Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Trácht air Thomás Láidir Mac Coisdealbha.
Title
Trácht air Thomás Láidir Mac Coisdealbha.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Pléimeann, Seán (Fleming, John)
Composition Date
1886
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TRÁCHT AIR THOMÁS LÁIDIR MAC COISDEALBHA. Le Seaghan Ó Ruaidhri. Thimpeall air míle taobh shiar do bhaile beag Bhealach-a'-doirín i g-condae Mhaigheo tá carn nó tulach mhór do chlochaibh agus d'aol foluighthe le feur agus caonach anois, agus is beagán do dhaoinibh na h-áite ag a bh-fuil fhios gur b'é seo an caisleán do thug an t-ainm “Ciasleán-mór” don áit agus don pharáiste agus gur b' iad na daoine do bhí 'n-a g-comhnuighe ann roimhe so do thug a n-ainm air Bharúntacht Choisdealbhach. In aimsir Chromuill feicthear go raibh a Dubhaltach Mac Coisdealba 'n-a cheann- fart* na h-áite in a thimpeall agus ba mhac dó Tomás Láidir 'bh-fuil mo sceul d'á thaobh. Deirthear air nuair a bhí sé in aois a naoi nó a dheich m-bliadhan go raibh sé chomh láidir le fear, acht go raibh sé n-a ughdar náire* d'á athair mar gheall air an meud a d' itheadh sé. Bhidheadh sé a g-comhnuighe ag ceasacht agus ag clamhasán* air laghad a choda-bidh, i riocht go in-bidheadh na daoine ag déanadh greann 'sa' magadh faoi. Lá breágh foghmhair do bhi an Dubhaltach ag siubhal amuigh air an m-bán ós coinne an chaisleáin agus Tomás óg a' rith le n-a chois. Do thárla ortha ridire nó fear- gaiscidh do bhí siubhal na tíre mar ba ghnáthach an t-am sin ó chaisléan go caisleán Muna bh-fuighfidhe fear ba láidire no ba ghlice in a chuid-gaiscidh b'éigean dó duais airgid d'fhághail agus dídean le tamall in sa' g-caisleán. Bheannuigh sé don tighearna agus d'innis a ghnothuighe.(a) Dubhairt an Dubhaltach go raibh a mhuinntir air an b- portach ag tarraing móna a bhaile acht go m-béidís a m-baile gan mhoill.(b) Bhí dhá shúil an mhalraigh* sáithte sa' ngaiscidheach i riocht gur bhreathnuigh an t-athair é agus dubhairt: “A Thomáis a m-bainfeá cor as?” “Do bhainfinn” ar Tomás “dá bh-fuighinn mo sháith le n-a ithe.” “An íosá an capall sin?” ar san t-athair ag breathnughadh capaill a bhí aig inghilt air an bh-faithche agus searrach le n-a cois. “Ni'l fhios agam” dubhairt Tomás “an íosainn an capall mór, acht d'íosainn an capall beag!” Rinne an t-athair gáire agus thug sé an bheirt leis isteach in a chaisleán agus chuir sé iad le chéile in eudan proinne* na bh- fear oibre a bhí leagtha amach go fial, fair- sing air bhord mór. D'ith Tomás agus an fear eile ceann as fiche cearca fraoich gan áireamh air an meud aráin do chaitheadar. Chuadar amach ann sin agus cuireadh ag coruigheacht* iad. Bhí crios mór leathair faoi lár gach laoich aca le greim fhághail air. Don cheud fháscadh thug Tomás phleusc sé a chrios féin agus ann sin ba bheag nár mharbh sé an ridire bocht acht go n-deachaidh an sean-tighearna eatartha. Bhí asna nó dhó briste ag an bh-fear-siubhail agus dubhairt sé le Mac Coisdealbha aire mhaith do thabhairt don gharsún sin inar nach m-beidheadh a shamhail le faghail in Éirinn. Tá mórán sceulta eile taobh óige Thomáis Láidir imeasc na sean-daoineadh. Deirthear gur tharraing sé capall an tighearna Diolúin as láthaigh agus é ag teacht lá n-ann ó'n scoil. Lá eile fuagradh dhó agus é air scoil i Mainistir an Urláir go raibh na Gaill .i. cuid do mhuintir Chromuill, a' seoladh bá na tíre síos go condae Liatroma. Dheifrigh sé a bhaile é féin 'sa chomhdhaltaidh agus leanadar lorg an chreachta* go rugadar air an námhaid air bhord locha Ui Ghadhra. Ní raibh d'arm ag Tomás acht crann óg do tharraing sé ó fhréimh san g-coill. Do thuit sé ortha leis an g-crann-fuinseoige é féin sa chuideachta. Do marbhadh na Gaill in a g-ceudtaibh agus báitheadh cuid eile dhíobh in
