AIR MHALLUIGHTHEACHT AN PHEACAIDH
AGUS AIR ÁITHRIGHE.
Another Modern Sermon literally as spoken.
Is minic le sgathamh, a dhr., a thráchdas libh
air an bh-fáth ar chuir Día air an saoghal sinn;
is minic gan amhras a thangabhar féin thairis
ó a fhoghlumabhar as an teagasg Críostuidhe
é; is minic ag clos díbh gur chuir Día air
an saoghal sibh chum aithne bheith air, chum é
ghradhughadh, agus chum a sheirbhís a dheunadh.
Acht, a dhr, ní h-ionann nídh do clos agus
sgim do dheunadh dhe 'n bh-fírinne do chíalli-
gheann sé; ní h-ionann ceacht as an teagasg
Críostuidhe a bheith de ghlan-mheabhair agat
agus an oibliogáid atá órduighthe ann do
choimhlíonadh; ní h-ionann soisgéul do chlos
agus do bheatha a ríaradh do réir comhairle
an t-soisgéil, mar ní'l aon tairbhe dhúinn
fios an dhlighe a bheith againn muna n-deun-
famaoid an dlíghe a choimeád.
Tá fhios agaibh go léir dá réir sin, go
bh-fuil sé d' fhiachaibh orraibh Día do adhradh
agus do ghrádhughadh ó'n bhúr g-croidhe go
h-iomlán, agus ós ceann an uile nídh; a
aitheanta do choimeád, agus buidheachas do
thabhairt leis i d-taobh a thiodhluichtheadh; gan
fearg a chur air leis an b-peacadh, acht a
bheith dílis díograiseach 'na sheirbhís. Tá fhios
agaibh mar an g-ceudna, go bh-fuil sé de
oibliogáid orraibh bhúr n-anam do leasughadh,
agus beatha deigh-ríartha do leanmhúin air
son Dé. Acth cad é bhúr sgeul? An bh-fuil
sibh ag siubhal de ghnáth i g-casán bhúr leasa,
nó air an m-bóthar do ruitheann go h-ifrionn?
An d-tugann sibh sibh féin suas gach aon lá
do sheirbhís Dé, nó an bh-fuil sibh 'n bhúr
sglábhaidhthibh ag an díabhal? An n-deunann
sibh Día do adhradh agus do ghrádhughadh ó n-
bhúr g-croidhe go h-iomlán, nó an d-tugann
sibh cúl bhúr láimhe leis? Ann aon fhocal,
an g-coimeádann sibh dlighe Dé go dílis, nó
an bh-fuil sibh dá shíorbhriseadh leis an
b-peacadh? Seo ceistionna ar' mhaith do gach
aoinne réiteach do féin. Agus in daríribh
a dhr, cad nídh é peacughadh i n-aghaidh Dé?
Atá masladh agus eas-onóir a thabhairt do
Dhía na glóire, Cruthaightheóir agus Aird-
Thighearna an uile nídh. Agus an dream
atá 'san b-peacadh, no a thuit san b-peacadh
aon am dá saoghal, bhudh mhaith an nídh dhóibh
an folach a bhaint anuas dá súilibh, agus
feuchaint asteach 'n a g-croidhe féin, agus
an staid 'n a rabhadar ann tar éis peacaighthe
dhóibh a thabhairt go cruinn fá deara. Cuirim
chugaibh féin é a phobail. Cad a righneabhar
'nuair a chuireabhar fearg air Dhía? Sibhse
a Chríostuighthe, a bh-fuil an Eaglais mar
mháthair agaibh; sibhse a thug mionna ag
umar an bhaistigh go m-beidheadh sibh in bhúr
g-clann dílis aici go deire bhúr saoghail;
sibhse a shuigh síos ag bórd a cloinne, agus a
chaith bíadh na bh-fíreun — fíafruighim díbhse
cad a righneabhar le tuitim 'san b-peacadh?
An é amháin nár chuireabhar aon suim in bhúr
* Pinneáil or pionáil, to grow musty. Neither of
these words is in dicts., I believe. Nor is gleidire, ap-
plied to a big dashing young man, so far as I can
recollect.
n-Dia, gur righneabhar faillidhe de n-a sheirbhís,
agus go rabhabhar ag caitheamh bhúr saoghail
gan aon chuimhne agaibh air? O! righneabhar
a bhfad níos measa. Mar Catoilicibh d'admhá-
labhar gur ó Dhía a tháinic gach maith chúgaibh
dá bh-fuil agaibh; gach grás, agus gach tíodh-
lacadh, agus gach fábhar; ghlacabhar ó n-a
láimh, subhailcidhe agus pribhléididhe; shuighea-
bhar síos ag á bhórd agus chaitheabhar mar
bhíadh a chuid feóla, agus d'olabhar a chuid
fola mar dheoch, agus tar éis a chaithte dhíbh
chuadhbhar amach mar Iudas, agus righneabhar
feall air. D'eirigheabhar suas 'na choinne,
agus chaitheabhar díbh a ughdarás i ngrádh
muinteardhas a dheunadh le n-a namhaidibh,
righneabhar gáire agus maga féigh, agus air
nós an aidhbherseóra thugabhar íarracht air
Dhía uile-chomhachtach do theilgean ó n-a
chathaoir áird-réimeach síorruidhe. Cad a
righneabhar 'nuair a pheacuigheabhar i n-aghadh
Dé? Seasaidh i spioraid air chnoc Chalbhari
agus chídhfidh sibh. Feuchaidh air Íosa Críosd
ag crochadh air chrann na croise. Tugaidh
fé deara a cholann bheannaighthe cosgartha le
lasgaidhibh, agus a cheann naomhtha loitighthe
le deilgnibh. Feuchaidh air a lámhaibh agus
air a chosaibh ceangailte do 'n g-crois le
bioraidhibh garbha, agus fiafraighidh cía righne
na neithe so. An duine air mire nó air
mearbhal, a raibh a chíal caillte aige, nó an
deamhan é a tháinic aníos ó ifrionn chum
sásamh a bhaint de Dhía cheann a dhamnuighthe?
