Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Air Phais agus Bhas Iosa. Air leanamhain.

Title
Air Phais agus Bhas Iosa. Air leanamhain.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 371


AÍR PHAIS AGUS BHAS IOSA.



air leanamhain.



Do thárla go raibh priosúnach eile ann sin,
air ar tugadh Barabbas — beitheamhnach a bhi
aig brosdughadh na n-daoineadh chum comhbuai-
dheartha i n-aghaidh cumhachda dlisteanaigh na
talmhan, robaile nach raibh fgornach na spa-
rán duine air bith sábhálta uaidh ó thuitfeadh
an oidhche — dunmharbhthoir, a raibh a lamha
teith, dearg le fuil an duine deire a mharbh
sé. Go masluidheamail thug Piolát an bhi-
theamhnach sin agus Íosa amach os chomhair na
n-daoineadh. Go masluidheamhail thug se a ro-
ghain dóibh fuasgailt a thabhart do' n dunmha-
rbhthoir cruthaighthe no do Ughdar na beatha-
agus go masluidheamhail agus go h-uáth-
bhásach agus go mí-bhuidheach — agus chomhmaith
agus da m-beidheadh gan a bheith aca acht aon
beul amhain agus aon teanga amhain sgrea-
dadar amach le h-aon ghuth amháin, “Tabhair
Fuasgailt do Barabbas agus tabhair
chugainn Íosa le ceusadh.”



Go miobhuidheach, deirim, óir, a dhearbhráithre
cia h-iad so a ta aig sgreadadh amach air
shon báis Iosa? An daoine coimighthe no
coigchriche? Ni h-eadh acht a ghaol agus a
mhuinntir Féin. An mhuinntir da'r thaisbean
Sé fábhar n'ár thaisbéan Sé do daoine air
bith eile. Óir is dóibh a thug Se dlígh le na
stiúrughadh 'nuair dó fhag Sé an domhan mór
áig lámhfuirt i n-dorchadas an pheacaidh;
síad a bhí i n-geibhean air feadh na g-ciantaibh
aig obair mar chapaill faoi ghrian agus faoi
theas; gur chuir sé a shearbhfhoghantuidhe,
Maoise — le fuasgailt a thabhairth dóibh.
Agus, nuair nach léigfeadh an tíoránách aig
a raibh siad faoi chuing, air siubhal iad,


L. 372


smacht Sé an tíoránác sin le gach uile shórt
plaigh agus galra, gur chuir Sé d' ualach
air fuasgailt a thabairt doibh; agus nuair a
bhíodar aig imtheacht ó thir na sclabuídheachda
do'n tir aoibhinn a bhi geallta dhoibh, agus nach
raibh fios an bhealaigh aca, thaisbéan Sé an bó-
thar dóibh le pileur teineadh 'san oidhce agus
le neul san ló. Nuair a tháinic siad chomh-
fada leis an bhfairge agus nach raibh bealach
aca le dul treasna, agus bhi an namhaid aig
teannadh ortha, chuir Se an pileur teineadh na
sheasadh d'a g-cosaint idir iad agus na namhai-
dibh an fhad a's bhi Sé aig déanadh bóthair
dóibh; d' fhosgail Se suas an fhairrge; chuir
Sé na h-uisgeadha 'na seasadh air gach taobh.
Leig Sé iadsan treasna le cosaibh tiorma;
act, nuair a lean an namhaid iad, asteach go
meádhon na fairrge, chuir Sé d'ualac air na
h-uisgeadha tidheacht arís i g-ceann a cheile,
agus an namhaid a slugadh suas insa doimh-
neachd. Arís, nuair a bhi na daoine so aig
déanadh a m-bealaigh thrid a bh-fásach agus
bhi tart ortha, do fhosgail Sé an charraig le
deoch a thabhairt dóibh; 'nuair a bí ocrus
ortha, agus nach raibh dadadh le n-itheadh aca,
chuir Sé bíadh as ná flaithis chúca. D'
orduigh Sé go seasfadh na bróga agus na
h-eudaighe a bhi aca aig fágbhail tíre na n-
geibhion, air feadh dá fhichid bliadhan 's an bh-
fásach agus go meudóchadaois le n'a meud;
sgrios sé an namaid a bhac iad air a m-
bothar; thug sé seilbh dóibh faoi dheire air
an Talamh Naomhtha air a raibh siad aig
tarruing agus do chosain sé in sin iad air
feadh cianta i saibreas agus i sonas.



