Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Extract from the History of Edmond O'Cleary.
Title
An Extract from the History of Edmond O'Cleary.
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
(a) Curm ale; Searbh I n-deire, bitter in the end. (b) Achadh an droma (achad, a field; droma, gen. of drom, a mountain ridge). (c) Nead an éin (nead, a nest; éin gen. of eun, a bird). (d) bonn = a groat; ocht m-boinn, 2s. 8½d.; Liath- shúileach, grey-eyed. Sixty years ago a sixpence in Ire- land passed for 6½d., a shilling for 13d., a half-crown for 2s. 8½d.; this was the ocht m-boinn. In Munster this coin was called píosa ocht d-tistiún; the groat was called tistiún there. (e) Bulcán buaidhearta. Bulcan the troublesome. The Dublin Penny Journal, Vol. I., p. 190, says:— “The Irish bulcan, Rutty tells us, was [a whiskey] made from black oats.” (f) Sudhan siashuileach, sudhan or sughán, a sucker, a young pig; some sort of whiskey made of oats; siashui- leach, I do not know. It may be a mistake for fiar- shúileach, of the crooked eyes. D'fhiafruigh a chéile d'Éamonn cread d'eirigh d'a (1) bhuachaill. Do aithris Éamonn di mar do bhí. Ní bh-fhuighidh mé uait (2) go brath an diabhal sin do sheachnadh, agus a fhios agat féin nach baineann aon neach do (3) nach bh-faghann an chuid is measa. Is fíor sin, ar Éamonn, agus is mithid dúinn im- theacht go prab as so, d'eagla é do theacht orrainn, (4) agus ní sa mho (5) díoghbhála do dhéanadh dhuinn. Déanam, ar ise. Do ghluaiseadar an sin, agus ní dheárnadar comhnuidhe go rángadar ros comhchomhthrom Comáin: agus an tráth do shaoileadar fos- longphort na h-oidhce sin do thógbháil ann, cia chídhfidís san taobh thall do'n t-sráid acht Chuirm Searbh i n-deireadh-rud is beag a shaoileadar. Adubhairt an bhean annso: pláigh air an bh-fear úd; bídh do nós an t-salainn, shoir agus shiar, agus i g-Connachta na g-cliar, agus ag O Briain air a chuid. Déanam as so, a Éamoinn, ar si, óir ní h-áit moille dhuinn in aon bhaile leis an diabhal daonna úd. Fíor é, ar Éamonn; agus is baoghlach liom, gi bé air bith áit a sdiúrfam ar seolta, muna m-beidh sinne leis-sean go m-beidh sé-sean linne: air ashon sin seachónamaoid, mar is feárr is féidir linn, é. Ann sin, do thrialladar air a n-aghaidh 'san g-crích, agus do stad an fathach d'á lorgaireacht níos sia ortha: ag meas go saoilfidís a bhráithre, eadhon, Bulcán buaidheartha, agus Súdhan Siashúileach, mac Coirce, garab fearann cloidhimh do thionsgain a dhéanadh do'n (6) fhonn sin (7). Do smuain, fós, go m-budh h-ionnan rún agus inntinn, méin agus aigne, do féin agus dóibh; agus níor bhudh amhrus leis (8) go n-imeóraidís droich bheart díoghaltach éigin air Éamonn agus air a chéile; agus is uime sin do chas air ais go laighnibh, arobáil agus a nochtadh a d-tárla iná bhealach, isiol agus árd, bocht agus saidhbir, óg agus sean, slán no eag- cruaidh: fá chuma leis-sean é; budh h-iasg a g-casfaidhe in a líon. Acht fágamaoid a'déanadh an donais é, mar is gnáth leis, agus casamaoid go h-Eamonn d'fágamar ag teitheadh ó'n n-athach, agus ag triall níos doimhne siar 'san g-cúige. An tan nach bh-facaidh an fathach roimhe nó