sa' loch, acht thiomáin Tomás a's a mhuinntir na bá a bhaile arís leo. Nuair a bhi se thimpeall air fhichid bliadhan d'aois thug sé grádh d' “Úna Bháin” ní Dhia- rmada, inghean Mhic Dhiarmada na Carraige tighearna Mhaigh-Loirg san am sin. Ní raibh in Éirinn bunadh* ba h-uaibhrighe ná ba dhíomasaighe 'na clann Diarmada, agus ní bh-fuigheadh Mac Coisdealbha an inghean mar gheall air an sceul suarach úd do chuaidh amach air taobh na g-coileach bh-fraoich. Chuaidh sé go minic d'a h-iarraidh air a h- athair go Caisleán na Carraige* acht gan foghnamh air. Lá áirighthe tugadh sceula go raibh muinntir Chromuill a' teacht agus do chruinnigh uachtaráin Ghaedhealacha na tíre i g-caisleán mhic Dhiarmada le comhairle do ghlacadh creud do b' fhearr le déanadh. Sí an chomhairle air ar chinneadar troid do déanadh leis na Gallaibh — mar ba dhual as ba chóir. Acht don chruinniughadh so ní bh-fuair an Coisdealbhach cuireadh air bith mar gheall air Úna Báin, agus is mór do ghoill an masla sin air. Cuma air bith ní raibh aon smuai- neadh ní b'fhaide ón a chroide 'ná fanamhain air g-cúl ó'n g-cath. Sí an áit a rinne na Gaedhil seasamh ag cois an Choirrsléibhe atá 'n-a theorainn idir chondae Roscomáin agus Condae Shligigh. Lá an chomhraic do ghluais Tomás óg leis a' marcuigheacht air an stail bháin, an t-aon each amháin d'á raibh in a sheilbh do bhi oireamhanta le n-a iomchur, agus a chuid fear 'n-a dhiaidh. Do chuireadar iad féin i bh-folach air charaid 'sair námhaid in sa' bh-fraoch agus imeasc na d-tom air thaobh an t-sléibhe. Thángadar na Sasanaigh aníos gan mhoill agus do thoisigh an troid. Do bhris marcshluagh na námhad tré lár clanna nGaedheal agus cia dian dásachtach do sheasadar in aghaidh na nGall ba bhaogh- alach don námhaid buaidh d'fhághail. Is ann sin do léim muinntir Mic Coisdealbha in a seasamh agus d'aon shéideoig amháin ó adhairc Tomáis óig, síos an chnoic leo mar thuile- sléibhe, a g-cuid tuadh in áirde agus a' blaoidheach* ós árd a ngáir-catha “Lámh láidir abú!” Do bhriseadar isteach d'aon taobh imeasc na nGall idir fhearaibh agus capallaibh go ndeárnadar coscar uathbhásach eatartha. Do thárla air Toirdhealbhach óg Mac Diarmada bheith air lár agus an ceann-feadhna Sasanach ós a chionn a' claonadh síos ón díollaid aig iarraidh sáthadh claidhimh do thabhairt dó, nuair a tháinic Tomás anuas air an oifigeach Gall- da, agus d'aon bhuille tuaidhe deirthear gur scoilt sé síos é go druim an chapaill, agus leis an bh-fuinneamh* do bhí san m-buille milteach sin gur cuireadh capall an t- Sasanaigh air a dha ghlúin. 'Na dhiaidh so chuaidh an lá in aghaidh na nGall agus d' imthígheadar air teitheamh an meud a d'fheud díobh. Agus anois do cuireadh fáilte agus fiche roimh an g-Coisdealbhach agur tugadh buidhe- achas mór dhó faoi 'n g-cúngnamh 's faoi 'n g-cobhair do thug sé sa' g-cruadhóig, agus do shaoil a lán go ndéanfaidhe cáirdeas agus carthanas anois idir é féin agus Clainn Diarmada. Acht ní raibh sin i n- dán dó. Ní bhrisfeadh Mac Diarmada an focal do thug sé in aghaidh cleamhnais a inghine agus Thomáis. Lá d'a raibh Tomás air cuairt aige d'iarr sé í air agus dubhairt: “A Mhic Dhiarmada, is minic agus is fada mé i ndiaidh t-inghine, is iomdha dearbhadh do thugas air mo ghrádh dhí, is maith atá fhios agad go mbéidh gach seun agus sonas airthi am' fhochair-se. Muna bh-fuighidh mé anocht uait í déanfaidh tú aimhleas t-inghine agus m' aimhleas-sa — ni thiucfaidh mé air m'ais choidhche go Caisleán na Carraige agus cuma
