibh go léir dá réir sin, go bh-fuil sé d' fhiachaibh orraibh Día do adhradh agus do ghrádhughadh ó'n bhúr g-croidhe go h-iomlán, agus ós ceann an uile nídh; a aitheanta do choimeád, agus buidheachas do thabhairt leis i d-taobh a thiodhluichtheadh; gan fearg a chur air leis an b-peacadh, acht a bheith dílis díograiseach 'na sheirbhís. Tá fhios agaibh mar an g-ceudna, go bh-fuil sé de oibliogáid orraibh bhúr n-anam do leasughadh, agus beatha deigh-ríartha do leanmhúin air son Dé. Acth cad é bhúr sgeul? An bh-fuil sibh ag siubhal de ghnáth i g-casán bhúr leasa, nó air an m-bóthar do ruitheann go h-ifrionn? An d-tugann sibh sibh féin suas gach aon lá do sheirbhís Dé, nó an bh-fuil sibh 'n bhúr sglábhaidhthibh ag an díabhal? An n-deunann sibh Día do adhradh agus do ghrádhughadh ó n- bhúr g-croidhe go h-iomlán, nó an d-tugann sibh cúl bhúr láimhe leis? Ann aon fhocal, an g-coimeádann sibh dlighe Dé go dílis, nó an bh-fuil sibh dá shíorbhriseadh leis an b-peacadh? Seo ceistionna ar' mhaith do gach aoinne réiteach do féin. Agus in daríribh a dhr, cad nídh é peacughadh i n-aghaidh Dé? Atá masladh agus eas-onóir a thabhairt do Dhía na glóire, Cruthaightheóir agus Aird- Thighearna an uile nídh. Agus an dream atá 'san b-peacadh, no a thuit san b-peacadh aon am dá saoghal, bhudh mhaith an nídh dhóibh an folach a bhaint anuas dá súilibh, agus feuchaint asteach 'n a g-croidhe féin, agus an staid 'n a rabhadar ann tar éis peacaighthe dhóibh a thabhairt go cruinn fá deara. Cuirim chugaibh féin é a phobail. Cad a righneabhar 'nuair a chuireabhar fearg air Dhía? Sibhse a Chríostuighthe, a bh-fuil an Eaglais mar mháthair agaibh; sibhse a thug mionna ag umar an bhaistigh go m-beidheadh sibh in bhúr g-clann dílis aici go deire bhúr saoghail; sibhse a shuigh síos ag bórd a cloinne, agus a chaith bíadh na bh-fíreun — fíafruighim díbhse cad a righneabhar le tuitim 'san b-peacadh? An é amháin nár chuireabhar aon suim in bhúr * Pinneáil or pionáil, to grow musty. Neither of these words is in dicts., I believe. Nor is gleidire, ap- plied to a big dashing young man, so far as I can recollect.
n-Dia, gur righneabhar faillidhe de n-a sheirbhís, agus go rabhabhar ag caitheamh bhúr saoghail gan aon chuimhne agaibh air? O! righneabhar a bhfad níos measa. Mar Catoilicibh d'admhá- labhar gur ó Dhía a tháinic gach maith chúgaibh dá bh-fuil agaibh; gach grás, agus gach tíodh- lacadh, agus gach fábhar; ghlacabhar ó n-a láimh, subhailcidhe agus pribhléididhe; shuighea- bhar síos ag á bhórd agus chaitheabhar mar bhíadh a chuid feóla, agus d'olabhar a chuid fola mar dheoch, agus tar éis a chaithte dhíbh chuadhbhar amach mar Iudas, agus righneabhar feall air. D'eirigheabhar suas 'na choinne, agus chaitheabhar díbh a ughdarás i ngrádh muinteardhas a dheunadh le n-a namhaidibh, righneabhar gáire agus maga féigh, agus air nós an aidhbherseóra thugabhar íarracht air Dhía uile-chomhachtach do theilgean ó n-a chathaoir áird-réimeach síorruidhe. Cad a righneabhar 'nuair a pheacuigheabhar i n-aghadh Dé? Seasaidh i spioraid air chnoc Chalbhari agus chídhfidh sibh. Feuchaidh air Íosa Críosd ag crochadh air chrann na croise. Tugaidh fé deara a cholann bheannaighthe cosgartha le lasgaidhibh, agus a cheann naomhtha loitighthe le deilgnibh. Feuchaidh air a lámhaibh agus air a chosaibh ceangailte do 'n g-crois le bioraidhibh garbha, agus fiafraighidh cía righne na neithe so. An duine air mire nó air mearbhal, a raibh a chíal caillte aige, nó an deamhan é a tháinic aníos ó ifrionn chum sásamh a bhaint de Dhía cheann a dhamnuighthe? O! ní neachtar aca so é. Cía eile a chuir Íosa Críost chum báis? Tusa a pheacaigh! Tusa a 's ní aoinne eile, a chuir do Shlanuigh- theóir 'san