'na dhiaigh, do ghlac meisneach, agus mór- mheanmna é, agus d'imtigh gan time, gan toirmeasg go ráinig teórannaibh fearbacha, feóltacha, foraoiseacha, forgacha, feuruaine, chontae liathdroma. Níor chian ann sin dóibh fá'n am (9) a d-tárla Bulcán buaidheartha leó. Do fhear fíor-chaoin fáilte fhriu (10) go báidheamhuil, miochair, muinnteardha, d'á n-iarruidh leis d'á árus féin o bhíodar a duain (11) san tír. A dubhairt ann so an iomchuidheact le h-Éamonn: A Eamoinn, a mhúirnín, ar sí, na freagair an fháilte nó an chuireadh; óir do chualaidh mise tasg agus mío-chlú an mhealltóra so. Is minic, le n-a ainmhian, agus le n-a olc, a chuireas sé d'fiachaibh (12) air lucht eolais, gabhail do (6) mhiodóga, rin- neach[a] rinn-gheura i n-easnacha agus i n- innidhe a céile (13) gan truagh, gan taise, gan trócaire. Maiseadh, go deimhin, ar Bul- cán, má chualaidh tu-sa an tasg sin orm-sa is breug do cualaidh tu orm; agus fág- bhaim-se sin i leit De (14) chómh neamh- chionntach agus dá m-budh uainín caorach é. Air mo bhreithir, creidim, ar Eamónn. Air mo bhréithir-se, ar an bhean, má chreidir é, go bh-fuil tú meallta; óir is duine mal- luighthe míriaghalta é; agus do chídhfidh tú- sa, má bhaineann tú faoi (15), gurab amhla atá. Air n-domhnach feuchfaidh mé leis é ar (16) Eamonn, ag gluaiseacht leis d'á árus. An tán dho cuadhdar- asteach, do fuaradar chómh maith le deichneamhar air fhichid (17) ann air bhinnsidhe glasa cruaidh- luachra; agus bórd do'n adhbhar céadna eadtorra; agus srutháin crustalta coirce air an m-bórd reamhráidhte, iar na d-tim- chiolladh le biolar agus le gleórán. Agus measgán (18) cailcidhe, cneis-gheal le h-ais gach srutháin d'áraibh air an m-bórd céadna; agus an bhuidhean sin ag ithe, ag slugadh, agus ag fuadach an chothaidh sin ó n-a chéile gur chuireadar an t-iomlam de i g-ceal. Do tháinig ann so mar dara cursa bídh chúcha measracha, greanta, gréasda, lucht- mhara, lan-fhairsinge, fá mheadhg bhlasda, mhilis, beoil-thaithnighe; agus miasa móra bán-ghrotha, go na n-urdhail féin ime leó. Do bhí an tromhdaimh so 'a slugadh agus a' slabaireacht an ghrotha agus an ime, agus ag ibhé an mheidhg gur chuireadar droich-chríoch air an iomlán. Do bhí Éamonn, fear mar chách, go gnóthach, doimhin go leór 'san g-círéib. Do bhi bean Eamoinn, an iomchuidheacht, dá bh-feuchain, lán d'iongantus in a nglugai- reacht, agus ina nglagaireacht, agus ina mi-riaghaltacht; agus céud súil chruaidh, agus feuchain ghruadhma aice air Eamonn, nach d-tug silleadh da laghad uirre-si. Do tháinig Bulcán anuas ann so, agus adharc an-mhor ina láimh leis, 's do chuir fáilte roimh na h-uaisle; agus d'iarr ortha abheith go subhach. Ar an leabhar, ar an chuideachta, do bhiadhmaois sugach air do chuid fola. Ar an leabhar céadna, ar Bulcán má nídh sin sugach sibh caithfidh sibh a faghail go roighe an braon deirionnach di, má 'sé bhur d-toil é. Ann sin do chuir Bulcán a chuid fola féin d'á tarruing, agus do thug lán na h-adhairce reamhráidhte fá mhaoil agus fá mhullach do gach aon fá leith le n-a ól di. Agus ní air mhaith leo-san sin (19); acht so an módh air a g-cuireadh, a