liom a n-imtheochaidh orm!” D'iarr Toirdh- ealbhach óg a tabhairt dó agus léig Úna Bhán í fém air a glúinibh roimh a h-athair, acht ní raibh maith ann. D'imthigh sé leis agus shnámh sé an loch air an each bán go d-táinic i d-tír agus a chomhdhalta leis. Acht ba deacair dhó a rún do choimeud agus is fada do bhí sé dul soir agus siar san loch ag súil le cuireadh d' fhághail filleadh air ais ón g-Caisleán. Nuair thángadar fa dheoidh go bruach an locha ba scannradh leis an g-Coisdealbhach a stail bhreagh d'fheicsin air crith agus é ag léigean fola tré mar chongbhuigh a mharcach é chomh fada sin 'na sheasamh san uisce. Is ann sin dubhairt an comhdhalta gur ba náireach dó é féin 'sa chapall do chur in san g-cruth sin air son mná san domhan, agus thiomáineadar rómpa. Ní luaithe a bhíodar air talamh thirim 'ná mhothuigheadar* adharc d'á séideadh agus ag amharc air a n-ais dóibh do chonnairc siad brat bán air n-a thogbháil os cionn an Chaisleáin mar chomhartha do theacht air ais. Acht tháinic an comhartha go ró mhall, óir bhí fíor-rún ag an g-Coisde- albhach anois gan casadh go deo. Nír bhris se a fhocal agus nír fhill sé coidhche. Tamall tar a éis so fuair Úna Bhán bás le briseadh croidhe agus cuireadh í le n-a muintir in Oileán na Reilige i lár an locha. Mar gheall go raibh Tomás 'n a thighearna air a mhuintir féin agus an aimsir go triob- lóideach, athchrannach, b'éigean dó pósadh do dhéanadh, agus phós sé inghean Ui Ruairc Bhréifne. Fuair sé crodh mór le n-a mhnaoi acht ba leur do gach duine 'n a thimpeall go raibh a chroidhe in 'san uaigh le h-Úna Bháin. Tugadh an bhainis i g-caisleán Droma-dá- Éithear i d-tigh a athar-cliamhna. Do rinneadh fleadh mhór dhó agus bhí go leor ceoil as aoibhnis air siubhal chum an buaidhreadh agus an lionndubh do thógbháil dé. Lá air n-a mhárach agus é in a mhaidin bhreagh earraigh(c) thug an Ruarcach amach faoi na cnocaibh é ag taisbeunadh a choda-eallaigh dhó. D'fhiafruigh sé do Thomás cad í a bharamhail air an meud sin do chaorachaibh. D'fhreagair Mac Coisdealbha “Is breagh an scata caorach iad” ar sé. “Is leat-sa iad sin” dubhairt O Ruairc. Tharraing an Coisdealbhach trom- osna ó n-a chroidhe aníos agus dubhairt “Is fial, flaitheamhail an spré sin” ar seisean “acht b'fheárr liom féin aon uan amhám (Una Bhán) 'ná an meud sin uile.” Tháinic Tomás a bhaile agus nír b' fhada gur bhreathnuigh a bhean gur ghnáthach leis eulodh amach uaithe san oidhche agus go m- bidheadh an t-each bán fliuch agus tuirseach air maidin, acht nír h-innseadh d'aonduine é. Fa dheireadh maidin áirighthe ní raibh Mac Coisdealbha le fághail san m-baile, agus nuair a cuireadh an tóir 'na dhiaidh do lean an comhdhalta lorg an eich síos go loch Cé. Fuaradh Tomás Láidir air n-a shíneadh marbh ós cionn leice-uaighe Una báine agus an t-each bán 'na sheasamh le n-a ais. Do h-adhlacadh le n-a taobh é agus tá dhá thor* ag fás anois as gach uaimh díobh acht tá siad casta, deilbhthe in a chéile i riocht go bh-fei- cthear nach bh-fuil ionnta acht aon tor amháin. Agus d'á fhad an turas a dhéanas an t-oilithreach óg gus an áit sin, ní bhudh olc leis é (d) nuair a bheidheas 'na sheasamh la breágh samhraidh os cionn na h-uaimhe i lár locha Cé mar a luigheann Tomás Láidir Mac Coisdealbha agus Una Bán ní Dhiarmada.* S.Ó R.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services