Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Air Phais agus Bhas Iosa. Air leanamhain.
Title
Air Phais agus Bhas Iosa. Air leanamhain.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AÍR PHAIS AGUS BHAS IOSA. air leanamhain. Do thárla go raibh priosúnach eile ann sin, air ar tugadh Barabbas — beitheamhnach a bhi aig brosdughadh na n-daoineadh chum comhbuai- dheartha i n-aghaidh cumhachda dlisteanaigh na talmhan, robaile nach raibh fgornach na spa- rán duine air bith sábhálta uaidh ó thuitfeadh an oidhche — dunmharbhthoir, a raibh a lamha teith, dearg le fuil an duine deire a mharbh sé. Go masluidheamail thug Piolát an bhi- theamhnach sin agus Íosa amach os chomhair na n-daoineadh. Go masluidheamhail thug se a ro- ghain dóibh fuasgailt a thabhart do' n dunmha- rbhthoir cruthaighthe no do Ughdar na beatha- agus go masluidheamhail agus go h-uáth- bhásach agus go mí-bhuidheach — agus chomhmaith agus da m-beidheadh gan a bheith aca acht aon beul amhain agus aon teanga amhain sgrea- dadar amach le h-aon ghuth amháin, “Tabhair Fuasgailt do Barabbas agus tabhair chugainn Íosa le ceusadh.” Go miobhuidheach, deirim, óir, a dhearbhráithre cia h-iad so a ta aig sgreadadh amach air shon báis Iosa? An daoine coimighthe no coigchriche? Ni h-eadh acht a ghaol agus a mhuinntir Féin. An mhuinntir da'r thaisbean Sé fábhar n'ár thaisbéan Sé do daoine air bith eile. Óir is dóibh a thug Se dlígh le na stiúrughadh 'nuair dó fhag Sé an domhan mór áig lámhfuirt i n-dorchadas an pheacaidh; síad a bhí i n-geibhean air feadh na g-ciantaibh aig obair mar chapaill faoi ghrian agus faoi theas; gur chuir sé a shearbhfhoghantuidhe, Maoise — le fuasgailt a thabhairth dóibh. Agus, nuair nach léigfeadh an tíoránách aig a raibh siad faoi chuing, air siubhal iad,
smacht Sé an tíoránác sin le gach uile shórt plaigh agus galra, gur chuir Sé d' ualach air fuasgailt a thabairt doibh; agus nuair a bhíodar aig imtheacht ó thir na sclabuídheachda do'n tir aoibhinn a bhi geallta dhoibh, agus nach raibh fios an bhealaigh aca, thaisbéan Sé an bó- thar dóibh le pileur teineadh 'san oidhce agus le neul san ló. Nuair a tháinic siad chomh- fada leis an bhfairge agus nach raibh bealach aca le dul treasna, agus bhi an namhaid aig teannadh ortha, chuir Se an pileur teineadh na sheasadh d'a g-cosaint idir iad agus na namhai- dibh an fhad a's bhi Sé aig déanadh bóthair dóibh; d' fhosgail Se suas an fhairrge; chuir Sé na h-uisgeadha 'na seasadh air gach taobh. Leig Sé iadsan treasna le cosaibh tiorma; act, nuair a lean an namhaid iad, asteach go meádhon na fairrge, chuir Sé d'ualac air na h-uisgeadha tidheacht arís i g-ceann a cheile, agus an namhaid a slugadh suas insa doimh- neachd. Arís, nuair a bhi na daoine so aig déanadh a m-bealaigh thrid a bh-fásach agus bhi tart ortha, do fhosgail Sé an charraig le deoch a thabhairt dóibh; 'nuair a bí ocrus ortha, agus nach raibh dadadh le n-itheadh aca, chuir Sé bíadh as ná flaithis chúca. D' orduigh Sé go seasfadh na bróga agus na h-eudaighe a bhi aca aig fágbhail tíre na n- geibhion, air feadh dá fhichid bliadhan 's an bh- fásach agus go meudóchadaois le n'a