dhraoidheacht, a gheasa, agus a dholfa, i bh-feidhm, agus i n-éifeacht. Do bhíodar amhla so aimsir imchian, go n-dubhairt aon budh foirse iná an chuid eile, go m-budh mhithid íoc air son a m-beile. Déantar sin ar an t-iomlan. Cia bhias'na thadhg fionn eadrainn (20)? Biadh mise, ar Murchadh O gealbháin. Do losgad go bh-saghaídh tú, a bhodaig: tusa do thadhg fionn, ar Maoghnas Ó Callaráin. Eistidh liam-sa dha focal, ar Fearghal O Coigle. Cad é sin? ar iad-san Atá, ar é-sean, cia bé dhinn is feárr a dhéar- fas Laoi no Imtheacht an Amadáin Mhóir, tosach suidhe agus binnse do bheith aige; agus cia bhé is measa adhéarfas í, íoc an scoit do bheit air. Déanamaoid ar an coimhthionól uile. Agus cia bhias 'na bhreitheamh eadrainn? Biaidh Madam Cleer, ar iad-san d'aon aonta. Do thosuigheadar ann sin air Im- theacht an Amadáin Mhoír go h-órduighthe;
agus níor stad siad go n-dubhairt an duine déigheanach díobh í. Ann sin do fiafruigheadh do'n mhnaoi cia dhíobh air a m-biadh íoc an scoit. A dubhairt sise d'á bh-freagra, dá m-biadh Solamh, Orpheus, agus Cnú Deireoil, eadhon, cruitire Finn Mhic Cumhaill, dhá n-eis- deacht, nach d-tairbheorthaoi bárr seirbhe ná binnis in aon neach díobh seach a chéile. Agus go m-budh díreach an chosamhlacht dóibh Im- theacht an Amadáin Mhoir; agus nár mhó an t-amadán é, 'ná an té budh chríona eatorra sin. Ar lamh — thug tu th'éitheach, amhéirdreach agur a mhadaidh gan náire. Agus ó 'sé sín do cham-bhreith, budh chóir athabhairt ort féin íoc air son an iomláin. Annso do mhion- nuigh gach aon díobh, nach iocfach sé féin aon phingin, agus gurab é is feárr a dubhairt an laoi. Ann so do bhí éitheach agus breug o bheul go beul eatorra, agus bagair agus batalacha. An tráth chonnairc Bulcán 'san imreasán so iad, do mhúch sé na coinnle, eadhon, an chiall. Isann sin d'ionnsuighea dar an bunaidh sin a chéile le paistiona- daighe, agus le steana fada fíor-gheura i m- blaosgaibh loma lán-chruaidhe a chéile. NOTES AND VOCABULARY. (1.) Cread d'éirigh d'á bhuacaill, what befell his servant? Creud d'eirigh dho? What has happened to him? (2.) Ní bh-fuighid mé uait go bráth, I never can get from you, I never can prevail on you; ní bh-Fuighid = ni bh-faghaidh, fut. of fagh, find. (3.) do for Leis, baint leis, to touch him, to meddle with him. (4.) Do theacht orrainn, to come upon us, to surprise us. (5.) Nisa mho = níosmo, more. Ros comhchomhthrom comáin, the level Roscommon. Foslongphort, camp, harbour, tent; here a lodging. Seachónamaoid (in Munster seachaineómaoid), we will shun. (6.) Do'n for de'n of the, and do de. (7.) Fearann cloidhim — do dheanadh do'n (6), fhonn sin, to make sword land, i.e. conquered land of that territory. Fearbacha, kine-feeding (Fearb, a cow). Foraoiseacha, woody (foraois, a forest). Fosgacha, sheltered. (8.) Níor budh amhrus leis, he had no doubt; he was certain. Go n-imeóradaois (in Munster, go n-imireódaois) they would play; they would inflict. Athach or fáthach a giant, o'n n-athach = ó'n athach = o'n bh-fathach. (9) Fá'n am, at the time; when. (10.) Do fhear fíor-chaoin failte, he bade them a kind welcome. Fearadh, literally, to