So iad a dhearbhráithre na daoine a tá
anois aig sgreadadh amach aig iarruidh a
bhais, agus an íongnadh nuair a chualaidh sé
iad go sgreadfadh Se féin amach ó dhoimh-
neacht a chroidhe uasail. “Mo pobul féin,
mo phobul fein, creud do rinne mé orraibh
no ciannus ar chuir me dólás orraibh?”



Aig géilleadh go cladhaireach do na h-
Iúdaidhe bhí aig béiceadh aig iarruidh fola Iosa
thug Piolód cead doibh é sgiursadh. Thug sé
cead doibh é thabhairt amach agus a nochtadh os
comhair na mílteadh a bhi cruinnighthe ó gach
uile thír. A lamha a cheangal taobh shiar de
ionnus nach bh-féidfeadh Sé e fein a chosaint —
é a cheangail do pheileur a bhi 'sa sráid
ionnus nach bh-féadfadh Sé corruighe. Cruin-
neadar, in sin, trí fichid fear de na fearaibh
budh láidire a bhi aca agus chuireadar sgiúrsa
geur, righin fada i laimh gach fir aca, agus
chuireadar gach beirt le cheile in a eudan.
leis an g-céad bhuille do fheicfeá na sgrobha
dearga a fagbhadh air croiceann caomh do
Slanuightheora; agus, nuair a leanadar de,
do fheicfeá an fhuil aig eirghe uaidhe mar do
fheicfeá an t-uisge aig eirghe ó' n eudach le
buillidhibh na slise-nígheachain. Faoi chionn
sgatha do thosuigh an fheoil d' a bogadh agus
aig eirghe ó n-a chnamhaibh, mar d' eirigheadh an
t-arbhar o' n súiste, agus níor scuir siad go
raibh gach uile fhear aca trom, tuirseach; níor
scuir siad gur bhuaileadar cúig míle buille
air; níor scuir siad go g-cuirfeadh an
t-sráid sráid búistéire a meamhar duit;
níor scuir siad go raib gach uile órlach ó
bhun a chos go bárr a chinn loighte; go d-ti nach
raibh braon fola in a chuislibh na greim feola
air a cnamhaibh, agus go raibh gach uile chnámh
ni h-é amháin le feicsint acht le comhaireamh
aig an te a bheidheadh aig dul an bealach.
Agus, 'nuair a sgaoileadar é, thuit Se
mion marbh 'sa linn d'a chuid fola féin a
bhi cruinnighthe aig bun an philéir.



Is le cead agus le h-úghdarrás Phioloid a
cuireadh in sa riochd sin É. Agus creud
deirfeá leis an m-breitheamh cladhaireach,
fuarchraibhtheach sin aig cur fios air uisge go
níghfeadh sé a lamha mar sheadh go raib sé
neamhciontach? Tabháir uisge chuige a dhibhl-
linghe. Tabáir uisge chuige go bh-falfaidh sibh
an loch agus go bh-falfaidh sibh an abainn, acht,
ní glanfaidh a bh-fuil d'uisge san abhainn, ni
glanfaidh uisgide an domhain smal fola De
amach d'á lamhaibh ciontach! “Feuch,” deir
sé, nuair a chonnairc se go n-deachaidh siad ro
fhada; “an fear” — “Feuc an duine” —
“Feuch an fear — Feuch an duine!!!” Bhi se
'n a Fhear agus in a fhear deas gan magadh


L. 373


sul ma bhuail tusa faoi, a bhreithimh cladha-
ireach. Bhi sé 'n a dhuine agus in a dhuine
sgeimheamhail gan breug sul ma thainic tusa
treasna air; acht ní fear anois é acht
péiste; ni duine anois é acht aithis
na n-daoineadh agus salchar na h-iochdaraighe.
Ní fear ná duine anois é acht carnán cnámha
brúighte, agus feoil bhriste.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services