Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Extract from the History of Edmond O'Cleary.

Title
An Extract from the History of Edmond O'Cleary.
Author(s)
Ó Neachtain, Seághan,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1887
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 36


(a) Curm ale; Searbh I n-deire, bitter in the end.



(b) Achadh an droma (achad, a field; droma, gen. of
drom, a mountain ridge).



(c) Nead an éin (nead, a nest; éin gen. of eun, a bird).



(d) bonn = a groat; ocht m-boinn, 2s. 8½d.; Liath-
shúileach, grey-eyed. Sixty years ago a sixpence in Ire-
land passed for 6½d., a shilling for 13d., a half-crown
for 2s. 8½d.; this was the ocht m-boinn. In Munster
this coin was called píosa ocht d-tistiún; the groat was
called tistiún there.



(e) Bulcán buaidhearta. Bulcan the troublesome.
The Dublin Penny Journal, Vol. I., p. 190, says:— “The
Irish bulcan, Rutty tells us, was [a whiskey] made from
black oats.”



(f) Sudhan siashuileach, sudhan or sughán, a sucker, a
young pig; some sort of whiskey made of oats; siashui-
leach, I do not know. It may be a mistake for fiar-
shúileach, of the crooked eyes.



D'fhiafruigh a chéile d'Éamonn cread d'eirigh
d'a (1) bhuachaill. Do aithris Éamonn di
mar do bhí. Ní bh-fhuighidh mé uait (2) go brath
an diabhal sin do sheachnadh, agus a fhios
agat féin nach baineann aon neach do (3)
nach bh-faghann an chuid is measa. Is fíor
sin, ar Éamonn, agus is mithid dúinn im-
theacht go prab as so, d'eagla é do theacht
orrainn, (4) agus ní sa mho (5) díoghbhála do
dhéanadh dhuinn. Déanam, ar ise. Do
ghluaiseadar an sin, agus ní dheárnadar
comhnuidhe go rángadar ros comhchomhthrom
Comáin: agus an tráth do shaoileadar fos-
longphort na h-oidhce sin do thógbháil ann,
cia chídhfidís san taobh thall do'n t-sráid
acht Chuirm Searbh i n-deireadh-rud is beag a
shaoileadar. Adubhairt an bhean annso:
pláigh air an bh-fear úd; bídh do nós an
t-salainn, shoir agus shiar, agus i g-Connachta
na g-cliar, agus ag O Briain air a chuid.
Déanam as so, a Éamoinn, ar si, óir ní
h-áit moille dhuinn in aon bhaile leis an
diabhal daonna úd. Fíor é, ar Éamonn;
agus is baoghlach liom, gi bé air bith áit a
sdiúrfam ar seolta, muna m-beidh sinne
leis-sean go m-beidh sé-sean linne: air
ashon sin seachónamaoid, mar is feárr is
féidir linn, é. Ann sin, do thrialladar air
a n-aghaidh 'san g-crích, agus do stad an
fathach d'á lorgaireacht níos sia ortha: ag
meas go saoilfidís a bhráithre, eadhon, Bulcán
buaidheartha, agus Súdhan Siashúileach, mac
Coirce, garab fearann cloidhimh do thionsgain
a dhéanadh do'n (6) fhonn sin (7). Do smuain,
fós, go m-budh h-ionnan rún agus inntinn,
méin agus aigne, do féin agus dóibh; agus
níor bhudh amhrus leis (8) go n-imeóraidís
droich bheart díoghaltach éigin air Éamonn
agus air a chéile; agus is uime sin do chas
air ais go laighnibh, arobáil agus a nochtadh
a d-tárla iná bhealach, isiol agus árd, bocht
agus saidhbir, óg agus sean, slán no eag-
cruaidh: fá chuma leis-sean é; budh h-iasg
a g-casfaidhe in a líon. Acht fágamaoid
a'déanadh an donais é, mar is gnáth leis,
agus casamaoid go h-Eamonn d'fágamar
ag teitheadh ó'n n-athach, agus ag triall níos
doimhne siar 'san g-cúige.