rain; friu = leo, to them. (11.) Aduain. This word occurs twice or thrice in the tale, but spelled differently. It means “strangers,” but I cannot explain it. (12.) Cuireas sé d'fhiacaibh, he compels, he induces; lite- rally, he puts it as a debt. d'fhiachaibh, in Munster, dhiachair: cuirfidh mise dhiachair ort é, I'll make you [do it]. (13.) Miodóg, a long knife, the dagger of the ancient Irish. Gabhail do (de) mhiodóga rinneacha, rinn- gheura i n-asnachaibh 'san-innidhe a cheile; rinneach and rinn-geur are synonymous = sharp-pointed. asnachaibh better asnaidhibh, dat. pl. of asna, a rib. Gabhail de, applied to sharp piercing weapons, with the prep. in before the object; gabhail de sgian, de shleagh &c. ann. Striking weapons, a bullet, stone, &c., take air instead of in; gabhail de pheléir air, to shoot him; de chlocaibh, to stone, &c. (14.) Fágbhaim-si sin i Leith Dé = f. sin daodh Le Dia = a d-taobh le Dia. I leave this to God. The two first forms are spoken in Waterford, and the third is used there by scholars. Taobh le is the expres- sion in the West, i.e. trusting to; having no other [to depend on]. Tá sé taobh leis de chloinn; (daodh Leis in Waterford); he has no other child [to de- pend on]. taobh and leath have the same meaning of side or part. The Rev. Sidney Smith par- doned his enemies, because the more heartily he forgave them, the more they were salted in the next world; such was Bulcan's spirit above; and such it is often with those who use these forms of expression. (15.) Má bhaineann tú faoi = má bhuaileann tú faoi, literally, if you strike under him. Nothing can be plainer to an Irish speaker than this phrase, but it is not so easy to translate it into intelligible Eng- lish: if you meddle with him, attack him, insti- gate him, — but always in a bad sense. (16.) Ar n-Domhnach feuchfaidh mé Leis é, by Sunday I will try him with (at) it. ar n-Domhnach is now n-Domh- nach; just as ar manam is m'anam. (17.) comh maith le deichneamhar air fhichid, as well (many) as thirty. Sruthan, or sruthán, must mean a cake, gleórán, wild angelica, measgán, a lump of butter or the vessel containing it. Cothaidh = coth, food; ceal, concealment; measar. plur. measracha, a piggin; glugaireacht, garrulity, a noise called glug, or glugar; glagaireacht, empty boasting; go roige = go d-ti; maoil, a heap. (18.) Ní air mhaith (mhaithe Waterford) Leo, not for their good: air mhaithe leis féin do dheanann an cat crónán (purring). Mithid, time, high time; Tadhg Fionn, must be the person to collect the scot, or reckoning; madadh a dog; paistionádaighe, I do not know. blaosg or plaosg, a scull, a shell.
Tá leann nach searbh le sealad ag Síobhán, Agus arán-plúir cailce de'n chruithneacht nár phineáil;* Tá faid mo ghlaice in gach gleidire sgadáin, Agus cáirde fada chum aisic gan mhilleán. Comhairle Sheumais do Shiobhán Tá an pobal a' teacht, agus déan do ghnó go cruinn; Cuir síos cailc a n-aghaidh gach mornán díghe; Tabhair dram a's deoch do'n te gheabair cruaidh 'na chroidhe, 'Sná teilg amach an fear gur nós do díol.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services