O! ní neachtar aca so é. Cía eile a chuir
Íosa Críost chum báis? Tusa a pheacaigh!
Tusa a 's ní aoinne eile, a chuir do Shlanuigh-
theóir 'san riocht san. Tusa a thóg na
sgiursidhe ad láimh agus a leag le fuineamh
air ghuailnibh Íosa íad. Tusa a chuir an
choróin dheilgneach air a cheann agus do
bhrúigh síos le fóir-neart í. Budh tusa a
pheacaigh a thiomáin na tairngidhe tré n-a
lamhaibh agus tré n-a chosaibh. Budh tusa a
cheus Rígh na glóire.
O! má tá aoinne ag éisteacht liom air
staid an pheacaidh mhairbh, atá ceist agam
air. An b-fuil sé de aigne agat leanmhúin
níos sía de 'n b-peacadh, tuille feirge a
chur air Dhiá, agus É a cheusadh arís agus
arís eile? Nó an mían leat do droich-
cleachtaidhe a theilgean uait, agus casadh air
Dhía le h-áithrighe fíor, agus deigh-beatha a
chaitheamh as so suas? Gídh b'é nídh aca atá
fonn ort a dheanadh atá teachtaireacht agam
chughat. Má tá tu sásta le d' staid mhi-ádh-
mharach; agus má tá fonn ort gan an peacadh
do thréigean, ag caitheamh i n-díagh le h-áith-
righe a dheunadh air leaba do bhaís, agus
maitheamhnus a fhaghail ó Dhía: a deirim leat
go cinnte, nuair a thiocfas an lá san go
n-glaodhfaidh tu air Dhía agus b'fhéidir ná
eisteochaidh Sé leat. Cad deir Día feín
leis an dream a dhiúltuigheann d'á ghrás
ruith a saoghail, ag brath air trócaire a
fhaghail fé dheire? “Do bhrígh gur ghlao-
dhas orraibh,” * deir Sé “agus dhiultui-
gheabhar: shíneas amach mo lámh agus ní raibh
aoinne a thug aire. Tharcaisnigheabhar gach
comhairle liom, agus righneabhar faillighe am'
bhagairt. Deunfad-sa mar an g-céadna,
gáire fé n-bhúr n-donas-sa, agus deunfaidh
me maga fúibh nuair a thiocfas súd orraibh
a raibh eagla agaibh roimhe …
An san glaodhfaidh síad orm agus ní éisteó-
chad-sa leó.”
Acht an dream atá toilinneach casadh air
Dhía le h-áithrighe — leó san a deirim go
bh-fuil Día trócaireach, go bh-fuil Sé fad-
fhulaingeach, agus lán de mhaitheas. Leis an
áithrigheach a deirim mar a dubhairt an fáidh,†
“Má tá do peacaidhe chomh dearg le corcur,
deunfar chomh geal le sneachta íad: má tá
síad chomh dearg le crimson beid síad comh
geal le h-olann.” O! nach breágh, agus nach
compórdamhuil an nídh dho'n pheacach bhocht
gur féidir do párdún a fhághail ó Dhía 'n-a
chorthaibh go léir, is cuma cá mhéid íad.
Bidheadh go bh-fuil a anam cíar-dhubh mar
an ghual, is féidir do bheith glanta níos gile
ná an sneachta; is cuma cad é dúireacht a
chroidhe agus olcas a claontadh, tabharfas
Seanraidhte l. 24, 25, 26, 28.
† Isaiah, l. 18.
Día grása dho chum buadh a fhaghail ortha má
íarrann sé le h-umhalaidheacht agus le duth-
racht é. Feuch air Naomh Peadar do righne a
Mhághistir do sheunadh; Naomh Maire Mag-
delean a bhí na bean mhí-ádhmharaigh; Naomh
Aguistín, an peacach mór; agus lán eile do
iompuig, ó bheith 'na b-peacachaibh uathbhásacha
chum a bheith 'na naomhaibh ghlórmhara.
O! a dhr., ná diúltuighidh anois do ghrása
Dé, ná bídhidh níos sía ag ceusadh Íosa Críost,
agus ag sgaipeadh a choda fola fé n-bhúr
g-cosaibh; caithidh uaibh go bráth bhúr n-droich-
cleachtaidhe, casaidh air Día le croidhé úmhal
agus íarraidh maitheamhnas air, agus deunfaidh
Sé tróchaire orraibh. Má tá bhúr g-croidhe
brúighte síos fé ualach bhúr b-peacadh, má tá
sibh i g-cuibhreach ag an díabhal, taigidh go
d-tí cathaoir an fhaoisidine, agus brisfear
bhúr slabhraidhe agus tógfar an t-ualach díbh.
Taigidh chum bhúr n-athar cheannsa, thrócairigh;
deunaidh faoisidin le 'n a fhear-ionad — an
sagart — agus 'nuair a thógfaidh sésean a
lámh ós bhúr g-ceann tuitfeas cioth fola
Íósa Críost air bhúr n-anam, do glanfar
sibh, agus deunfar sibh níos gile ná an
sneachta.
[Dr. for dearbhráithreacha, brethren, pro-
nounced as if written dritheáracha.
Fé Munster pronunciation of fá,
under; and féigh, or rather féig, for
faoi, under him.>
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11