An tan nach bh-facaidh an fathach roimhe nó


L. 37


'na dhiaigh, do ghlac meisneach, agus mór-
mheanmna é, agus d'imtigh gan time, gan
toirmeasg go ráinig teórannaibh fearbacha,
feóltacha, foraoiseacha, forgacha, feuruaine,
chontae liathdroma.



Níor chian ann sin dóibh fá'n am (9) a
d-tárla Bulcán buaidheartha leó. Do fhear
fíor-chaoin fáilte fhriu (10) go báidheamhuil,
miochair, muinnteardha, d'á n-iarruidh leis
d'á árus féin o bhíodar a duain (11) san
tír. A dubhairt ann so an iomchuidheact le
h-Éamonn: A Eamoinn, a mhúirnín, ar sí,
na freagair an fháilte nó an chuireadh; óir
do chualaidh mise tasg agus mío-chlú an
mhealltóra so. Is minic, le n-a ainmhian, agus
le n-a olc, a chuireas sé d'fiachaibh (12) air
lucht eolais, gabhail do (6) mhiodóga, rin-
neach[a] rinn-gheura i n-easnacha agus i n-
innidhe a céile (13) gan truagh, gan taise,
gan trócaire. Maiseadh, go deimhin, ar Bul-
cán, má chualaidh tu-sa an tasg sin orm-sa
is breug do cualaidh tu orm; agus fág-
bhaim-se sin i leit De (14) chómh neamh-
chionntach agus dá m-budh uainín caorach é.



Air mo bhreithir, creidim, ar Eamónn.
Air mo bhréithir-se, ar an bhean, má chreidir
é, go bh-fuil tú meallta; óir is duine mal-
luighthe míriaghalta é; agus do chídhfidh tú-
sa, má bhaineann tú faoi (15), gurab amhla
atá. Air n-domhnach feuchfaidh mé leis é
ar (16) Eamonn, ag gluaiseacht leis d'á
árus. An tán dho cuadhdar- asteach, do
fuaradar chómh maith le deichneamhar air
fhichid (17) ann air bhinnsidhe glasa cruaidh-
luachra; agus bórd do'n adhbhar céadna
eadtorra; agus srutháin crustalta coirce
air an m-bórd reamhráidhte, iar na d-tim-
chiolladh le biolar agus le gleórán. Agus
measgán (18) cailcidhe, cneis-gheal le h-ais
gach srutháin d'áraibh air an m-bórd céadna;
agus an bhuidhean sin ag ithe, ag slugadh,
agus ag fuadach an chothaidh sin ó n-a chéile
gur chuireadar an t-iomlam de i g-ceal.



Do tháinig ann so mar dara cursa bídh
chúcha measracha, greanta, gréasda, lucht-
mhara, lan-fhairsinge, fá mheadhg bhlasda,
mhilis, beoil-thaithnighe; agus miasa móra
bán-ghrotha, go na n-urdhail féin ime leó.
Do bhí an tromhdaimh so 'a slugadh agus a'
slabaireacht an ghrotha agus an ime, agus
ag ibhé an mheidhg gur chuireadar droich-chríoch
air an iomlán. Do bhí Éamonn, fear mar
chách, go gnóthach, doimhin go leór 'san g-círéib.
Do bhi bean Eamoinn, an iomchuidheacht, dá
bh-feuchain, lán d'iongantus in a nglugai-
reacht, agus ina nglagaireacht, agus ina
mi-riaghaltacht; agus céud súil chruaidh,
agus feuchain ghruadhma aice air Eamonn,
nach d-tug silleadh da laghad uirre-si.