riocht san. Tusa a thóg na sgiursidhe ad láimh agus a leag le fuineamh air ghuailnibh Íosa íad. Tusa a chuir an choróin dheilgneach air a cheann agus do bhrúigh síos le fóir-neart í. Budh tusa a pheacaigh a thiomáin na tairngidhe tré n-a lamhaibh agus tré n-a chosaibh. Budh tusa a cheus Rígh na glóire. O! má tá aoinne ag éisteacht liom air staid an pheacaidh mhairbh, atá ceist agam air. An b-fuil sé de aigne agat leanmhúin níos sía de 'n b-peacadh, tuille feirge a chur air Dhiá, agus É a cheusadh arís agus arís eile? Nó an mían leat do droich- cleachtaidhe a theilgean uait, agus casadh air Dhía le h-áithrighe fíor, agus deigh-beatha a chaitheamh as so suas? Gídh b'é nídh aca atá fonn ort a dheanadh atá teachtaireacht agam chughat. Má tá tu sásta le d' staid mhi-ádh- mharach; agus má tá fonn ort gan an peacadh do thréigean, ag caitheamh i n-díagh le h-áith- righe a dheunadh air leaba do bhaís, agus maitheamhnus a fhaghail ó Dhía: a deirim leat go cinnte, nuair a thiocfas an lá san go n-glaodhfaidh tu air Dhía agus b'fhéidir ná eisteochaidh Sé leat. Cad deir Día feín leis an dream a dhiúltuigheann d'á ghrás ruith a saoghail, ag brath air trócaire a fhaghail fé dheire? “Do bhrígh gur ghlao- dhas orraibh,” * deir Sé “agus dhiultui- gheabhar: shíneas amach mo lámh agus ní raibh aoinne a thug aire. Tharcaisnigheabhar gach comhairle liom, agus righneabhar faillighe am' bhagairt. Deunfad-sa mar an g-céadna, gáire fé n-bhúr n-donas-sa, agus deunfaidh me maga fúibh nuair a thiocfas súd orraibh a raibh eagla agaibh roimhe … An san glaodhfaidh síad orm agus ní éisteó- chad-sa leó.” Acht an dream atá toilinneach casadh air Dhía le h-áithrighe — leó san a deirim go bh-fuil Día trócaireach, go bh-fuil Sé fad- fhulaingeach, agus lán de mhaitheas. Leis an áithrigheach a deirim mar a dubhairt an fáidh,† “Má tá do peacaidhe chomh dearg le corcur, deunfar chomh geal le sneachta íad: má tá síad chomh dearg le crimson beid síad comh geal le h-olann.” O! nach breágh, agus nach compórdamhuil an nídh dho'n pheacach bhocht gur féidir do párdún a fhághail ó Dhía 'n-a chorthaibh go léir, is cuma cá mhéid íad. Bidheadh go bh-fuil a anam cíar-dhubh mar an ghual, is féidir do bheith glanta níos gile ná an sneachta; is cuma cad é dúireacht a chroidhe agus olcas a claontadh, tabharfas Seanraidhte l. 24, 25, 26, 28. † Isaiah, l. 18.
Día grása dho chum buadh a fhaghail ortha má íarrann sé le h-umhalaidheacht agus le duth- racht é. Feuch air Naomh Peadar do righne a Mhághistir do sheunadh; Naomh Maire Mag- delean a bhí na bean mhí-ádhmharaigh; Naomh Aguistín, an peacach mór; agus lán eile do iompuig, ó bheith 'na b-peacachaibh uathbhásacha chum a bheith 'na naomhaibh ghlórmhara. O! a dhr., ná diúltuighidh anois do ghrása Dé, ná bídhidh níos sía ag ceusadh Íosa Críost, agus ag sgaipeadh a choda fola fé n-bhúr g-cosaibh; caithidh uaibh go bráth bhúr n-droich- cleachtaidhe, casaidh air Día le croidhé úmhal agus íarraidh maitheamhnas air, agus deunfaidh Sé tróchaire orraibh. Má tá bhúr g-croidhe brúighte síos fé ualach bhúr b-peacadh, má tá sibh i g-cuibhreach ag an díabhal, taigidh go d-tí cathaoir an fhaoisidine, agus brisfear bhúr slabhraidhe agus tógfar an t-ualach díbh. Taigidh chum bhúr n-athar cheannsa, thrócairigh; deunaidh faoisidin le 'n a fhear-ionad — an sagart — agus 'nuair a thógfaidh sésean a lámh ós bhúr g-ceann tuitfeas cioth fola Íósa Críost air bhúr n-anam, do glanfar sibh, agus deunfar sibh níos gile ná an sneachta. [Dr. for dearbhráithreacha, brethren, pro- nounced as if written dritheáracha. Fé Munster pronunciation of fá, under; and féigh, or rather féig, for faoi, under him.>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services