Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Cheatharmhadh Chaibidil ar Fhichid.

Title
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Ardeaspoig Thuama. An Cheatharmhadh Chaibidil ar Fhichid.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEATHA SHEÁGHAIN MHICHÉIL, ÁIRD-
EASPOIG THUAMA.



Air n-a sgríobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an
athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na
Cille Móire i d-Tuaim.
(Air leanamhain ó'n Irisleabhar Uimhir 22, l. 296.)



An Cheatharmhadh Chaibdil air Fhichid.



Ecce Sacerdos magnus. — Eccl. c. 44.
Sin Chugaibh, Sagart mór.



Budh she so an t-am in a raibh Ard-
Easpog MacHeil faoi an g-cáil budh mhó
agus budh ionmheasda ameasg muinntire na
h-Eireann thrid an domhan mhor, bhi gean
agus grád aig a phobul féin air, mar threu-
daidh, agus fear Eaglaise; bhi meas aig
cléir a fhairche féin air, agus muinighin
aca ann; agus aig clainn Crích Fódhla go
h-iomlán bhi se faoi chionn agus faoi sheirc
cróidhe. D' amharcadar clann Banba go
h-uile air, mar d' amharcadar clann Israel
air Iosua, no Mhaois. Shaoileadar Éirinnigh
air fad — shiad so a bhi a bhaile agus a bhi a g-
céin — gur íonan shiad — she féin agus Domhnal
Ua Connaill le cheile — agus Maois agus
Áron — beirt, a bhi ceapuighthe amach faoi
láimh an Tíghearna le áitiughadh agus bun-
nughadh fhaghail dóibh, ní i d-tír a bh-fad
amuigh acht in a d-tír duthchais féin. Air an
taobh eile, do shaoil muintir Sacsania gur
namhad dian, dána, danarta, do-shasta she,
nar bh'fheidir cothrom air bith a dhéanadh leis,
gur b' she féin agus Domhnall Ua Connail, a
bhi ag corrughadh agus ag brustughadh an
phobuil násiúnda, agus muna go raibh siad
'g a b-poituighadh, ni bheidheadh ins an tír acht


L. 376


siothchain agus socaireacht mhór. Budh she an
t-Ard-Easbog, dubhradar, ádhbhar agus bun-
shruth an mhéid gó, agus gleó, agus geuráin
a bhi ag ós árd thrid críc Fodlá.



Beireann an sgeul no an stáir tá me ag
dul le innseacht, taisbeánadh maith air bhar-
amhail daoine ameasg na Sacsan, — air an
módh do bhreathnuiaghdar air an árd-Easpog
— mar bhreathnuigheann shiad a láthair air
Árd-Easpog Caisil. Táid anois ag tabhairt
molta mhóir do Dhomnal Ua Connail agus
do'n Árd-Easpog a bhi mar taca ag cui-
deachan leis — acht ní amhlaidh do labhradar
orra 'nuair bhidar an bheirt beo. Ó bheul an
Árd-Easpoig féin do chualas an sgeul so
a leanas.



Tamall gearr bliadhanta 'n-eis an ama so
bhi an t-ard-Easpog ag déanadh aistire 's
an bh-Frainc, do tharla leis a g-ceann de
na tighthibh-osta móra árdnósacha, — saoi
sibhéulta as chrích na Sacsan. Bhi easpog
Chluainfearta agus Ollamh as chollaiste na
a-Eireannach a b-Pairis in aoinfheacht leis an
Ard-Easpog: bhiadar an triúr ag comhradh
le 'chéile in gaodhailge. Bhi aon t-oiltíreach
Sacsanach ag eisteacht leo ág caint. Ní
raibh fios aige cad shi an teanga in a rabha-
dar ag deanadh cainte le cheile. Bhi eolus
aige 'nn a bharamhail féin, air Laidin, air
Gréigis, air Iotaileach agus Spáineach, air
Gearamánach — agus air an teanga in a labhras
clann na Russia — níor budh ceann air bith
díobh so shí. Dubhairt se leis féin go m-budh
teanga iongantach, eugsamhlach shi, 'nuair nár
thuig se na briathara. Chuir se ceist orra,
agus d'fhiafrruigh faoi nidh aciant, acht thu-
gadar freagradh dhó, in a d-teanga duthchais,
no táisbeánadh air a lamhaibh air chaoi nár
thuigeadar a cheile. An lá 'nn a dhiaigh
bhidar ag deanadh aistir — na ceathar fir so
— air aon chár air an m-bothar iarrain, agus
ag caint air an chaoi céadna mar bhiadar an
lá roimhe, agus ar n-dóigh, níor thuig an
fear nuadh a ndiu shiad acht oiread a's do
thuig se a n-dé shiad, se sin ní raibh eolus
aige air aon fhocal amhain d'a dubhradar.
Fa dheire do thosuigh an t-ard-Easpog ag
leigheadh leabhair a bhi sgriobhtha a sacs-
bheurla, agus leis sin chuir an saoi socair
so ceist rís air: “Feicim,” ar se “go d-tig
leat sacs-beurla leigheadh, agus b'feidir go
d-tig leat a thuigsint.” “Och,” ars an
t-ard-Easpog, “go dearbhtha tig liom a
leigheadh, agus tuigim shi, agus 'na cheann
sin labhraim shi.” “Is an-mhaith liom sin” ar
se, — agus leis sin do tosuigheadar a' comh-
radh le chéile a sacs-bheurla. “Saoilim” ars
an Fear gallda “nach Sacsanach thu: “Maiseadh,
ní Sacsanach me, go deimhin,” dubhairt an
t-Ard-Easpog; — “agus ni Francach thu —
no Gearamanach?” Dar go deimhin agus go
dearbhtha, ní ceachtar aca so me” ar se.
“Dar m'fhocail” ars an Sacsanach, níor
chualaidh me a ríamh ó rugadh me fear air
bith eile agus she 'na oiltireach a Sacsania,
ag labhairt na teanga Sacsanaighe cho
maith agus cho dualgach ás labharas tusa shi:
Tá iongna orm go d-tig leat a labhairt cho
beacht, bearrtha, bríoghmar — a's ta tu — anois
'ga luadh, feárr a's bárr leis an m-blas
agus an canamhuint.” Leis sin chuir an
t-árd-Easpog ceisteana air an bh-fear a
d-taobh Sacsania agus Eireann: “a raibh
Eire faoi shith-chain, no a rabhadar muinntir
na tíre sin ag ardughadh a g-cinn agus a
nglóir,” agus in sin thug an fear freagradh
uaidhe; — “go raibh muinntir na h-Eireann
sithcháinteach go leor, da leigfidhe dóibh a
bheith a sith-cháin, acht bhi aon fhear amhain in a
measg a glaoidheadh Doctúr MacHeil air,
Árd-Easpog Thuama, agus bhi se sin ag cor-
rughadh na n-daoineadh le n-a chuid leitireacha
agus a chuid cainte, — faoi féinriaghal agus
faoi an meud anró, agus mi-ádha a bhi air
bun ins an g-crích chlamparach ud; ni bheidheadh
maitheas go deo air dhaoinibh na h-Eireann
cho fada a's bhi Seagan MacHeil agus lethid
a déanadh gleo.” D'éist an t-Ard-Easpog
leis go fonmhar, cho fada a's bhiadar an bheirt
le cheile ann aon chár; air éis seal scara-
dar ó cheile agus thug a ghnothaidh féin an
Sacsanach air bealach eile.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services