Do tháinig Bulcán anuas ann so, agus
adharc an-mhor ina láimh leis, 's do chuir fáilte
roimh na h-uaisle; agus d'iarr ortha abheith
go subhach. Ar an leabhar, ar an chuideachta,
do bhiadhmaois sugach air do chuid fola. Ar
an leabhar céadna, ar Bulcán má nídh sin
sugach sibh caithfidh sibh a faghail go roighe an
braon deirionnach di, má 'sé bhur d-toil é.
Ann sin do chuir Bulcán a chuid fola féin
d'á tarruing, agus do thug lán na h-adhairce
reamhráidhte fá mhaoil agus fá mhullach do
gach aon fá leith le n-a ól di. Agus ní air
mhaith leo-san sin (19); acht so an módh air
a g-cuireadh, a dhraoidheacht, a gheasa, agus
a dholfa, i bh-feidhm, agus i n-éifeacht. Do
bhíodar amhla so aimsir imchian, go n-dubhairt
aon budh foirse iná an chuid eile, go m-budh
mhithid íoc air son a m-beile. Déantar sin
ar an t-iomlan. Cia bhias'na thadhg fionn
eadrainn (20)? Biadh mise, ar Murchadh O
gealbháin. Do losgad go bh-saghaídh tú, a
bhodaig: tusa do thadhg fionn, ar Maoghnas
Ó Callaráin. Eistidh liam-sa dha focal, ar
Fearghal O Coigle. Cad é sin? ar iad-san
Atá, ar é-sean, cia bé dhinn is feárr a dhéar-
fas Laoi no Imtheacht an Amadáin Mhóir,
tosach suidhe agus binnse do bheith aige; agus
cia bhé is measa adhéarfas í, íoc an scoit do
bheit air. Déanamaoid ar an coimhthionól
uile. Agus cia bhias 'na bhreitheamh eadrainn?
Biaidh Madam Cleer, ar iad-san d'aon
aonta. Do thosuigheadar ann sin air Im-
theacht an Amadáin Mhoír go h-órduighthe;


L. 38


agus níor stad siad go n-dubhairt an duine
déigheanach díobh í. Ann sin do fiafruigheadh
do'n mhnaoi cia dhíobh air a m-biadh íoc an
scoit. A dubhairt sise d'á bh-freagra, dá
m-biadh Solamh, Orpheus, agus Cnú Deireoil,
eadhon, cruitire Finn Mhic Cumhaill, dhá n-eis-
deacht, nach d-tairbheorthaoi bárr seirbhe ná
binnis in aon neach díobh seach a chéile. Agus
go m-budh díreach an chosamhlacht dóibh Im-
theacht an Amadáin Mhoir; agus nár mhó an
t-amadán é, 'ná an té budh chríona eatorra
sin. Ar lamh — thug tu th'éitheach, amhéirdreach
agur a mhadaidh gan náire. Agus ó 'sé sín
do cham-bhreith, budh chóir athabhairt ort féin
íoc air son an iomláin. Annso do mhion-
nuigh gach aon díobh, nach iocfach sé féin aon
phingin, agus gurab é is feárr a dubhairt
an laoi. Ann so do bhí éitheach agus breug o
bheul go beul eatorra, agus bagair agus
batalacha. An tráth chonnairc Bulcán 'san
imreasán so iad, do mhúch sé na coinnle,
eadhon, an chiall. Isann sin d'ionnsuighea
dar an bunaidh sin a chéile le paistiona-
daighe, agus le steana fada fíor-gheura i m-
blaosgaibh loma lán-chruaidhe a chéile.



NOTES AND VOCABULARY.



(1.) Cread d'éirigh d'á bhuacaill, what befell his servant?
Creud d'eirigh dho? What has happened to him?



(2.) Ní bh-fuighid mé uait go bráth, I never can get from
you, I never can prevail on you; ní bh-Fuighid =
ni bh-faghaidh, fut. of fagh, find.



(3.) do for Leis, baint leis, to touch him, to meddle
with him.



(4.) Do theacht orrainn, to come upon us, to surprise us.



(5.) Nisa mho = níosmo, more.
Ros comhchomhthrom comáin, the level Roscommon.
Foslongphort, camp, harbour, tent; here a lodging.
Seachónamaoid (in Munster seachaineómaoid), we
will shun.



(6.) Do'n for de'n of the, and do de.



(7.) Fearann cloidhim — do dheanadh do'n (6), fhonn sin, to
make sword land, i.e. conquered land of that
territory.
Fearbacha, kine-feeding (Fearb, a cow).
Foraoiseacha, woody (foraois, a forest).
Fosgacha, sheltered.