meud; sgrios sé an namaid a bhac iad air a m- bothar; thug sé seilbh dóibh faoi dheire air an Talamh Naomhtha air a raibh siad aig tarruing agus do chosain sé in sin iad air feadh cianta i saibreas agus i sonas. So iad a dhearbhráithre na daoine a tá anois aig sgreadadh amach aig iarruidh a bhais, agus an íongnadh nuair a chualaidh sé iad go sgreadfadh Se féin amach ó dhoimh- neacht a chroidhe uasail. “Mo pobul féin, mo phobul fein, creud do rinne mé orraibh no ciannus ar chuir me dólás orraibh?” Aig géilleadh go cladhaireach do na h- Iúdaidhe bhí aig béiceadh aig iarruidh fola Iosa thug Piolód cead doibh é sgiursadh. Thug sé cead doibh é thabhairt amach agus a nochtadh os comhair na mílteadh a bhi cruinnighthe ó gach uile thír. A lamha a cheangal taobh shiar de ionnus nach bh-féidfeadh Sé e fein a chosaint — é a cheangail do pheileur a bhi 'sa sráid ionnus nach bh-féadfadh Sé corruighe. Cruin- neadar, in sin, trí fichid fear de na fearaibh budh láidire a bhi aca agus chuireadar sgiúrsa geur, righin fada i laimh gach fir aca, agus chuireadar gach beirt le cheile in a eudan. leis an g-céad bhuille do fheicfeá na sgrobha dearga a fagbhadh air croiceann caomh do Slanuightheora; agus, nuair a leanadar de, do fheicfeá an fhuil aig eirghe uaidhe mar do fheicfeá an t-uisge aig eirghe ó' n eudach le buillidhibh na slise-nígheachain. Faoi chionn sgatha do thosuigh an fheoil d' a bogadh agus aig eirghe ó n-a chnamhaibh, mar d' eirigheadh an t-arbhar o' n súiste, agus níor scuir siad go raibh gach uile fhear aca trom, tuirseach; níor scuir siad gur bhuaileadar cúig míle buille air; níor scuir siad go g-cuirfeadh an t-sráid sráid búistéire a meamhar duit; níor scuir siad go raib gach uile órlach ó bhun a chos go bárr a chinn loighte; go d-ti nach raibh braon fola in a chuislibh na greim feola air a cnamhaibh, agus go raibh gach uile chnámh ni h-é amháin le feicsint acht le comhaireamh aig an te a bheidheadh aig dul an bealach. Agus, 'nuair a sgaoileadar é, thuit Se mion marbh 'sa linn d'a chuid fola féin a bhi cruinnighthe aig bun an philéir. Is le cead agus le h-úghdarrás Phioloid a cuireadh in sa riochd sin É. Agus creud deirfeá leis an m-breitheamh cladhaireach, fuarchraibhtheach sin aig cur fios air uisge go níghfeadh sé a lamha mar sheadh go raib sé neamhciontach? Tabháir uisge chuige a dhibhl- linghe. Tabáir uisge chuige go bh-falfaidh sibh an loch agus go bh-falfaidh sibh an abainn, acht, ní glanfaidh a bh-fuil d'uisge san abhainn, ni glanfaidh uisgide an domhain smal fola De amach d'á lamhaibh ciontach! “Feuch,” deir sé, nuair a chonnairc se go n-deachaidh siad ro fhada; “an fear” — “Feuc an duine” — “Feuch an fear — Feuch an duine!!!” Bhi se 'n a Fhear agus in a fhear deas gan magadh
sul ma bhuail tusa faoi, a bhreithimh cladha- ireach. Bhi sé 'n a dhuine agus in a dhuine sgeimheamhail gan breug sul ma thainic tusa treasna air; acht ní fear anois é acht péiste; ni duine anois é acht aithis na n-daoineadh agus salchar na h-iochdaraighe. Ní fear ná duine anois é acht carnán cnámha brúighte, agus feoil bhriste.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services