Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Cheatharmhadh Chaibidil ar Fhichid.
Title
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Cheatharmhadh Chaibidil ar Fhichid.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEATHA SHEÁGHAIN MHICHÉIL, ÁIRD- EASPOIG THUAMA. Air n-a sgríobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na Cille Móire i d-Tuaim. (Air leanamhain ó'n Irisleabhar Uimhir 22, l. 296.) An Cheatharmhadh Chaibdil air Fhichid. Ecce Sacerdos magnus. — Eccl. c. 44. Sin Chugaibh, Sagart mór. Budh she so an t-am in a raibh Ard- Easpog MacHeil faoi an g-cáil budh mhó agus budh ionmheasda ameasg muinntire na h-Eireann thrid an domhan mhor, bhi gean agus grád aig a phobul féin air, mar threu- daidh, agus fear Eaglaise; bhi meas aig cléir a fhairche féin air, agus muinighin aca ann; agus aig clainn Crích Fódhla go h-iomlán bhi se faoi chionn agus faoi sheirc cróidhe. D' amharcadar clann Banba go h-uile air, mar d' amharcadar clann Israel air Iosua, no Mhaois. Shaoileadar Éirinnigh air fad — shiad so a bhi a bhaile agus a bhi a g- céin — gur íonan shiad — she féin agus Domhnal Ua Connaill le cheile — agus Maois agus Áron — beirt, a bhi ceapuighthe amach faoi láimh an Tíghearna le áitiughadh agus bun- nughadh fhaghail dóibh, ní i d-tír a bh-fad amuigh acht in a d-tír duthchais féin. Air an taobh eile, do shaoil muintir Sacsania gur namhad dian, dána, danarta, do-shasta she, nar bh'fheidir cothrom air bith a dhéanadh leis, gur b' she féin agus Domhnall Ua Connail, a bhi ag corrughadh agus ag brustughadh an phobuil násiúnda, agus muna go raibh siad 'g a b-poituighadh, ni bheidheadh ins an tír acht
siothchain agus socaireacht mhór. Budh she an t-Ard-Easbog, dubhradar, ádhbhar agus bun- shruth an mhéid gó, agus gleó, agus geuráin a bhi ag ós árd thrid críc Fodlá. Beireann an sgeul no an stáir tá me ag dul le innseacht, taisbeánadh maith air bhar- amhail daoine ameasg na Sacsan, — air an módh do bhreathnuiaghdar air an árd-Easpog — mar bhreathnuigheann shiad a láthair air Árd-Easpog Caisil. Táid anois ag tabhairt molta mhóir do Dhomnal Ua Connail agus do'n Árd-Easpog a bhi mar taca ag cui- deachan leis — acht ní amhlaidh do labhradar orra 'nuair bhidar an bheirt beo. Ó bheul an Árd-Easpoig féin do chualas an sgeul so a leanas. Tamall gearr bliadhanta 'n-eis an ama so bhi an t-ard-Easpog ag déanadh aistire 's an bh-Frainc, do tharla leis a g-ceann de na tighthibh-osta móra árdnósacha, — saoi sibhéulta as chrích na Sacsan. Bhi easpog Chluainfearta agus Ollamh as chollaiste na a-Eireannach a b-Pairis in aoinfheacht leis an Ard-Easpog: bhiadar an triúr ag comhradh le 'chéile in gaodhailge. Bhi aon t-oiltíreach Sacsanach ag eisteacht leo ág caint. Ní raibh fios aige cad shi an teanga in a rabha- dar ag deanadh cainte le cheile. Bhi eolus aige 'nn a bharamhail féin, air Laidin, air Gréigis, air Iotaileach agus Spáineach, air Gearamánach — agus air an teanga in a labhras clann na Russia — níor budh ceann air bith díobh so shí. Dubhairt se leis féin go m-budh teanga iongantach, eugsamhlach shi, 'nuair nár thuig se na briathara. Chuir se ceist orra, agus d'fhiafrruigh faoi nidh aciant, acht thu- gadar freagradh dhó, in a d-teanga duthchais, no táisbeánadh air a lamhaibh air chaoi nár thuigeadar a cheile. An lá 'nn a dhiaigh bhidar ag deanadh aistir — na ceathar fir so — air aon chár air an m-bothar iarrain, agus ag caint air an chaoi céadna mar bhiadar an lá roimhe, agus ar n-dóigh, níor thuig an fear nuadh a ndiu shiad acht oiread a's do thuig se a n-dé shiad, se sin ní raibh eolus aige air aon fhocal amhain d'a dubhradar. Fa dheire do thosuigh an t-ard-Easpog ag leigheadh leabhair a bhi sgriobhtha a sacs- bheurla, agus leis sin chuir an saoi socair so ceist rís air: “Feicim,” ar se “go d-tig leat sacs-beurla leigheadh, agus b'feidir go d-tig leat a thuigsint.” “Och,” ars an t-ard-Easpog, “go dearbhtha tig liom a leigheadh, agus tuigim shi, agus 'na cheann sin labhraim shi.” “Is an-mhaith liom sin” ar se, — agus leis sin do tosuigheadar a' comh- radh le chéile a sacs-bheurla. “Saoilim” ars an Fear gallda “nach Sacsanach thu: “Maiseadh, ní Sacsanach me, go deimhin,” dubhairt an t-Ard-Easpog; — “agus ni Francach thu — no Gearamanach?” Dar go deimhin agus go dearbhtha, ní ceachtar aca so me” ar se. “Dar m'fhocail” ars an Sacsanach, níor chualaidh me a ríamh ó rugadh me fear air bith eile agus she 'na oiltireach a Sacsania, ag labhairt na teanga Sacsanaighe cho maith agus cho dualgach ás labharas tusa shi: Tá iongna orm go d-tig leat a labhairt cho beacht, bearrtha, bríoghmar — a's ta tu — anois 'ga luadh, feárr a's bárr leis an m-blas agus an canamhuint.” Leis sin chuir an t-árd-Easpog ceisteana air an bh-fear a d-taobh Sacsania agus Eireann: “a raibh Eire faoi shith-chain, no a rabhadar muinntir na tíre sin ag ardughadh a g-cinn agus a nglóir,” agus in sin thug an fear freagradh uaidhe; — “go raibh muinntir na h-Eireann sithcháinteach go leor, da leigfidhe dóibh a bheith a sith-cháin, acht bhi aon fhear amhain in a measg a glaoidheadh Doctúr MacHeil air, Árd-Easpog Thuama, agus bhi se sin ag cor- rughadh na n-daoineadh le n-a chuid leitireacha agus a chuid cainte, — faoi féinriaghal agus faoi an meud anró, agus mi-ádha a bhi air bun ins an g-crích chlamparach ud; ni bheidheadh maitheas go deo air dhaoinibh na h-Eireann cho fada a's bhi Seagan MacHeil agus lethid a déanadh gleo.” D'éist an t-Ard-Easpog leis go fonmhar, cho fada a's bhiadar an bheirt le cheile ann aon chár; air éis seal scara- dar ó cheile agus thug a ghnothaidh féin an Sacsanach air bealach eile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services