(8.) Níor budh amhrus leis, he had no doubt; he was
certain.
Go n-imeóradaois (in Munster, go n-imireódaois)
they would play; they would inflict.
Athach or fáthach a giant, o'n n-athach = ó'n athach = o'n
bh-fathach.



(9) Fá'n am, at the time; when.



(10.) Do fhear fíor-chaoin failte, he bade them a kind
welcome. Fearadh, literally, to rain; friu = leo,
to them.



(11.) Aduain. This word occurs twice or thrice in the
tale, but spelled differently. It means “strangers,”
but I cannot explain it.



(12.) Cuireas sé d'fhiacaibh, he compels, he induces; lite-
rally, he puts it as a debt. d'fhiachaibh, in Munster,
dhiachair: cuirfidh mise dhiachair ort é, I'll make
you [do it].



(13.) Miodóg, a long knife, the dagger of the ancient
Irish. Gabhail do (de) mhiodóga rinneacha, rinn-
gheura i n-asnachaibh 'san-innidhe a cheile; rinneach
and rinn-geur are synonymous = sharp-pointed.
asnachaibh better asnaidhibh, dat. pl. of asna, a rib.
Gabhail de, applied to sharp piercing weapons,
with the prep. in before the object; gabhail de
sgian, de shleagh &c. ann. Striking weapons, a
bullet, stone, &c., take air instead of in; gabhail
de pheléir air, to shoot him; de chlocaibh, to
stone, &c.



(14.) Fágbhaim-si sin i Leith Dé = f. sin daodh Le Dia = a
d-taobh le Dia. I leave this to God. The two
first forms are spoken in Waterford, and the third
is used there by scholars. Taobh le is the expres-
sion in the West, i.e. trusting to; having no other
[to depend on]. Tá sé taobh leis de chloinn; (daodh
Leis in Waterford); he has no other child [to de-
pend on]. taobh and leath have the same meaning
of side or part. The Rev. Sidney Smith par-
doned his enemies, because the more heartily he
forgave them, the more they were salted in the
next world; such was Bulcan's spirit above; and
such it is often with those who use these forms of
expression.



(15.) Má bhaineann tú faoi = má bhuaileann tú faoi,
literally, if you strike under him. Nothing can be
plainer to an Irish speaker than this phrase, but
it is not so easy to translate it into intelligible Eng-
lish: if you meddle with him, attack him, insti-
gate him, — but always in a bad sense.



(16.) Ar n-Domhnach feuchfaidh mé Leis é, by Sunday I will
try him with (at) it. ar n-Domhnach is now n-Domh-
nach; just as ar manam is m'anam.



(17.) comh maith le deichneamhar air fhichid, as well (many)
as thirty.
Sruthan, or sruthán, must mean a cake, gleórán,
wild angelica, measgán, a lump of butter or the
vessel containing it. Cothaidh = coth, food; ceal,
concealment; measar. plur. measracha, a piggin;
glugaireacht, garrulity, a noise called glug, or
glugar; glagaireacht, empty boasting; go roige
= go d-ti; maoil, a heap.



(18.) Ní air mhaith (mhaithe Waterford) Leo, not for their
good: air mhaithe leis féin do dheanann an cat
crónán (purring).



Mithid, time, high time; Tadhg Fionn, must be the
person to collect the scot, or reckoning; madadh
a dog; paistionádaighe, I do not know. blaosg
or plaosg, a scull, a shell.


L. 39


Tá leann nach searbh le sealad ag Síobhán,
Agus arán-plúir cailce de'n chruithneacht nár phineáil;*
Tá faid mo ghlaice in gach gleidire sgadáin,
Agus cáirde fada chum aisic gan mhilleán.



Comhairle Sheumais do Shiobhán



Tá an pobal a' teacht, agus déan do ghnó go cruinn;
Cuir síos cailc a n-aghaidh gach mornán díghe;
Tabhair dram a's deoch do'n te gheabair cruaidh 'na
chroidhe,
'Sná teilg amach an fear gur nós do díol.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services